Dhá Bhua i nDiaidh a Chéile do na Dubs

Áth Cliath 3-25 Aontroim 1-17

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath 10.01.16

Cúis díomá nár imríodh an cluiche seo i bPáirc Pharnell in éineacht leis na peileadóirí. Níl aon amhras ann ach gur chruthaigh sé cinneadh deacair do Ghaeil Bhaile Átha Cliath. Na peileadóirí nó na hiománaithe? Is dócha go gcaitear glacadh leis gur ar mhaithe leis an bpáirc imeartha a socraíodh gan ach cluiche amháin a imirt ann.

Cibé ar bith, bhí na Dubs róláidir do Aontroim agus thug siad an-taispeántas sa dara leath den chluiche seo, ach go háirithe. Cuireadh foireann mhaith chun páirce agus neart ‘ainmneacha móra’ i measc an 15 a thosaigh. Rushe, Boland, McMorrow, Durkin, Crummey agus Paul Ryan ina measc. Beidh Ger Cunningham sásta leis an tús maith seo den bhliain agus dhá chluiche buaite acu i ndiaidh a chéile. Beidh cluichí níos deacra amach rompu agus tá sé tábhachtach na cluichí seo a bhuachan ar mhaithe le muinín agus misneach a chruthú i measc na n-imreoirí.

RyanPaul_Strike

An Chéad Leath

Ní raibh móran idir na foirne sa gcéad leath agus d’éirigh leis na Dubs a ghabháil isteach 1-11 go dtí 1-10 ag leatham. Ba é Paul Ryan a scóráil an cúl do Áth Cliath agus chríochnaigh sé an lá le 1-10. Beidh sé sásta leis an tús seo leis an mbliain. Scóráil sé 2-07 sa gcéad chluiche in aghaidh Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

An Dara Leath

Díreach mar a tharla, in aghaidh na mac léinn Déardaoin, tháinig na Dubs amach sa dara leath réidh le scrios a dhéanamh. D’ardaigh siad an fuinneamh agus d’ionsaigh siad fir Aontroma. D’aimsigh Eamonn Dillion, a scórail 1-03 san iomlán, cúl do fhir Bhaile Átha Cliath sa 45ú nóiméad agus 10 nóiméad ina dhiaidh sin thug sé pas iontach so Sheán Reilly, a bhí ag imirt a chéad chluiche do na Dubs, agus chuir Reilly go cúl na heangaí é. Mhol Cunningham Eamonn Dillon go hard, tar éis an chluiche.

Sa deireadh bhí 14 cúilín le sparáil ag na Dubs agus bhuaigh siad an cluiche ar scór 3-25 go dtí 1-17.

Amach Anseo

Is in aghaidh Laoise a bheidh fir na hardchathrach sa gcéad chluiche eile, Dé Domhnaigh seo chugainn, thíos i Rath Domhnaigh. Níl aon amhras ann ach go mbeidh imreoirí Cheddar Plunkett ag iarraidh dúshlán a thabhairt dóibh agus go mbeidh ar na Dubs bheith ar airdeall. Ceapfaidh fir Laoise go bhfuil seans maith acu.

Ar an drochuair, caillfidh mé an cluiche seo, freisin. Beidh na peileadóirí ag imrt ag an am céanna sa Longfort. Ní fhaca mé na hiománaithe fós i mbliana ach, le cúnamh Dé, ní bheidh mé i bhfad eile ag fanacht!

Tús maith leis an mbliain. Na Dusb abú.

Áth Cliath: C Dooley, J Boland, O Gough, S Durkin, C Crummey (0-02), L Rushe, R Hardy, C Mac Giolla Bhríde, B Quinn (0-01), D Treacy (0-01), N McMurrow (0-04), C Bennett, P Ryan (1-10), F Mac Gibb, E Dillon (1-03)

Ionadaithe: J McCaffrey (0-02) do R Hardy, D O’Connell (0-01) do C Mac Giolla Bhríde, S Reilly (1-01) do C Bennett, M Schutte do E Dillon

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s