Andrews ag Tús Cadhnaíochta do na Dubs

Áth Cliath 2-14 Ciarraí 0-14

Roinn 1 de Shraith Náisiúnta Peile Allianz, 30.01.16

GG 2

Bhí sé iontach bheith ar ais i bPáirc an Chrócaigh, tearmann lucht leanta na gcluichí Gaelacha, i measc an 30,107 don chluiche seo idir mhórfhoirne peile Chumann Lúthchleas Gael aréir. Cúis mhór bróid a bhí ann, freisin, nuair a thug foireann Chiarraí garda gradaim do na Dubs agus iad ag teacht chun páirce. Ní fhéadfadh go raibh sé sin éasca do na Ciarraígh agus léirigh sé dúinn an t-ómós agus an meas atá ag croílár ár gcumainn iontaigh.

Cuireadh dhá fhoireann réasúnta láidir chun páirce ach, mar sin féin, bhí go leor ainmneacha móra ar iarraidh ón dá fhoireann. Tá leithéidí Philly McMahon, Paul Flynn, Bernard Brogan, Michael Darragh McCauley agus Eoghan O Gara fós le filleadh do na Dubs agus tá leithéidí Gooch, O Donoghue, Sheehan, Ó Sé agus O’ Mahony le filleadh do Chiarraí.

An Chéad Leath

Thosaigh foireann na hardchathrach go láidir agus tar éis 20 nóiméad nó mar sin bhí siad imithe 0-05 go dtí 0-01 chun tosaigh a bhuíochas sin, ach go háirithe, do scóranna ó Dean Rock, Paddy Andrews agus ó Paul Mannion. Gach uair ar éirigh leis na Dubs seilbh a fháil ar an liathróid chuir siad isteach i dtreo Mannion í. Ba é seo an chéad chluiche a d’imir Mannion ó thóg sé bliain saor ón bpainéal le gabháil ag taisteal mar chuid dá chúrsa ollscoile. Bhí sé an-ghnóthach sa gcluiche seo agus chruthaigh sé go leor fadhbanna do na Ciarraígh.

Chruthaigh muid roinnt seansanna ar chúil ach, faraor géar, chuir muid na seansanna sin amú agus scaoil muid Ciarraí ar ais sa gcluiche de réir a chéile. Bheadh bua i bhfad níos éasca againn dá dtógfaí cuid de na seansanna sin. Ina measc siúd a bhí ciontach as seansanna a chur amú bhí Mannion, Paddy Andrews agus Tomás Brady. Chuaigh na foirne isteach ag an mbriseadh cothrom – 0-07 go dtí 0-07. Bhí Darran O’ Sullivan, Donnchadh Walsh agus Barry John Keane i measc na scórálaithe do lucht na Ríochta.

An Dara Leath

Thóg Áth Cliath smacht ar an gcluiche ó thús an dara leath agus scóráil siad cúl cinniúnach sa 43ú nóiméad a chríochnaigh an cluiche seo mar chomórtas. Chuir Diarmuid Connolly liathróid mhór fhada isteach chuig Andrews ón taobh. D’éirigh le hAndrews rúinne beag spáis a aimsiú dhó féin, rug sé uirthi agus d’éalaigh sé ó Shane Enright. Phasáil sé an liathróid isteach sa gcúl faoi cholainn Kealy a bhí idir na postaí do Chiarraí.

Ocht nóiméad ina dhaidih sin rinne Brian Ó Beaglaoich calaois ar James McCarthy agus bronnadh cic éirice ar na Dubs. Thóg Connolly an cic agus scóráil sé é. Uaidh sin go deireadh an chluiche bhí sé an-chompordach ag na Dubs. Nuair nach raibh ach 10 nóiméad, nó mar sin, fágtha sa gcluiche thosaigh fir Jim Gavin ag tabhairt pasanna gairide dá chéile le ham a chur amú. Rud é seo a rinne siad san athimirt in aghaidh Mhaigh Eo anuraidh. Níl a fhios agam an maith liom an chraic seo agus bím an-neirbhíseach nuair a thosaíonn siad air. Is léir go mbíonn sé á chleachtadh acu.

An jab déanta. Dhá phointe sraithe ag na Dubs.

Laoch na hImeartha

Ní fhéadfainn gan Laoch na hImeartha a thabhairt do Paddy Andrews. Chríochnaigh sé an lá le 1-04. Is imreoir fíorthábhachtach é Andrews don fhoireann anois agus mar a thaispeáin sé dúinn in aghaidh Mhaigh Eo anuraidh is féidir brath air in am an ghátair.

Paddy Andrews

Níor mhiste cúpla duine eile a lua anseo freisin, áfach. Thug Stephen Cluxton sárthaispeántas dúinn ar a chuid ciceanna amach. Fada, giortach, ar dheis nó ar chlé, d’éirigh leis fear a aimsiú chuile uair aréir. Comhartha maith is ea é seo don bhliain amach romhainn. Mar a luaigh mé thuas bhuaigh Paul Mannion a chath féin go héasca aréir agus bhreathnaigh sé an-dainséarch an oíche uilig. Tá sé iontach go bhfuil sé ar ais linn. Rogha eile ag Jim! Mar is iondúil, thaispeáin Jonny Cooper ceannaireacht ó thús deireadh agus d’imir sé le croí is le paisean.

Amach Anseo

Níl aon amhras ann ach go mbeidh fadhb againn lánchúlaí a aimsiú le háit Rory O’ Carroll a líonadh ar an bhfoireann. Tús maith leis an bpróiseas seo a bhí i dtaispeántas Mick Fitzsimons aréir, áfach. Nuair a chuaigh Tommy Walsh, a thosaigh i lár na páirce, isteach go dtí an líne lántosach, láimhseáil Fitzsimons go maith é. Tá Walsh ard láidir agus is cinnte nach mbeidh mórán níos fearr ná é, le marcáil ag pé lánchúlaí a bheidh againn i mbliana. Tús maith a bhí ag fear Chuala! Tá muinín agam as.

Maigh Eo i gCaisleán an Bharraigh, Dé Sathairn seo chugainn, an chéad chluiche eile a bheidh againn. Caithfidh muid an ceann seo a bhuachaint. Chuirfeadh sé ag barr na Sraithe muid ag an mbriseadh coicíse agus bheadh muid in áit mhaith leis na cluichí leathcheannais a bhaint amach. Tá ré nua i Maigh Eo faoi bhainistíocht Stephen Rochford agus Tony McEntee, beirt a bhuaigh Craobhchomórtas na gCumann le Cora Finne agus le Raonaithe na Croise. Thabharfadh bua ar na Dubs misneach agus muinín dóibh. Níor mhaith liomsa go dtarlódh sé sin. Feictear dhom go bhfuil bagairt níos mó ag baint le Maigh Eo ná aon fhoireann eile, do na Dubs i mbliana.

GG 1

Ar bhonn pearsanta, bhí sé iontach freastal ar an gcluiche seo le mo bhean is le mo chuid gasúr. Lá speisialta a bhí ann do Mhacdara, mo mhac is óige – a chéad turas go Páirc an Chrócaigh!

Áth Cliath: S Cluxton, D Byrne, M Fitzsimons, J Cooper, D Byrne, C O’ Sullivan, J Small, J McCarthy, D Bastick, T Brady (0-01), D Connolly, (1-00), C Kilkenny, P Mannion (0-01), D Rock (0-07), P Andrews (1-04)

Ionadaithe: J McCaffrey do D Byrne, E Ó Conghaile do D Bastick, C Costello (0-01) do T Brady, C Reddin do C Kilkenny, D Daly do C O’ Sullivan, C O’ Callaghan do P Mannion

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s