Corn an Bhreathnaigh ag na Dubs don 7ú hUair

Áth Cliath 1-22 Loch Garman 1-12

Páirc an Chrócaigh 30/01/16

Ba é seo an chéad deis a bhí agam na hiománaithe a fheiceáil i mbliana agus bhí mé thar a bheith sásta nár chuir me mallacht orthu tar éis go raibh tús iontach acu leis an mbliain. Ní bheadh móran measa ag go leor ar Chorn an Bhreathnaigh ach tá agamsa. Is ré mhaith í seo do iománaíocht Bhaile Átha Cliath agus ba cheart meas a bheith againn ar an méid atá bainte amach ag ár gcuid iománaithe le tamall de bhlianta anuas. B’fhearr liom go mbeadh muid ag buachan leithéidí seo ná a mhalairt.

Cuireadh tús le Craobhchomórtas an Bhreathnaigh sa mbliain 1954 agus is é seo an seachtú huair ó shin a bhfuil an comórtas buaite againn. 1960, 1964, 1966, 2003, 2011, 2013, 2016 na blianta eile a bhuaigh muid é. Tá sé buaite ag Cill Chainnigh 19 uair agus ag Loch Garman 15 uair. Tá muidne sa tríú háit leis an seacht gcraobh atá buaite againne agus bhuaigh muid trí cinn acu sin le cúig bliana anuas. Mar a luaigh thuas, ré mhaith í seo do iománaíocht na hardchathrach. Is í an cheist mhór ná an bhfuil muid in ann tógáil air sin agus an ceann mór a bhuachan. Beidh le feiceáil!

An Cluiche Féin

Maidir leis an gcluiche féin ón nóiméad a chuaigh foireann Átha Cliath chun tosaigh le scór ó Dotsie O’ Callaghan sa gcéad nóiméad d’éirigh leo fanacht chun tosaigh. Ní raibh mórán de splanc sna Carmanaigh, faraor, agus níor tugadh dúshlán rómhór do na Dubs. Chuaigh fir Ger Cunningham 0-03 go dtí 0-00 chun tosaigh tar éis 4 nóiméad agus in ainneoin nach raibh Loch Garman ach 0-5 go dtí 0-04 chun deiridh tar éis 24 nóiméad bhí sé soiléir gur ag na Dubs a bheadh an lá. Chuaigh siad isteach 0-11 go dtí 0-04 chun tosaigh ag an mbriseadh agus 6 cinn de na scóranna sin ó chamán Paul Ryan.

Iomanaíocht 2

An Dara Leath

An scéal céanna a bhí sa dara leath. Bhí na Dubs an-chompordach agus d’éirigh leo an bua a fháil gan móran dua. Tar éis 54 nóiméad scóráil Liam Óg McGovern cúl do fhoireann Liam Dunne, áfach, ach scóráil Eamonn Dillon cúl dá chuid féin do na Dubs, ar an taobh eile den pháirc nóiméad nó dhó ina dhiaidh sin. D’aimsigh Paul Ryan ceithre chúilín eile sa dara leath agus chríochnaigh sé an cluiche le 0-10. Ar an mbonn sin amháin, thabharfainn Laoch na hImeartha dhó. Is fiú a lua gur sheas sé féin agus Eamonn Dillon amach, ach go háirithe, le linn Chraobh Chorn an Bhreathnaigh i mbliana. An scór deiridh – Áth Cliath 1-22 Loch Garman 1-12. Is iad na Dubs curaidh Chraobh Chorn an Bhreathnaigh 2016.

Óráid Bhuacach Liam Rushe

Ghabh Liam Rushe, captaen na foirne, buíochas leis an lucht leanta as ucht a ndílseachta agus chuir sé síos orthu mar ‘fhíorlucht leanta na Dubs’ agus é i mbun a óráide. Leag mé féin an-suntas sa méid sin a dúirt sé. Ní déarfainn riamh gur mise is dílse do iománaithe na Dubs ach feictear dhom go bhfuil ár meas agus ár dacaíocht tuillte ag an bhfoireann áirithe seo as an méid atá bainte amach acu le blianta beaga anuas. Bhí os cionn 30,000 i láthair i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn don chluiche peile agus gan ach céatadán beag acu sin istigh luath don chluiche seo. Is mór an trua é sin.

Iomanaíocht 3

Ba cheart dúinne, na Dubs, a bheith níos dílse dóibh. Le deich mbliana anuas tá go leor bainte amach ag an bhfoireann seo. Craobh laighean, Sraith Náisiúnta, dhá chluiche leathcheannais Éireann agus trí cinn de Chraobh an Bhreathnaigh. Tá ár gcuid tacaíochta tuillte acu – agus tuillte go maith acu.

An Chéad Chéim Eile

Beidh foireann Ger Cunningham sásta gur bhuaigh siad an comórtas seo ach b’fhearr i bhfad dá mbeadh cluiche crua acu agus an tSraith Náisiúnta thimpeall an choirnéil. Tiobraid Árann i nDurlas sa tSraith an chéad chluiche eile agus bheadh sé iontach dá mbeadh muid in ann tógáil ar an tús maith seo don bhliain. Tá an tSraith uafásach iomaíoch agus beidh orainn, ar a laghad, trí chluiche a bhuachan le fanacht i Roinn 1A an bhliain seo chugainn. Rud an-deacair nuair a chuimhníonn tú gurb iad Cill Chainnigh, Gaillimh, Tiobraid Árann, Corcaigh agus Port Lairge na foirne eile atá i Roinn 1A. Ní bheidh aon chluiche éasca ansin.

Mar a luaigh mé cheana i mbliana teastaíonn na himreoirí is fearr uainn le dul chun cinn a dhéanamh agus bheadh sé iontach dá mbeadh Cunningham in ann Danny Sutcliffe a mhealladh ar ais. Maidir le cás Conal Keaney, thug sé le fios an tseachtain seo nach raibh aon chinneadh déanta aige fós maidir lena thodhchaí leis na hiománaithe agus go raibh sé chun fanacht go dtí go raibh Craobhchomórtas Peile na gCumann thart sula ndéanfadh sé cinneadh. Dóchas éigin an méid sin!

Idir an dá linn, tá coicís chrua traenála rompu sula dtugann siad aghaidh ar Thiobraid Árann. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: C Dooley, J Boland, L Rushe, O Gough, F Ó Riain-Ó Broin (0-01), C Crummey, J McCaffrey (0-01), R McBride, N McMurrow (0-01), D Plunkett (0-01), P Ryan (0-10), D Treacy (0-03), S Treacy (0-01), D O’ Callaghan (0-03), E Dillon (1-01)

Ionadaithe: R Hardy do J Boland, M Schutte do R Hardy, S Reilly do P Ryan

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s