Tús Maith ag na hIománaithe

Áth Cliath 4-15 COBÁC 3-12

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, 7/01/16

Bíonn go leor cluichí idirchontae ar siúl an t-am seo bliana agus ciallaíonn sé sin go mbíonn cinntí deacra le déanamh ag an Dub áirithe seo. Tá clann óg álainn agus bean iontach agam (seans maith go mbeidh sí á léamh seo!!). De bharr mo chuid dualgaisí agus cúraimí clainne ní bhím in ann freastal ar chuile chluiche de chuid na Dubs, faraor!

In ainneoin gur cluiche ársa, uasal, sciliúil í an iománaíocht ar bhealach nach mbeidh an pheil go deo, ba leis an bpeil a tógadh mé agus, dá bharr sin, tugaim tús áite do na peileadóirí i gcónaí. D’imir na peileadóirí Dé Céadaoin agus na hiománaithe Déardaoin. Ní fhéadfainn bheith imithe an dá oíche i ndiaidh a chéile. Dá bhrí sin, ba ar twitter a lean mé an cluiche seo. Tá suíomhanna iontacha twitter ann de chuid lucht leanta na Dubs agus ciallaíonn se sin go bhfuil tú in ann na cluichí a leanacht scór ar scór. I measc na suíomhanna is fearr atá ann tá @DubGAAOfficial, @DubsSupporters, @DubsGAAFans, @Dubs_GAA, @WeAreDub agus @DubMatchTracker. Acmhainn iontach é twitter dóibh siúd nach bhfuil in ann freastal ar chluichí.

An Chéad Leath

Bhí tús iontach ag na Dubs agus foireann réasúnta láidir curtha chun páirce ag an mbainisteoir Ger Cunningham. Tar éis 15 nóiméad bhí siad 2-05 go dtí 1-02 chun tosaigh. Scóráil Paul Ryan agus Eamonn Dillon na cúil agus bhí an-chluiche go deo ag mbeirt acu. In ainneoin an tús iontach seo a bhí ag fir Átha Cliath thiteadar ina gcodladh ina dhiaidh sin agus scaoil siad iománaithe óga Choláiste na hOllscoile, BÁC, ar ais sa gcluiche. Rinne siad slad ar na Dubs idir sin ag leatham agus chuaigh siad isteach 3-08 go dtí 2-06 chun tosaigh ag an mbriseadh, a bhuíochas do thrí chúl ón mBleá Cliathach óg Oisín O’ Rourke. Caithfidh go bhfuil Cunningham sátsa go mbeidh O’ Rourke ag filleadh ar phainéal Átha Cliath tar éis Chorn an Bhreathnaigh!

Paul Ryan

An Dara Leath

Tháinig na Dubs amach sa dara leath réidh gabháil chun catha agus d’imir siad le díocas is le huaillmhian. N’fheadar céard dúirt Cunningham leo ag leatham! Scóráil Paul Ryan 1-02 taobh istigh den chéad deich nóiméad agus leathbhealach tríd an dara leath bhí na foirne cothrom arís – 3-09 go dtí 3-09. Chríochnaigh Áth Cliath an cluiche go láidir agus scóráil Dillon cúl eile dóibh. Sa deireadh bhuaigh na Dubs go héasca 4-15 go dtí 3-12. Mar sin féin, is cosúil gur cluiche iontach a bhí ann bunaithe ar na tweets a chonaic mé!

Amach Anseo

Beidh muintir na hardchathrach ag cur fáilte roimh mhuintir Aontroma sa gcéad chluiche eile ar pháirc imeartha Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Chaill Aontroim a gcéad chluiche in aghaidh Laoise agus is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh cúrsaí a chur ina gceart sa gcluiche seo in aghaidh na Dubs.

Ar an drochuair, ní bheidh mé i láthair ann toisc go bhfuil na peileadóirí ag imirt ag an am céanna i bPáirc Pharnell. Is mór an trua nach bhféadfaí an dá chluiche a imirt i bPáirc Pharnell – na hiománaithe ag a dó agus na peileadóirí ag a ceathair.

Áth Cliath: C Dooley, J Boland, C Crummey, O Gough, B Quinn, L Rushe, S Durkin, C Mac Giolla Bhríde (0-01), D O’ Connell, R McBride (0-01), N McMorrow (0-03), E Dillon (2-01), P Ryan (2-07), F MacGibb (0-02), C Bennett

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s