Ar Aghaidh leis na Dubs go Cluiche Leathcheannais Eile

Áth Cliath 1-16 OCBÁC 1-12

Páirc Pharnell, 10/01/16

GG 1

Ar aghaidh linn go dtí na cluichí leathcheannais. Na Dubs abú. Ó ceapadh Jim Gavin ina bhainsteoir ar fhoireann peile Átha Cliath d’imir a fhoireann i dtí chomórtas déag agus d’éirigh leo gabháil a fhad leis na cluichí leathcheannais i dhá cheann déag acu. Níos fearr fós, d’éirigh leo gabháil a fhad leis an gcluiche ceannais i ndeich gcinn acu go dtí seo. Ní maith leis aon chluiche, in aon chomórtas, a chailleadh.

Mar a raibh súil againn leis, neartaíodh an fhoireann arís eile do chluiche an lae inné. I measc na n-imreoirí aitheanta a thosaigh bhí Philly McMahon, Jonny Cooper agus John Small sna cúlaithe. Thosaigh James McCarthy agus Denis Bastick i lár na páirce agus thosaigh Paddy Andrews, Cormac Costello, Déan Rock agus Tomás Brady sna tosaithe. Níl aon amhras ach go bhfuil leathshúil ag Jim Gavin ar an gcéad chluiche sa tSraith Náisiúnta, in aghaidh Chiarraí, ag deireadh na míosa.

Bhí Áth Cliath go maith inné agus rinne siad an beart. In ainneoin nár sheas aoinne ar leith amach mheasc na himreoirí atá ar imeall an phainéil go maith leis na himreoirí aitheanta. Níor bhreathnaigh aoinne as áit. Tar éis dóibh imeacht chun tosaigh ar chlár na scór d’fhan siad ann go compordach.

An Chéad Leath

Bhí tús maith ag foireann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus d’éirigh leo gabháil 0-03 go dtí 0-01 chun tosaigh sa gcéad deich nóiméad nó mar sin. D’éirigh leis na Dubs an lámh in uachtar a fháil ina dhiaidh sin, áfach, agus scóráil said an chéad trí scór eile – agus cúl ó Con O’Callaghan san áireamh sa 19ú nóiméad. Tháinig na mic léinn ar ais le cúpla scór dá gcuid féin ach chuaigh an fhoireann baile isteach 1-7 go dtí 0-06 chun tosaigh ag leatham a bhuíochas do scóranna ó Paddy Andrews agus ó Chormac Costello.

D’imir 29 imreoir le hÁth Cliath i gCraobh Chorn Uí Bhroin go dtí seo agus chaithfeadh go raibh Gavin an-sásta leis an deis a bhí aige breathnú ar thriúr eile a bheidh ar fáil don phainéal amach anseo – Conor McHugh, David Byrne agus Shane Carthu ó CLG Port Mearnóg – a thosaigh do Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

GG 3

An Dara Leath

Nuair a tháinig na Dubs amach tar éis an bhriseadh bhí sé soiléir nach raibh fonn orthu ligean do na mic léinn teacht ar ais sa gcluiche agus d’fhan siad idir trí agus sé chúilín chun tosaigh, uaidh sin amach go dtí deireadh an chluiche. Bhí smacht acu ar an gcluiche. Scaoil siad isteach cúl ó Enda Smith sa 67ú nóiméad, áfach, rud a laghdaigh an bhearna go dtí 3 chúilín. Chinntigh cúilíní ó Andrews, O Callaghan agus ó Rock deireanach sa gcluiche an bua do na Dubs, mar sin féin. Beidh Gavin sásta gur éirigh le seisear tosaithe scóráil sa dara leath. An scór deiridh – Áth Cliath 1-16 OCBÁC 1-12.

Laoch na hImeartha

In ainneoin go raibh bua gan mórán dua againn níor sheas aoinne ar leith amach thar aoinne eile. Taispeántas maith foirne a bhí ann, i ndáiríre, agus cluiche maith ag go leor – Philly McMahon, James McCarthy, Cormac Costello, Dean Rock, Con O’Callaghan, Cormac Costello agus Niall Scully ina measc. Bhí cluiche maith, freisin, ag Eoin Culligan agus ag Ciarán Reddin nuair a tháinig siad isteach le linn an dara leath. De bharr na dtréithe cinnireachta a thaispeáin sé le linn an chluiche, áfach, thabharfainn Laoch na hImeartha do Philly McMahon. Cinnte, d’imir sé níos fearr do na Dubs cheana ach léirigh sé dúinn inné go bhféadfadh sé bheith ina chaptaen ar an bhfoireann amach anseo agus é ina chnámh droma ag an bhfoireann an lá uilig. Rinne sé cinnte gur thuig na himreoirí nua, ach go háirithe, an ról a bhí acu.

An Slua

Bhí breis is 3,000 i láthair ag an gcluiche inné agus bhí sé iontach iarbhainitseoir na Dubs, ‘Pillar’ Caffrey a fheiceáil i measc an tslua. Bhí Bryan Cullen agus Paul Flynn ann, i measc an an tslua, freisin. Nósmhaireacht iontach é seo atá i gCumann Lúthchleas Gael agus músclaíonn sé an bród ionam i gcónaí nuair a fheicim reáltaí móra ár gcluichí ag seasamh lena gcosmhuintir ag na cluichí, nuair nach mbíonn siad féin ag imirt. Is minic a d’fheicfeá imreoirí i spóirt eile ag suí i macasamhail bosca corparáidigh agus iad ag breathnú ar chluichí. Is iontach an rud é go seasann ár gcuid laochra féin i measc a lucht leanta. Ní bhíonn aon éirí in airde ag baint leo.

An t-aon ghearán a bhí ag an slua ná clár na scór a bheith as feidhm. Dá mbeadh na foirne níos cóngaraí dá chéile d’fhéadfadh lucht leanta na Dubs a bheith an-neirbhíseach! Mar sin féin, bhí gach duine an-sásta bheith ar ais i bPáirc Pharnell don chéad uair i mbliana.

GG 2

Amach Anseo

Tá Craobh Chorn Uí Bhroin mar sprioc dáiríre anois ag na Dubs. Úsáidfidh Jim Gavin an chéad chluiche eile leis na himreoirí nua agus na himreoirí atá thart le tamall a mheascadh arís. Beidh na himreoirí nua seo ag iarraidh iad féin a chruthú do Gavin agus fadhbanna, maidir le roghnú na foirne, a thabhairt dó agus an tSraith Náisúnta ar na bacáin. Ní chuirfeadh sé puinn iontais orm dá bhfeicfeadh muid leithéidí Niall Scully, Ciarán Reddin agus Eoin Culligan sa tsraith agus, b’fhéidir, níos faide ar aghaidh sa mbliain.

Bhí Stephen Cluxton ar an mbinse inné. Níl Michael Savage ag déanamh ródhona ina áit agus is léir go bhfuil sé ag obair ar na ciceanna amach. Mar sin féin, ta roinnt cúl scaoilte isteach aige sna trí cluichí go dtí seo agus déarfainn go bhfeicfeadh muid Cluxton ag filleadh ar an gcéad 15 go luath. Seans maith go dtosóidh Savage an chéad chúpla cluiche sa tsraith.

Ó thaobh gortuithe de, táthar ag súil le hEoghan O Gara, Kevin McMenamon agus Brian Fenton a fheiceáil ar ais ag imirt go luath. Dea-scéal dúinn uilig, dar ndóigh!

Beidh turas go Páirc an Phiarsaigh againn sa gcluiche leathcheannais in aghaidh an Longfoirt, Dé Domhnaigh seo chugainn. Tabharfaidh an Lú aghaidh ar an Mí sa gcluiche leathcheannais eile.

Seo linn na Dubs abú!

Áth Cliath: M Savage, J Cooper, J Curley, C Mullally, N Scully, P McMahon, J Small, J McCarthy, D Bastick, T Brady, D Rock (0-06), S Carthy (0-02), C Costello (0-03), P Andrews (0-02), C O’ Callaghan (1-02)

Ionadaithe: J Whelan (0-01) do T Brady, C Reddin do D Bastick, D Daly do C Mullally, M Deegan do P Andrews, S Cunningham do J McCarthy, E Culligan do J Cooper

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s