Dubs Róláidir do IT Cheatharlach

Áth Cliath 3-24 IT Cheatharlach 2-08

Páirc Ruiséil, CLG Naomh Bríd, 6/01/16

Thuas seal, thíos seal. B’in mar a bhí an cúpla lá deireanach dhom agus páirc imeartha á socrú don chluiche seo! D’fhág mé Inis Córthaidh Dé Domhnaigh seo caite agus mé ag súil go mór le mo chéad turas go Páirc Pharnell i mbliana. Ansin, i rith an lae Dé Céadaoin, fógraíodh ar twitter go raibh droch-chaoi ar an bpáirc agus nach raibh aon rogha ach an cluiche a athrú go páirc imeartha Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach. Mo chuid pleananna don chluiche socraithe agus millte taobh istigh de chúpla uair an chloig! In ainneoin na díomá níor thóg se i bhfad orm glacadh leis go mbeinn ar an mbóthar arís agus bhí me ag súil go mór le háiseanna Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach a fheiceáil don chéad uair. Ansin, tháinig casadh eile ar an scéal nuair a d’fhoglaim mé ó tweet eile de chuid @DubsSupporters go mbeadh an cluiche ag gabháil ar aghaidh i Páirc Ruiséil i mBaile Bhlainséir. A mhac go deo!

Maidir leis an gcluiche féin, rinne Arm Jim Gavin scrios de mhuintir Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach agus bhí sé soiléir nach mbeadh mórán de sheans ag na mic léinn ón gcéad nóiméad. Ní bheadh Gavin ná a fhoireann bainistíochta tar éis mórán a fhoghlaim ón gcluiche seo ach, mar sin féin, thug na himreoirí faoi go proifisiúnta agus bhí se soiléir go raibh cuid acu, ach go háirithe, ag iarraidh gabháil i bhfeidhm go mór ar an mbainistíocht.

Páirc Ruiséil

An Chéad Leath

Bhí tús maith ag na Dubs agus tar éis 13 nóiméad bhí siad sé chúilín chun tosaigh. Ábhar dóchais a bhí ann do mhuintir IT Cheatharlach, áfach, nuair a scóráil siad cúl díreach ina dhiaidh sin ach faraor géar, do na mic léinn, níor mhair an dóchas sin rófhada. D’ardaigh fir Átha Cliath an fuinneamh agus an díocas ina dhiaidh sin agus, sa dara ceathrú den chluiche, d’éirigh leo 2-10 a chur suas ar chlár na scór. Scóráil Cormac Costello agus Paddy Andrews – beirt a d’imir go hiontach – na cúil sin. B’fhiú taispeántais John Small agus Tomás Brady sa gcéad leath a lua, freisin. D’oibrigh siad go han-chrua le linn an chéad leath ach tógadh den pháirc iad ag an mbriseadh. Chuaigh na foirne isteach agus na Dubs chun tosaigh ar scór 2-16 go dtí 1-02 ag leatham.

Thapaigh Jim Gavin an deis am imeartha a thabhairt do imreoirí eile ar imeall an phainéil agus rinne sé cúig athrú ag an mbriseadh. Bhí Paddy Andrews ar dhuine de na daoine a baineadh den pháirc. Ní féidir ach glacadh leis gur tógadh den pháirc é le sos a thabhairt dó roimh an gcluiche cinniúnach in aghaidh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Dé Domhnaigh. Bhuaigh na mic léinn ar Loch Garman 1-08 go dtí 1-03 aréir.

An Dara Leath

Choinnigh na Dubs orthu ag cur cúilíní ar chlár na scór ag tús an dara leath agus cuid mhaith de na scóranna sin ó chos Cormac Costello. Chríochnaigh sé an cluiche le 2-06 agus cic éirice ocht nóiméad isteach sa dara leath mar chuid de sin. D’imigh an díocas agus an uaillmhian ó imirt na Dubs sa gceathrú deireanach agus chríochnaigh muintir IT Cheatharlach réasúnta láidir. Bua éasca a bhí anseo do mhuintir na hardchathrach, áfach, agus sa deireadh bhuaigh siad ar scór 3-24 go dtí 2-08.

cic éirice

Laoch na hImeartha

Bhí an-chluiche go deo ag Paddy Andrews sa gcéad leath ach, mar a luaigh mé thuas, baineadh den pháirc ag leatham é. Scóráil Cormac Costello 2-06 agus bhí sé an-dainséarach nuair a bhí an liathróid ina sheilbh aige an oíche uilig. Níl sé ag déanamh aon dochair dhá chuid seansanna a áit a fháil ar ais i measc thosaithe Átha Cliath. Tá sé an-luath sa mbliain ach má choinníonn sé leis beidh sé deacair ar an bhfoireann bainistíochta é a fhágáil amach. Ina measc siúd a sheas amach, freisin, bhí Niall Scully, Jason Whelan, Michael Deegan (mac Mick) a scóráil 0-05, Conor Maguire ó CLG Naomh Maur agus Eoin Culligan ó Chrócaigh Chill Mochuda – a raibh an-chluiche aige don dara cluiche as a chéile. Ta Laoch na hImeartha á thabhairt agam do Costello agus é tuillte go maith aige!

Slua

Bhí tuairim is 1,500 i láthair ag an gcluiche in ainneoin na drochaimsire agus bhí sé iontach bualadh le DJ Carey ann (féach pictiúr thíos) – duine de na hiománaithe is fearr riamh agus bainisteoir reatha iomána Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach.

DJ agus Mise

Amach Anseo

Mar a luadh thuas, beidh aghaidh á tabhairt ag na Dubs ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sa gcéad chluiche eile. Gabhfaidh na buaiteoirí ar aghaidh chuig cluiche leathcheannais Chraobh Chorn Uí Bhroin. Is cinnte go mbeidh Gavin ag iarraidh tuilleadh imreoirí a fheiceáil sula dtosaíonn an tSraith Náisiúnta agus, dá bharr sin, is féidir bheith cinnte go mbeidh sé ag iarraidh an cluiche seo a bhuachan. Bhí painéal na hoíche aréir i bhfad níos láidre ná an painéal a chuaigh chun páirce in aghaidh Loch Garman. D’fhéadfaí bheith ag súil go neartófaí arís eile é don chluiche seo.

Uimhreacha Painéil agus Deireadh le 1-15?

Dúirt Jim Gavin i rith na seachtaine go raibh sé i bhfabhar uimhreacha painéil a thabhairt dho imreoirí, ach níl a fhios agam an smaoineamh maith é seo. Is maith liom na sean-nósanna traidisiúnta a bhaineann lenár gcluichí agus is maith liom nuair a chuirtear síos ar leithéidí Bernard Brogan agus ar Michael Murphy mar ‘uimhir 14 na Dubs’ nó ‘uimhir 14 na gConallach’ agus daoine ag caint fúthu. Bheadh sé an-aisteach Brogan a fheiceáil ag caitheamh geansaí le huimhir 3 nó 4 ar a chúl.

Cinnte, tá an cluiche ag athrú go mór agus ní i gcónaí gurb ionann uimhir an imreora agus an áit ina bhfuil sé ag imirt ar an bpáirc a thuilleadh. Tugann an uimhir nod dúinn, mar sin féin. Nuair nár tugadh amach cláir nó liostaí imreoirí in aghaidh Loch Garman Dé Domhnaigh seo caite bhí sé deacair ar go leor den slua na himreoirí a aithint agus níorbh aon chúnamh é na huimhreacha a bhí á gcaitheamh acu – uimhir 2 ar dhroim Paddy Andrews, mar shampla!

Ar ábhar eile ar fad, tá sé soiléir go gcaithfidh mé mo chuid selfies agus mo chuid grianghraf a fheabhsú. Mar sin, bígí ag súil le neart pictiúr uaim tar éis an Domhaigh!

Na Dubs Abú! Ar Aghaidh Linn!

Áth Cliath: M Savage, E Culligan, J Curley, O Manning, N Scully (0-01), P McMahon (0-01), J Small, C Reddin, T Brady (0-02), J Whelan (0-02), M Deegan (0-05), S Carthy (0-02), C Costello (2-06), P Andrews (1-03), C McGuire (0-02)

Ionadaithe: G Hannigan do J Curley, M Concarr do J Small, J McCarthy do T Brady, N Walsh do S Carthy, A Caffrey do P Andrews, J Cooper do C Reddin

 

Advertisements

2 thoughts on “Dubs Róláidir do IT Cheatharlach

  1. Níor luaigh tú an leaid taobh thiar den chúl go beagnach baineadh an chloigeann dó nuair a rinne sé iarracht an liathróid a ciceáil thar an trasnán agus níl mé ag caint faoin beirt stuama a bhí leis!

    Molta ag 1 person

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s