Treacy Damanta do na Dubs

Áth Cliath 1-28 Gaillimh 1-19

Páirc Pharnell 24.01.16

Is fearr go deireanach ná go brách! Bhí mé ag súil go mór leis an tuairisc seo a scríobh ó séideadh an fheadóg ag deireadh an chluiche, toisc an bua iontach seo a bhí againn ar na Gaillimhigh. Faraor géar, áfach, ní raibh deis agam peann a chur le pár (nó méar a chur le méarchlár!) go dtí anois de bharr cúrsaí oibre. Sin earnáil dheonach na Gaeilge dhuit!

Micheál Ó Muircheartaigh

Ní ag gearán atá mé faoi mo chuid oibre ar chor ar bith. Thug Gael Linn deis dhom bualadh le Rí na Tráchtaireacha, Micheál Ó Muircheartaigh, an tseachtain seo – nuair a sheas sé isteach dhúinn mar aoichathaoirleach ag Craobh na hÉireann de chuid Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain, Dé Céadaoin seo caite. Ba mhór an onóir agus an phribhléid a bheith in ann uair an chloig, nó mar sin, a chatheamh lena leithéid, in éindí le mo chomhghleacaithe i nGael Linn Niamh agus Seán. Dar ndóigh, níor phléigh muid ach cúrsaí CLG le linn an ama sin agus d’fhoghlaim muid an t-uafás! Laoch uasal is ea Micheál.

An Cluiche

Bhí mé ag súil go mór leis na hiománaithe a fheiceáil don chéad uair i mbliana go bhfuair mé féin agus mo chúram glaoch aniar as Carna. De bharr an ghlaoch sin, ní raibh aon rogha ach an carr a phacáil agus aghaidh a thabhairt siar ar Chonamara. Beidh orm fanacht go dtí an Satharn anois leis na hiománaithe a fheiceáil don chéad uair i mbliana ach caithfidh mé a rá go bhfuil siad ag déanamh an-mhaith gan mé!

Ba i muinín twitter agus suíomh @DubMatchTracker a chuaigh mé don chluiche seo agus muid ag taisteal abhaile go Ráth Chairn as Carna. Is as Gaillimh do mo bhean agus, mar sin, bhí gáir chatha le cloisteáil théis chuile scór a d’fhógair mé, de réir mar a tháinig siad isteach chugainn tríd an gcóras giolcaireachta! Muise, is maith an rud é gur bhuaigh na Dubs!

Maidir leis an gcluiche féin bhí an-bhua ag na Dubs. An bua ba mhó a bhí againn i mbliana go dtí seo idir an pheil agus an iománaíocht. Bhí an bua seo deas tar éis go bhfuair Gaillimh an ceann is fearr orainn i gCath Pháirc Fenway roinnt míonna ó shin agus i gcluiche ceannais Chorn an Bhreathnaigh anuraidh. Díoltas bainte amach againn agus deis anois Corn an Bhreathnaigh a bhuachan i bPairc an Chrócaigh, Dé Sathairn seo chugainn.

Bhí bua éasca ag Loch Gaman in aghaidh Uíbh Fhailí sa gcluiche leathcheannais eile rud a chiallaíonn gurb iad fir Liam Dunne a sheasann idir muid féin agus céad chorn na bliana (le cúnamh Dé!)

An Chéad Leath

Thosaigh na Dubs go láidir agus tar 23 nóiméad bhí siad 0-09 go dtí 0-05 chun tosaigh. I measc na scórálaithe a bhí ag fir Átha Cliath go dtí sin, bhí David Treacey, Niall McMurrow agus Daire Plunkett. Tháinig Gaillimh ar ais ina dhiaidh sin, áfach, agus a bhuíochas do na déartháireacha Burke, Niall agus David, chuaigh siad isteach cothrom ag leatham – 0-12 go dtí 1-09. Scórail David Burke an cúl do Ghaillimh trí nóiméad roimh an mbriseadh.

An Dara Leath

D’aimisigh David Burke agus Jason Flynn an chéad chúpla scór sa dara leath do Ghaillimh agus bhí amhras ag tíocht orm. Bhí Gaillimh imithe chun tosaigh agus gan iad a bheith ag imirt rómhaith. D’imigh an t-amhras go gairid ina dhiaidh sin, áfach, nuair a scóráil ionadaí na Dubs, Éamonn Dillon, cúl tar éis 40 nóiméad. Mharaigh sé sin spiorad na nGaillimheach. D’ardaigh na Dubs a gcluiche uaidh sin go dtí an deireadh agus bhí bua réasúnta compordach acu.

Laoch na hImeartha

David Treacy

1-03 a scóráil Éamonn Dillon san iomlán tar éis dó teacht isteach mar ionadaí. Bheinn réasúnta cinnte go bhfeicfidh muid i bhfad níos mó de Dillon sna míonna amach romhainn. Ina ainneoin sin, chaithfeá gradam Laoch na hImeartha a thabhairt do David Treacy a chríochnaigh an cluiche le 0-12 agus ceann acu sin ó phoc taobhlíne.

Dé Sathairn seo chugainn

Tá fir Átha Cliath ag imirt go maith i gCraobh Chorn an Bhreathnaigh go dtí seo ach caithfidh siad coinneáil orthu agus an bua a fháil ar Loch Garman, Dé Sathairn seo chugainn, i bPáirc an Chrócaigh leis an jab a chríochnú. Ó cuireadh tus leis an gcraobhchomórtas seo sa mbliain 1954 tá an corn buaite ag na Dubs 6 huaire. Is cinnte go gcaithfidh muid cur leis sin ar an Satharn.

Tá dóchas agam don bhliain amach romhainn agus bheadh sé iontach dá mbeadh Danny Sutcliffe in ann filleadh ar an bpainéal níos faide ar aghaidh sa mbliain. Dá mbeinnse i mbróga Ger Cunningham dhéanfainn pé rud a theastaíonn lena fháil ar ais arís. Bheadh sé iontach Conal Keany a fheiceáil ag filleadh, freisin, nuair a thagann cluichí Bhaile Buadáin Naomh Éanna chun deiridh i gCraobhchomórtas Peile na gCumann. Thabharfadh bua, Dé Sathairn, muinín agus misneach do na himreoirí agus aghaidh á dtabhairt acu ar an tSraith Náisiúnta an mhí seo chugainn. Caithfidh na himreoirí is fearr atá againn a bheith ag imirt linn, áfach, má tá sé i gceist againn dul chun cinn a dhéanamh i mbliana.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: C Dooley, J Boland, O Gough, S Durkin, B Quinn, C Crummey, J McCaffrey, N McMurrow (0-04), F Ó Riain-Ó Broin, D Treacy (0-12), F MacGibb, D Plunkett (0-01), S Treacy (0-01), D O’ Callaghan (0-03), C Bennett (0-01)

Ionadaithe: E Dillon (1-03) do C Crummey, P Ryan (0-02) do C Bennett, S Reilly (0-01) do S Treacy, R Hardy do S Durkin

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s