Loch Garman 2-06 Áth Cliath 0-12

Loch Garman 2-06 Áth Cliath 0-12

Páirc Naomh Pádraig, Inis Córthaidh, 3/01/16

Tá muid tosaithe. Tar éis briseadh fada de os cionn trí mhí tá an séasúr idirchontae CLG faoi lánseol arís. Inné, Dé Domhnaigh, 3 Eanáir, 2016 thug na Dubs aghaidh ar Loch Garman i gCraobh Chorn Uí Bhroin ar Pháirc Naomh Pádraig in Inis Córthaidh. Bhí sé iontach bheith amuigh ag breathnú ar fhoireann peile na Dubs arís in ainneoin na gaoithe láidre, a raibh tionchar mór aici ar an gcluiche. Cluiche é seo ar cheart dúinn a bhuachan i ndáiríre ach, mar sin féin, bhí muid sásta imeacht abhaile agus gan é a bheith caillte againn!

An Chéad Leath

Bhí sé soiléir tar éis an chéad chúpla nóiméad go mbeadh tionchar ollmhór ag an ngaoth ar an gcluiche. Bhí an ghaoth leis na Carmanaigh sa gcéad leath agus, le cúnamh uaithi, chuaigh siad isteach ag leatham seacht gcúilín chun tosaigh. Bhí tús spleodrach acu agus taobh istigh de 12 nóiméad bhí siad 2-01 go dtí 0-01 chun tosaigh. Tháinig a gcéad scór tar éis 8 nóiméad nuair a scóráil Adrian Flynn cúl dóibh.

Ansin sa 11ú nóiméad tugadh cic éirice do fhoireann Átha Cliath agus tugadh cárta dubh do Glenn Malone. Thóg Dean Rock an cic éirice ach chiceáil sé róbhog é agus shábháil Anthony Masterson, cúl báire Loch Garman, go héasca é. Díreach ina dhiaidh sin, chuaigh fir Loch Garman síos go dtí an taobh eile den pháirc agus fuair siad cic éirice dá gcuid féin. Rinne Donal Shanley cinnte den chic agus bháigh sé an liathróid go domhain san eangach. Bhí tostaithe Loch Garman ag cruthú go leor fadhbanna do chúlaithe na Dubs agus bhí sé soiléir go raibh cinneadh le déanamh ag Jim Gavin.

Tar éis do Loch Garman an dá chúl a scóráil bhí roinnt mhaith seansanna ag na Dubs cúilíní a aimsiú ach, ar an drochuair, cuireadh a bhformhór acu ar foraoil. Mar sin féin, d’éirigh le Ciarán Reddin, Dean Rock agus Paddy Andrews scóranna a aimsiú roimh leatham agus iad ag imirt in aghaidh na gaoithe. Bhí foireann Átha Cliath taobh thiar ar scór 2-05 go dtí 0-04 ag an mbriseadh.

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

An Dara Leath

Rinne Jim Gavin dhá athrú ag leatham – tháinig Philly McMahon isteach do Michael Concarr agus tháinig James McCarthy isteach i lár na páirce do Denis Bastick (a thug le fios le déanaí go mbeadh sé ar fáil don fhoireann le linn 2016). De thoradh na n-athruithe seo agus agus na gaoithe láidre, dar ndóigh, tháinig athrú mór ar chlár na scór de réir a chéile. Chruthaigh Cormac Costello, Paddy Andrews agus Dean Rock go leor fadhbanna do chúlaithe Loch Garman agus tar éis 66 nóiméad bhí na foirne cothrom.

Bhí tionchar mór ag McCarthy agus ag McMahon ar an dara leath, freisin, ach nuair a tugadh cárta dubh do Philly McMahon (agus é tuillte aige!) i lár an dara leatha bhí ar McCarthy gabháil siar go dtí an líne leathchúil le cosaint a thabhairt do na cúlaithe.

Díreach tar éis scór Rock sa 66ú nóiméad bhí seans ag Shane Carthy na Dubs a chur chun cinn, ach, in áit díriú ar chúilín a scóráil rinne sé iarracht ar chúl a scóráil. Bhuail a iarracht an trasnán, áfach. Díreach ina dhiaidh sin, scóráil PJ Banville an chéad scór do Loch Garman sa dara leath agus gan ach dhá nóiméad fágtha sa gcluiche bhí Loch Garman imithe cúilín chun tosaigh. Bhí seans amháin eile ag na Dubs, áfach, agus scóráil Rock cúilín gleoite agus é thart ar 40 méadar amach. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin séideadh an fheadóg. Chríochnaigh na foirne cothrom.

Laoch na hImeartha

Idir Paddy Andrews agus Dean Rock a bhí sé do ghradam Laoch na hImeartha. Scóráil Rock 0-06, agus ceithre cinn acu díreach ón imirt, ach d’oibrigh Andrews go han-chrua agus bhreathnaigh sé uafásach contúirteach nuair a cuireadh an liathróid isteach chuige. Chruthaigh sé go leor fadhbanna do chúlaithe Loch Garman. Is ag Paddy Andrews atá Laoch na hImeartha dá bharr sin – ach ar éigean é!

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

Amach Anseo

Bhí muid ag brath go mór ar na himreoirí móra agus ar na himreoirí a bhfuil taithí acu ag an leibhéal seo chun an comhscór a bhaint amach dúinn. Tá Alan Brogan tar éis éirí as agus tugadh le fios dúinn tar éis an chluiche nach mbeadh Rory O’ Carroll ar fáil dúinn i mbliana toisc é ag gabháil ag obair sa Nua-Shéalainn don bhliain. Dá bharr sin, caithfidh na himreoirí nua atá ar imeall an phainéil níos mó de thionchar a imirt ar na cluichí eile sa ngrúpa agus a chruthú don bhainstíocht go bhfuil siad sách maith do fhoireann Átha Cliath. Beidh na Dubs ag imirt in aghaidh Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach Dé Céadaoin seo chugainn ag 7.30 i bPáirc Pharnell agus, ina dhiaidh sin, in aghaidh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Dé Domhnaigh seo chugainn ag 2.00 i bPáirc Pharnell.

An Slua

In ainneoin na drochaimsire bhí tuairim is 1,500 i láthair i bPáirc Naomh Pádraig le breathnú ar chéad chluiche na Dubs do 2016. Ina measc siúd bhí Des Cahill, Stephen Cluxton, a phós le gairid, agus Jonny Cooper. Ar chúis éigin ní raibh ‘Briogáid na mBodhrán’ le feiceáil ná le cloisteáil ann ach bhí sé iontach Oompa Loompa Bhaile Átha Cliath a fheiceáil don chéad uair i mbliana (féach pictiúr thuas)!

Ar bhonn pearsanta, bhí mé an-sásta gur tháinig m’athair amach liom le breathnú ar an gcluiche. Ní dheachaigh muid chuig cluiche le chéile le tamall de bhlianta anuas. Cá bhfios ach go dtiocfadh sé liom arís níos deireanaí ar aghaidh sa mbliain!

Na Dubs abú!

Áth Cliath: M Savage, E Culligan, J Curley, C Mulally, N Devereux, J Small, M Concarr, D Bastick, C Reddin (0-01), J Whelan (0-01), D Rock (0-06), S Carthy (0-01), C Costello (0-01), P Andrews (0-01), C O’ Callaghan (0-01). Ionadaithe: G Hannigan do N Devereux, J McCarthy do D Bastick, P McMahon do M Concarr, N Scully do E Culligan, A Caffrey do P McMahon (cárta dubh) agus N Walsh do C O’ Callaghan

Advertisements

2 thoughts on “Loch Garman 2-06 Áth Cliath 0-12

  1. Go raibh maith agat as sin a Jamie. Rinne tú an-cur síos ar an méid a thit amach. Rud amháin a sheas amach dom (agus atá luaite agat i do thráchraireacht ar bhealach) nár luaigh tú ainmneacha na leaids nua. Is léir mar sin, gur iompar na réalta (Rock agus Andrews ach go háirithe) an fhoireann ar an lá. Tá sé luath fós sa bhliain, mar sin, ní bheinn ró bhuartha. Mar sin féin…!!
    Aon seans go ndéanfá laoch na himeartha, laoch ineartha BÁC (muna ionann iad) agus laoch imeartha BÁC as na leaids nua a roghnú freisin? Bheadh spórt againn le sin, ach go háirithe má tá na leaids óga ag déanamh dul chun cinn i gcaitheamh na bliana, mar a rinne Fenton anuraidh agus an bhliain roimhe sin.

    Moladh

    1. Nóta déanta den mhéid sin! Má fheictear dhom go seasann aoinne de na leaids nua amach luafar cinnte iad! Bheinn ag súil go dtabharfadh ar a laghad beirt nó triúr acu ábhar machnaimh do Gavin roimh dheireadh Chraobh Chorn Uí Bhroin.

      Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s