Craobh Chorn Uí Bhroin – Deich Rud Mhaithe Fúithi

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn in athuair – mí Eanáir – agus ní bhíonn ach rud amháin ar intinn acu siúd nach féidir leo a ndóthain a fháil de fhoireann peile Átha Cliath. Sea, Craobh Chorn Uí Bhroin nó an O’ Byrne Cup. Táthar ann, agus cuid mhór mhaith acu, a cheapann nach bhfuil aon todhchaí i ndán do na comórtais réamhshraithe seo agus gur cheart fáil réidh leo le spás a fhágáil do athstruchtúrú ár gcluichí. Ní aontódh an Dub áirithe seo a bheag nó a mhór leo, áfach, agus tabharfaidh mé deich gcúis mhaithe anseo daoibh ar an bhfáth ar comórtas iontach é Craobh Chorn Uí Bhroin. Tá tábhacht agus gá leis an gcomórtas seo.

  1. Páirc Pharnell – Baile Spioradálta CLG Átha Cliath

Is beag seans a bhíonn ag foireann peile Átha Cliath imirt i bPáirc Pharnell a thuilleadh, de bharr go bhfuil éileamh rómhór ar chluichí sraithe na Dubs. Dá bharr sin, is deas an rud é foireann na hardchathrach a fheiceáil ag imirt ina mbaile féin agus go háirithe nuair a bhíonn slua mór ann. Cuimhním, ach go háirithe, ar chluiche ceannais Chraobh Chorn Uí Bhroin in aghaidh Chill Dara sa mbliain 2013, nuair a bhí Pairc Pharnell lán go doras. An-chluiche a bhí ann agus theastaigh am breise ó Chill Dara lena bhuachan. Bhí an-atmaisféar ann agus chuir an dá fhoireann sárthaispeántas i láthair an tslua sa Neller.

Is iontach an radharc é, fréisin, gasúir óga ag pocáil sliotair nó ag ciceáil liathróide ar an bpáirc ag leatham agus na himreoirí istigh sna seomraí feistis. Is minic a fhaigheann siad seans a leithéid a dhéanamh le linn Chraobh Chorn Uí Bhroin. Bíonn seans ag na gasúir óga seo bualadh lena gcuid laochra ar an bpáirc ag deireadh an chluiche, chomh maith. Tá a leithéid seo ag croílár aidhmeanna Chumann Lúthchleas Gael.

Donnycarney

  1. Ar an mbóthar linn!

Táthar ann a bhíonn ag clamhsán go mbíonn i bhfad an iomarca cluichí ag na Dubs ‘sa mbaile’ ach rud nach dtuigeann go leor acu ná gur maith le lucht leanta na Dubs taisteal. Le roinnt blianta anuas bhí laethanta maithe againn i gCraobh Chorn Uí Bhroin sa Mhuileann gCearr, i gCeatharlach, i nDroichead Átha, san Uaimh agus sa Droichead Nua agus tá turas go Ros Mhic Threoin ar na bacáin. Is maith linn taisteal chuig staideanna eile ar fud na tíre agus tugann an comórtas seo seans dúinn é sin a dhéanamh.

  1. Deis Réaltaí Móra Átha Cliath a Fheiceáil in Athuair

Ceaptar go forleathan gur comórtas í Craobh Chorn Uí Bhroin do imreoirí óga agus do imreoirí eile atá ar imeall na foirne. Tá sé seo fíor go pointe (mar a léifidh sibh ar ball) ach ní ina iomláine. I measc na n-imreoirí a d’imir sa gcomórtas seo le ceithre bliana anuas tá Cian O’Sullivan, Mick Fitzsimons, Ger Brennan, Mick McCauley, Eamon Fennell, Bryan Cullen, Alan Brogan, Barry Cahill, Diarmuid Connolly, Paddy Andrews, Jack McCaffrey, Bernard Brogan, Rory O’ Carroll, Eoghan O’ Gara, Kevin McManamon, Dean Rock, Cormac Costello, Denis Batsick agus Jonny Cooper. Tá boinn uile-Éireann i bpócaí na n-imreoirí sin uilig agus tá cuid acu i measc na n-imreoirí is fearr sa tír. Ní fhéadfadh aoinne a rá nárbh fhiú airgead a íoc lena leithéidí a fheiceáil ag imirt!

kevin-mcmanamon-with-mickey-burke-390x285 www.the42.ie

  1. Deis Imreoirí Óga agus Imreoirí Nua a Fheiceáil

Cuirtear meascán de imreoirí atá thart le fada agus imreoirí óga nua chun páirce sa gcomórtas seo – rud a thugann deis don bhainistíocht na himreoirí óga a shníomh isteach sa bhfoireann ar bhealach nádúrtha agus éasca. Is i gCraobh Chorn Uí Bhroin a thosaíonn formhór na n-imreoirí amach a imríonn le foireann Átha Cliath. Tugann sí deis mhaith dho Jim Gavin breathnú ar imreoirí nua. Tá sé seo fíorthábhachtach do thodhchaí na foirne agus an phainéil.

  1. Trí Chluiche, ar a Laghad, i Mí Eanáir

An rud is fearr liom faoi Chraobh Chorn Uí Bhroin ná go mbíonn cluichí leanúnacha ann le linn an chomórtais. Anuraidh, d’imir na Dubs 21 cluiche ar fad thar 9 mí – 5 cinn acu i mí Eanáir, 9 gcinn sa tSraith Naisiúnta thar 3 mhí agus 7 gcinn thar 4 mhí sa samhradh. D’imir siad an ceathrú cuid dá gcuid cluichí i gCraobh Chorn Uí Bhroin in aon mhí amháin! Bhí muid millte le cluichí! Imríodh 16 cluiche eile thar 8 mí! Ní bhíonn mórán cluichí ag na foirne idirchontae i gcomparáid le cluichí eile agus tugann an comórtas seo seans don lucht tacaíochta roinnt mhaith cluichí a fheiceáil in achar gairid.

  1. Níl an tSraith Naisiúnta i bhFad Uainn…

Le theacht Chraobh Chorn Uí Bhroin bíonn a fhios againn go bhfuil an tSraith Naisiúnta thimpeall an choirnéil agus de réir mar a théann an comórtas ar aghaidh neartaítear an fhoireann agus leathshúil ag an bhfoireann bainistíochta ar an tsraith. Ní minic a bhíonn níos mó ná 3 nó 4 cinn de athruithe idir an fhoireann a chríochnaíonn Craobh Chorn Uí Bhroin agus an fhoireann a thosaíonn ag tús na Sraithe Náisiúnta.

  1. ‘Briogáid na mBodhrán’

Bíonn lucht tacaíochta fíordhílis na bhfoirne idirchontae ag na cluichí réamhshraithe seo agus cruthaíonn ‘Bríogáid na mBodhrán’ an-atmaisféar ag cluichí de chuid na Dubs. Bíonn Briogáid seo na mBodhrán le feiceáil i gcónaí ag seasamh taobh thiar den chúl ag cruthú a gCnoic féin. Is cuma cén sort aimsire a bhíonn ann, nó, más slua beag nó más slua mór a bhíonn ag na cluichí, bíonn gleo le cloisteáil ón dream seo i gcónaí. Nár laga Dia iad!

Bodhrán Players

  1. Ciste Gortuithe na nImreoirí

Téann chuile cent a bhailítear ag an ngeata chun sochair Chiste Gortuithe na nImreoirí. Is amaitéaraigh iad na himreoirí, dar ndóigh, agus ba cheart dúinn tacú leo siúd a ghortaítear agus iad ag imirt. Tugann Craobh Chorn Uí Bhroin deis dúinn tacaíocht a chur ar fáil dóibh. Tá mé cinnte go bhfuil na contaetha eile i gcúige Laighean buíoch den airgead mór a eascraíonn as cluichí na Dubs ach go háirithe! Téann an t-airgead a bhailítear ag cluichí i gCraobh Chorn an Bhreathnaigh (The Walsh Cup) sa gciste céanna. Is scéim í seo de chuid Chomhairle Laighean i gcomhar le hurraithe na gcomórtas – Bord na Móna.

  1. An Feitheamh Fada

In ainneoin go bhfuil Craobhchomórtais na gCumann ann bíonn sé an-deacair gabháil ó dheireadh mhí Mhean Fómhair go dtí tús mhí Eanáir gan pheil idirchontae a fheiceáil. Bíonn muid dímhaoin. Bíonn muid mífhoighneach. Bíonn muid caillte. Ansin, cuirtear tús le Craobh Chorn Uí Bhroin agus bíonn muid sona sásta arís! Níl i gCraobh Chorn Uí Bhroin ach blaisín beag den mhéid atá amach romhainn sa mbliain – ach blaisín a theastaíonn uainn, mar sin féin.

  1. Deis Imeartha Tar Éis Filleadh ó Ghortuithe

Tugann Craobh Chorn Uí Bhroin deis mhaith do imreoirí atá ag filleadh ó ghortuithe teacht ar ais agus neart ama a chaitheamh ar an bpáirc imeartha. Tugann sé deis don bhainisteoir imreoirí a éascú ar ais agus tugann sé deis do na himreoirí obair ar a gcuid aclaíochta. Tá mé cinnte go bhfuil na himreoirí áirithe sin buíoch den chomórtas seo.

 

Tagaigí amach agus tacaigí lenár laochra. Na Dubs Abú! Beirimis bua i gCraobh Chorn Uí Bhroin 2016!

Advertisements

2 thoughts on “Craobh Chorn Uí Bhroin – Deich Rud Mhaithe Fúithi

  1. Maith thú a mhic. Beidh mé réidh le dian anailís a dhéanamh ar do thuairimí, ach go háirite san iomáint.
    Seo í an cheist; le himeacht Danny Sutcliff agus le meán aois na foirne ag ardú, an bhfuil seans dá laghad againn Liam a bhreith ar ais chuig an Ardchathair sna 5 blhiain romhainn?

    Molta ag 1 person

  2. Cuirfear fáilte roimh an anailís agus roimh na ceisteanna, a Lorcáin. Maidir le cúrsaí iománaíochta, áfach, tá mé ag ceapadh go mbeidh mé ag foghlaim de réir a chéile. Ní bheinn chomh heolach céanna uirthi is a bheinn ar chúrsaí peile. Tabhair seachtain dhom le freagra suntasach a athabhairt ar do cheist!

    Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s