Jim Gavin: Cuir Tús leis an tSraith tar éis Lá ‘le Phádraig

Thug Jim Gavin le fios le gairid gurbh fhearr leis mara gcuirfí tús leis an tSraith Náisiúnta go dtí théis Lá ‘le Phádraig. Dúirt sé go raibh an bhliain idirchontae rófhada agus go raibh i bhfad an iomarca cluichí ag imreoirí óga an t-am sin bliana, ach go háirithe nuair a thugann tú cluichí i gCorn Sigerson agus i gCorn Mhic Giobúin san áireamh. B’fhearr le Gavin go gcaithfeadh imreoirí idirchontae an chéad chúpla mí den bhliain ag traenáil lena gcuid clubanna féin agus nach bhfeicfí iad ag traenáil lena gcuid contaetha go dtí mí an Mhárta.

Jim Gavin

Ceist chasta í seo maidir le stuchtúir na gomórtas agus caitear réiteach a fháil uirthi go luath sula dtéann rudaí as smacht uilig. Níl an dóthain leanúnachais ag baint le bliain imeartha an imreora club agus tá i bhfad an iomarca cluichí á n-imirt ag na himreoirí óga idirchontae idir an coláiste, an club agus an contae. Dhá fhadhb mhóra iad seo a gcaitear aghaidh a thabhairt orthu. Alt le haghaidh lae eile b’fhéidir?

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s