An Longfort Rómhaith do Churaidh na hÉireann

An Longfort 1-12 Áth Cliath 0-09

Páirc an Phiarsaigh, An Longfort, 17.01.16

An Longfort 1

Níl aon leithscéalta againn. Ba iad an Longfort, an fhoireann ó Roinn 3, ab fhearr sa gcluiche seo. Bhí siad níos díograisí agus níos aclaí ná foireann seo Átha Cliath. Bhí siad lán le díocas. Thuill siad an bua. Scóráil siad cúilíní gleoite. Níor lig siad dúinn imirt. Bhí plean acu agus d’oibrigh sé. Choinnigh siad go leor fear siar nuair nach raibh an liathróid ina seilbh acu agus theip ar thosaithe Átha Cliath scóranna a aimsiú dá bharr sin. Bhí an Longfort réidh dúinn agus bhí sé le feiceáil sa mbealach ar thug siad faoin gcluiche seo. Ba é an chéad uair a chaill foireann Átha Cliath cluiche ó 1 Márta, 2015, nuair a chaill siad in aghaidh Chiarraí i gCill Airne. Fair play dhon Longfort. Tabharfaidh siad aghaidh ar an Mí anois i bPáirc Tailteann, i gcluiche ceannais Chraobh Chorn Uí Bhroin. Gach rath orthu.

Bréag a bheadh ann a rá nach raibh díomá orm. Bhí agus díomá mhór. Is ag gabháil ar aistear bliana atá mé anseo le foirne Bhaile Átha Cliath. Taobh istigh, bhí mé ag súil go n-éireodh leis na peileadóirí gach comórtas ina raibh siad a bhuachan, díreach mar a rinne siad anuraidh. Seans go bhfuil mé soineanta ach b’in í an bhrioglóid a bhí agam do na Dubs i mbliana. Tuigim gur éacht eisceachtúil a rinne na peileadóiri anuraidh ach, mar sin féin, bhí an páiste ionam ag súil go ndéanfadh muid arís é. Is ag díriú ar an tSraith Náisiúnta a bheidh muid anois. Bímis dearfach.

An Chéad Leath

Thosaigh an Longfort go maith agus bhí siad dhá chúilín chun tosaigh tar éis seacht nóiméad nó mar sin. Thaispeáin siad dúinn ón tús, nach raibh siad chun luí siar agus ligean do na Dubs scrios a dhéanamh orthu. Tháinig na Dubs ar ais, ina ainneoin sin, le cúpla scór dá gcuid féin leis an gcluiche a chothromú. Uaidh sin go leatham, áfach, choinnigh an Longfort orthu ag obair go dian agus chuaigh siad isteach ag leatham 0-07 go dtí 0-04 chun tosaigh a bhuíochas, ach go háirithe, do scóranna ó Robbie Smyth agus Francis McGee.

An Dara Leath

Tháinig imreoirí Átha Cliath amach láidir ag tús an dara leath agus d‘éirigh leo an bhearna a laghdú go cúilín amháin, a bhuíochas do scóranna ó Rock – 0-09 go dtí 0-08 agus tuairim is 15 nóiméad le himirt. Bhí an lámh in uachtar á fáil ag Áth Cliath sa gcluiche. Ansin, tugadh saorchic do fhir na hardchathrach 30 slat, nó mar sin, amach ón gcúl agus 30 slat istigh ón taobhlíne. Thóg Rock an cic ach bhuail an liathróid an posta agus chuaigh an Longfort suas go dtí an taobh eile den pháirc agus scórail siad cúilín dá gcuid féin. Scór cinniúnach.

D’athraigh sé sin an cluiche, feictear dhom. In áit a bheith cothrom agus an móineantam acu, bhí fir Jim Gavin dhá chúilín taobh thiar. Thaispeáin an Longfort croí, spiorad agus anam ina gcuid imeartha ina dhiaidh sin agus, uaidh sin go deireadh an chluiche, d’éirigh leo 1-03 a scóráil i gcomparáid leis an 0-01 a scóráil na Dubs. Ba é mac bhainisteoir an Longfoirt, Liam Connerton, a scórail an cúl tábhachtach don fhoireann baile.

Níl aon amhras ach go mbeadh foireann iontach an Longfoirt ó na seascaidí, a bhuaigh Sraith Náisiúnta agus Craobh Laighean, bródúil as iarrachtaí na foirne seo Dé Domhnaigh.

Laoch na hImeartha

Is do Jonny Cooper a thabharfaidh mé laoch na himeartha an uair seo. Bhí lá an-ghnóthach aige agus bhí sé i gcroílár na himeartha gach uair ar cuireadh an liathróid isteach i dtreo líne lánchúil Bhaile Átha Cliath. Bhí cluiche maith ag Tomás Brady agus ag Philly McMahon, ach go háirithe, freisin. Ar an drochuair, níor éirigh leis na tosaithe tionchar a imirt ar an gcluiche. Nuair a d’fhan tosaithe an Longfoirt ina leath féin, le tacú leis na cúlaithe, bhí neart fadhbanna ag fir Átha Cliath seansanna a chruthú. Bheifeá ag súil go gcuirfí sin ina cheart nuair a thagann na boic mhóra ar ais go luath!

Imríodh an cluiche seo os comhair slua de thuairim is 2,500. Bhí ‘Briogáid na mBodhrán’, mar a thugaim féin orthu, amuigh don chéad uair i mbliana. Is mór an trua nach raibh cúis cheart acu gabháil i mbun ceoil!

An Longfort 2

Amach Anseo

De bharr nar éirigh leis na Dubs gabháil a fhad le cluiche ceannais Chraobh Chorn Uí Bhroin i mbliana beidh coicís acu anois, le díriú ar chéad chluiche na sraithe in aghaidh Chiarraí, i bPáirc an Chrócaigh, ag deireadh na míosa. Bheifeá ag súil go bhfeicfí imreoirí ar nós Eoghan O’ Gara, Diarmuid Connolly, Bernard Brogan agus Jack McCaffrey ar ais go luath agus cá bhfios ach go bhfeicfí cuid acu sa gcluiche sin.

I nuacht eile, d’fhógair Jim Gavin an tseachtain seo gurb é Stephen Cluxton a bheidh mar chaptaen ar an bhfoireann i 2016 – don cheathrú bliain i ndiaidh a chéile. D’imir sé don chéad uair i mbliana in aghaidh an Longfoirt, Dé Domhnaigh.

Fanaimis deafach. Tabharfaidh bua an Longfoirt deis dom na hiománaithe a fheiceáil Dé Domhnaigh agus don chéad uair i mbliana. Na Dubs abú!

 

Áth Cliath: S Cluxton, J Cooper, J Curley, P McMahon, J McCarthy, J Small, D Daly (0-01), C Reddin (0-02), D Bastick, T Brady (0-01), D Rock (0-03), S Carthy, C Costello (0-01), P Andrews (0-01), C O’ Callaghan

Ionadaithe: N Scully do D Bastick, P Ryan do C O’ Callaghan, C Mullally do S Carthy, M Deegan do P Andrews

 

 

 

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s