Wooly agus Clubanna Bhaile Átha Cliath

103490_54_news_hub_98370_656x500

Is maith liomsa Colm ‘Wooly’ Parkinson. Tá sé paiseanta faoin bpeil. Ní bhíonn drogall air bheith conspóideach agus níl faitíos ar bith air ceisteanna crua a chur nuair is gá. Tá an pheil go smior ann agus imreoir an-mhaith a bhí ann nuair a d’imir sé. Tá sé iontach ag cruthú díospóireachta agus ag ardú ceisteanna ar eachtraí agus ar ábhair éagsúla a bhaineann le Cumann Lúthchleas Gael. Is ar mhaithe leis an gcumann agus na cluichí a fheabhsú a ardaíonn sé na ceisteanna seo den chuid is mó. Cuireann sé Joe Brolly i gcuimhne dhom, ach amháin go bhfuil níos mó smachta ag Wooly ar a theanga ná mar a bhíonn ag Joe. Ní phléann sé rudaí ar na meáin náisiúnta amhail is go bhfuil sé ag suí ar stól beáir ag caint lena chuid cairde. Ní i gcónaí a bhíonn an ceart ag Wooly, áfach.

I lár mhí na Nollag d’imir Baile Buadáin Naomh Éanna in aghaidh Phort Laoise, club Wooly, i gcluiche ceannais peile Chraobh Laighean. An-chluiche go deo a bhí ann agus sa deireadh, tar éis cluiche an-chrua, bhí an bua ag fir Ráth Fearnáin. Ba cheart do Phort Laoise an cluiche sin a bhuachaint. Bhí neart seansanna acu ach chuir siad amú iad. Gar do dheireadh an chluiche bhí an-sábháil go deo ag cúl báire Bhaile Buadáin agus Dhún na nGall, Paul Durcan. Ba le cúilín amháin a bhuaigh Baile Buadáin Naomh Éanna an cluiche. Ó shin i leith tá Wooly ag clamhsán faoi chlubanna Bhaile Átha Cliath agus ag rá go bhfuil buntáiste acu ar chlubanna eile de thoradh an chórais aistrithe idir clubanna tuaithe agus clubanna Bhaile Átha Cliath.

Cinnte, tá fadhb leis an gcóras aistrithe i mBaile Átha Cliath. Amadán a déarfadh a mhalairt. Nuair a thagann imreoirí maithe as contaetha eile chun cónaithe i mBaile Átha Cliath téann clubanna áirithe sa tóir orthu gan náire. Léiríonn sé seo easpa measa ar na himreoirí a d’fhás aníos sna clubanna sin agus ar imreoirí a bhog go dtí an clubanna sin agus atá gníomhach anois iontu. Tá a leithéid seo in aghaidh éiteas Chumann Lúthchleas Gael. Tagaim le pointe Wooly sa mhéid sin.

Is í an fhadhb atá agamsa leis an méid a dúirt sé, ná, gur labhair sé amhail is go bhfuil sé seo ag tarlú le chuile imreoir a thagann go Baile Átha Cliath agus le chuile chlub. Is fíorbheagán clubanna agus fíorbheagán imreoirí atá bainteach lena leithéid seo de mhí-ionracas.

DurcanPaul_ThankYou2015

Feictear dhom gur ghoill an tionchar a bhí ag Paul Durcan ar an gcluiche go mór ar Wooly. Tá díomá ar an diabhal bocht gur chaill Port Laoise agus tá tionchar sin Durcan ar an gcluiche ag croílár na raice seo, feictear dhom. Maith go leor, is as Dún na nGall do Durcan ach sula ndeachaigh sé go Dubai bhí sé ag obair i mBaile Átha Cliath. Is ball de chuid CLG Bhaile Buadáin Naomh Éanna uncail dá chuid agus tá col ceathracha leis ag imirt leis an gclub. Meas tú an raibh a fhios ag Wooly é sin nuair a chuir sé tús leis an bplé seo? Cén fáth nach mbeadh cead ag Durcan aistriú go club a uncail tar éis dó bogadh anuas as Dún na nGall?

Is as Baile Átha Cliath formhór mór na n-imreoirí sinsearacha atá ag imirt i mBaile Átha Cliath. Bímís soiléir faoi sin. Tá roinnt imreoirí as contaetha eile ag imirt le clubanna sinsearacha i mBaile Átha Cliath ach cé a déarfadh nach raibh de cheart acu é sin a dhéanamh. Tá sé de cheart ag imreoirí óga aistriú go clubanna eile nuair nach bhfuil siad in ann imirt lena gclubanna féin faoi tuath. Tá bánú á dhéanamh ar an tuath in Éirinn le fada agus bíonn daoine óga ag triail ar Bhaile Átha Cliath ar thóir oibre. Nach bhfuil sé de cheart ag na daoine óga sin socrú síos i mBaile Átha Cliath agus ballraíocht a thógáil agus imirt le clubanna i mBaile Átha Cliath?

Mar a luaigh mé thuas aithním go bhfuil fadhb ann, ach níl sí píoc chomh mór is a dhéanann Wooly amach. Ní aontóinn leis, ach an oiread, nuair a deir sé go dtugann sé buntáiste breise do chlubanna na hardchathrach i gCraobh Laighean agus i gCraobh na hÉireann. Le ceathracha bliain anuas tá Craobh na hÉireann buaite ag foirne as Baile Átha Cliath ceithre huaire – Crócaigh Chill Mochuda i 1994 agus i 2009 agus Naomh Uinseann i 2008 agus i 2014. Bhí na himreoirí uilig a d’imir sna cluichí sin bainteach go dlúth leis na clubanna agus Dubs a d’fhás aníos sa gclub a bhí i mbeagnach chuile dhuine acu. Ní fheicimse go raibh aon bhuntáiste ag na foirne sin as Baile Átha Cliath nuair a bhuaigh siad sna blianta sin.

Le tamall de bhlianta anuas tharraing Cumann Naomh Parnell, club lenar imir Wooly féin, droch-cháil ar an gcóras aistrithe i mBaile Átha Cliath. In ainneoin líon na n-imreoirí tuaithe a d’aistrigh go dtí an club, áfach, ní dhearna siad aon mhaith. Níor bhuaigh siad aon rud.

Réiteach simplí a bheadh ar an bhfadhb seo ná go gcaithfeadh clubanna agus imreoirí ceann amháin de na rudaí seo thíos a chomhlíonadh le haistriú a fháil:

* bheith i do chónaí sa gceantar ina bhfuil an club

* bheith ag obair sa gceantar ina bhfuil an club

* gaolta a bheith agat sa gclub

* ar a laghad dhá bhliain a bheith caite agat ag traenáil leis an gclub (i gcás go bhfuil an t-imreoir fós ag filleadh abhaile le himirt lena chlub féin ag an deireadh seachtaine sula mbeartaíonn sé aistriú a fháil)

Dá gcuirfí leithéidí seo de choinníollacha san áireamh agus imreoirí ag aistriú go clubanna na hardchathrach, chuirfí deireadh leis an bhfadhb seo agus ní bheadh aon ghearán ag aoinne.

Meas tú an sásódh a leithéid sin Wooly sin againne? Baile Buadáin Naomh Éanna abú!

Advertisements

4 thoughts on “Wooly agus Clubanna Bhaile Átha Cliath

  1. An bhfuil riail ag bord CLG Átha Cliath nach bhfuil cead ach acu siúd a rugadh i mBÁC imirt ar fhoireann shinsearch an chontae? m.sh. an mbeadh cead ag Paul Durcan imirt do BHÁC (dá mbeadh sé maith go leor!) dá mba rud é gur shocraigh sé a hata a chaitheamh isteach leo os rud é go bhfuil sé anois ag imirt le Ballyboden agus dá mbeadh sé ina chónaí sa cheantar.

    Moladh

      1. ‘Níl’ an freagra! D’imir Paddy Quinn (a rugadh agus a tógadh i dTír Eoghain) linn i gCraobh Chorn Uí Bhroin agus sa tSraith Náisiúnta i 2013. Tar éis dó dhá bhliain a chaitheamh ina chónaí i mBaile Átha Cliath d’aistrigh sé go dtí na Fianna i 2009 agus uaidh sin fuair sé an glaoch ó Jim. De réir mo chuimhne d’imir sé réasúnta maith sna cluichí a d’imir sé.

        Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s