Faraor, Céad Slán leat, a Alan

 

Istigh sa gcoirnéal ag déanamh ruathair ar dheis is ar chlé, ag iarraidh spás a chruthú dhó féin. Ansin, isteach leis an liathróid íseal chuige. Amach leis go beo lena chur faoina smacht, casadh beag sciobthaí, an cloigeann síos agus ruathar i dreo an chúil. Báite san eangach! Is mar sin a bheidh cuimhne ag lucht Chnoc 16 ar Alan Brogan go deo. Bhí sé ina phrionsa againn. Duine de na himreoirí is fearr a d’imir leis na Dubs riamh. Aireoidh muid uainn go mór é.

Alan-Brogan-2011-Player-of-the-Year

As Ciarraí a mháthair agus ball de Arm Heffo a athair. Bhí bua na peile go smior ann. Nuair a bhreathnaítear siar ar an tréimhse 2002 go dtí 2015 i stair pheil Átha Cliath tiocfaidh ainm Alan aníos arís is arís eile agus ní haon iontas é. Sárpheileadóir a bhí (agus atá) ann. Captaen 2008. Imreoir na bliana 2011. Gradaim ollréalta bronnta air sna na blianta 2006, 2007 agus 2011. Insíonn sé sin a scéal féin. D’imir sé 70 cluiche craoibhe leis na Dubs agus scóráil sé 11-134 agus níl cuimhne ar oiread is droch-chluiche amháin aige. D’fhéadfá brath air i gcónaí. Laoch sin againne!

In ainneoin go rabhthas ag súil leis an scéal go n-éireodh sé as tháinig sé aniar aduaidh orainn, mar sin féin. D’fheil an ról a bhí aige, ag teacht isteach ón mbinse sa gceathrú deireanach, go mór dó agus d’fhéadfadh sé an ról céanna a imirt go ceann cúpla blain eile dá mba mhian leis.

AB2

Nuair a tháinig sé isteach chun páirce sa gceathrú deireanach san athimirt in aghaidh Mhaigh Eo las sé suas Páirc an Chrócaigh agus bhí tionchar ollmhór aige ar an gcluiche, díreach mar a bhí aige in aghaidh Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann. Bhreathnaigh sé maorga agus bhreathnaigh sé ar nós peileadóra a bhí fós sna fichidí agus, de réir gach tuairisce, d’fhág Jim Gavin an doras ar oscailt dó filleadh ar an bpainéal. Ní chuireann sé sin iontas orainn – na Dubs.

D’éirigh sé as le díriú ar a chlann agus cé a thógfadh air é? Mar a deir Joe Brolly linn go minic, ní cluiche é do fhir sna tríochaidí é níos mó agus, dar ndóigh, níl mórán imreoirí fágtha againn atá ag imirt na gcluichí Gaelacha ag an aois sin faoi mar a bhíodh fadó. Eisceacht a bhí i gcás Alan Brogan.

AB1

Níl amhras ar bith ann, mar a bheadh amhlaidh faoi imreoir maith ar bith eile, gurbh fhearr leis níos mó ama a bheith aige ar an bpáirc ina chuid cluichí deireanacha leis na Dubs. Mar sin féin, ní dhéanfar dearmad riamh ar an gcúilín álainn gleoite cinniúnach a scóráil sé i gcluiche ceannais na hÉireann 2015 agus é réidh leis an stáitse a fhágáil. Bhí seans ag Ciarraí ar chúl. Níor scóráil siad é. Rug James McCarthy seilbh ar an liathróid, thug pas amach do Alan ar líne 21 na Dubs. D’iompaigh sé leis an liathóid amach. Thug pas láimhe dhá dheartháir, Bernard. Thug sé ar ais dó í agus ar aghaidh leis 40 slat eile go bhfuair sé radharc ar na postaí gar dho líne 21 slat Chiarraí. Bhí cinneadh le déanamh aige agus chuir sé thar an trasnán í. Bhí muid ceithre chúilín chun tosaigh. Bhí sé againn – ach ní raibh ag teastáil anois ach foighid agus féinsmacht! An cúilín ‘árachais’ scóráilte ag ár laoch Alan agus muid ag druidim i dteo am breise. An mbeidh a leithéid dho pheileadóir againn arís? An raibh aoinne, in áit ar bith sa tír, chomh cruinn céanna leis.

18 September 2011; Dublin's Bernard Brogan, left, and Alan Brogan celebrate after the game. GAA Football All-Ireland Senior Championship Final, Kerry v Dublin, Croke Park, Dublin. Picture credit: Ray McManus / SPORTSFILE

Nuair a séideadh an fheadóg ag deireadh an chluiche bhí ceiliúradh iontach ann nuair a thainig na himreoirí uilig le chéile i lár na páirce. Leag an Dub áirithe seo suntas ar leith ar Alan ag an bpointe sin, áfach, nuair a bhris sé amach ón gceiliúradh agus nuair a rith sé i dtreo an Chnoic de léim. Bhí barúil mhaith agam go raibh a phort casta aige. Bhí sé réidh leis an stáitse a fhágáil don uair dheireanach agus bhí a dheireadh feicthe againn de Alan Brogan. Bímis buíoch go raibh Alan ag imirt linn. Ní bheidh a leithéid arís againn – Prionsa an Chnoic.

Na buaicphointí

Craobh uile-Éireann faoi 21 – 2003 Captaen ar Fhoireann Átha Cliath – 2008 Craobh Laighean – 2002, 2005, 2006, 2007, 2008, 2009, 2011, 2012, 2013, 2014, 2015 Sraith Naisiúnta – 2013, 2014, 2015 Craobh na hÉireann – 2011, 2013, 2015

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s