Bua Eile ag na hIománaithe

Áth Cliath 2-20 Laois 1-09

Páirc Uí Mhórdha, Port Laoise, 17.01.16

 BÁC v Laois

D’éirigh leis na Dubs a dtríú cluiche i ndiaidh a chéile a bhuachan in aghaidh Laoise Dé Domhnaigh seo caite. Cinnte, bheifeá ag súil go mbeadh foreann Átha Cliath ag buachan na gcluichí seo ach, mar sin féin, ní haon dochar do mhuinín agus do mhisneach na foirne go bhfuil siad á mbuachan go compordach.

An Cluiche Féin

Bhí an dá fhoireann gob ar ghob ag tús an chéad leath agus tar éis 20 nóiméad nó mar sin agus tar éis cúil ó Fhiontán MacGibb do na Dubs agus ó Thadhg Dowling do Laois bhí na foirne cothrom ar 1-06 go dtí 1-06. Dúisíodh na Dubs ina dhiaidh sin, áfach, agus d’éirigh leo gabháil píosa maith chun tosaigh idir sin agus deireadh an chéad leath. Bhí siad chun tosaigh 2-12 go dtí 1-07 ag leatham. Ba é Paul Ryan a scórail an dara cúl do na Dubs ó phoc éirice.

Ní raibh móran scóranna sa dara leath agus d’éirigh leis na Dubs an leath a bhuachan ar scór 0-08 go dtí 0-02. Bhuaigh Átha Cliath go compordach sa deireadh – 2-20 go dtí 1-09.

Amach anseo

Beidh laethanta níos deacra romhainn ag tosú le Gaillimh, Dé Domhnaigh seo chugainn, i bPáirc Pharnell i gcluiche leathcheannais Chorn an Bhreathnaigh. Seo é an chéad uair a thabharfaidh na foirne aghaidh ar a chéile ó bhí ‘Cath Pháirc Fenway’ ann. Tá na meáin den tuairim go bhféadfadh tionchar a bheith ag an gcluiche sin i Meiriceá ar an gcluiche seo ach, ní aontóinn leo a bheag nó a mhór. Lá eile. Comórtas eile. Cluiche eile.

Páirc Fenway

Imreoidh Uíbh Fhailí in aghaidh Loch Garman sa gcluiche ceannais eile. Beidh buaiteoirí an dá chluiche leathcheannais sin ag imirt i gcluiche ceannais Chraobh Chorn Uí Bhroin díreach sula dtugann Áth Cliath aghaidh ar Chiarraí sa bpeil ar an Satharn, 30 Eanáir, i bPáirc an Chrócaigh. Mar sin, is cluiche é seo a chaithfidh na Dubs a bhuachan.

Tá mé ag súil go mór leis an Domhnach i bPáirc Pharnell. Ar aghaidh leis na Dubs!

Áth Cliath: G Maguire, J Boland, R Hardy, O Gough, C Crummey (0-02), L Rushe (0-01), J McCaffrey, C McBride (0-01), D O’ Connell (0-02), D Treacy (0-01), F MacGibb (1-01), P Ryan (1-02), S Treacy (0-01), E Dillon (0-04), C Bennett (0-02)

Ionadaithe: N McMorrow (0-03) do P Ryan, D O’Callaghan do E Dillon, M Schutte do C Bennett, F Ó Riain-Broin do R Hardy, D Plunkett do C McBride

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s