Dhá Phointe Eile ag na Dubs Tar Éis Chath Crua Pháirc Mhic Éil

Áth Cliath 0-09 Maigh Eo 0-07

Páirc Mhic Éil, 7/02/16

Beidh Jim Gavin sásta leis an mbua seo a imríodh os comhair 10,520 i bPairc Mhic Éil, Caisleán an Bharraigh. Tráthnóna gránna a bhí ann agus níl aon amhras ach gur chuir an drochaimsir isteach go mór ar an gcluiche. Ní féidir an milleán uilig a chur ar an aimsir, áfach, don droch-chluiche peile a chonaic muid ann. Shocraigh Maigh Eo go raibh siad chun go leor fear a choinneáil siar i measc na gcúlaithe agus bhí sé soiléir ón tús nach mbeadh mórán scóranna sa gcluiche. Ar mo bhealach siar go Caisleán an Bharraigh bhí mé ag súil le cluiche oscailte mar a bhí i mí Lúnasa seo caite idir na foirne, ach shocraigh bainistíocht Mhaigh Eo nach mar sin a bheadh – agus gach ceart acu sin a dhéanamh.

GG 1

Tá na Dubs go maith ag gabháil i ngleic leis na teaicticí seo anois, áfach. Roimhe seo chuirfidís neart fuinnimh amú ag iarraidh briseadh tríd na cúlaithe le scóranna a aimsiú ach bíonn foighid anois acu. Ligeann siad don fhoireann eile botúin a dhéanamh – go háirithe má bhíonn siad ag buachan. Suíonn siad siar nuair a bhíonn an liathróid ina seilbh acu agus cuireann siad brú ar an bhfoireann eile teacht amach leis an liathróid a bhuachan ar ais. Déantar seo trí go leor pasanna gairide a thabhairt dá chéile idir an líne 45 agus lár na páirce. Nuair a ghéilleann an fhoireann eile agus nuair a thagann siad amach, cruthaítear neart spáis agus cruthaítear seansanna ar scóranna. An-simplí ach an-éifeachtach.

Bhí Maigh Eo taobh thiar ó luath sa dara leath aréir agus fúthusan a bhí sé teacht amach agus seilbh a fháil ar an liathróid. Níorbh fhiú dóibh fir a choinneáil siar agus seilbh na liathróide ag na Dubs. Bhí na Dubs chun tosaigh. Bhí na scóranna ag teastáil ó Mhaigh Eo.

Is léir go gcaitheann na Dubs am ag cleachtadh na dteaicticí seo ag seisiúin traenála. Tógann sé seo foighid agus bíonn ar na himreoirí uilig a bheith dírithe go hiomlán ar an liathróid a choinneáil. Ní féidir aon bhotún a dhéanamh. B’fhearr i bhfad leis na Dubs cluiche oscailte nó shoot out, mar a thugtar anois air, a bheith acu ach níl aon fhadhb acu cluichí a imirt mar seo más gá.

Stair

Tá iomaíocht níos géire idir na Dubs agus Maigh Eo ná aon dá fhoireann eile faoi láthair. Cinnte, tá iomaíocht mhór idir muid féin agus na Ciarraígh ach tá meas ag na Dubs agus na Ciarraígh ar a chéile. Ní hamhlaidh atá sé idir na Dubs agus Maigh Eo.

Ó 2005 i leith , nuair a shocraigh David Brady agus Maigh Eo téamh suas os comhair an Chnoic i bPáirc an Chócaigh, tá naimhdeas idir an dá fhoireann. Bhí nimh sna cluichí uilig eatartha ó shin agus tá caint fós ar an gcéad chluiche idir na foirne i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh.

Bíonn sé an-deacair réiteoireacht a dhéanamh ar chluichí idir na foirne seo agus níl aon amhras ach go raibh jab an-deacrair le déanamh ag fear Raonaithe na Croise, Pádraig Hughes, aréir. Níor chabhraigh an drochaimsir leis ach an oiread.

An Cluiche Féin

Bhí gaoth láidir ag na Dubs sa gcéad leath ach bhí sé deacair orthu deiseanna scórála a chruthú de bharr theaicticí cosanta Mhaigh Eo. Sa tríú nóiméad agus sa gcéad ghluaiseacht ina raibh Aidan O’ Shea agus Philly McMahon lárnach bhí a chéad chinneadh deacair le déanamh ag Hughes agus thug sé cárta dubh do McMahon. Chinn sé gur bhain McMahon tuisle as O’ Shea in aon turas. Seo an dara huair i mbiana ar tugadh cárta dubh do Philly agus níl aon amhras ann ach go mbeidh air bheith cúramach amach anseo. Tá sé soiléir go bhfuil súil ghéar á coinneáil ag réiteoirí air. Caillteanas mór an-luath sa gcluiche a bhí anseo dúinn. Bhí an t-ádh orainn, áfach, go bhféadfadh le Jim Gavin imreoir na bliana, Jack McCaffrey, a chur isteach ina áit.

D’éirigh leis na Dubs a gcéad scór den chluiche a aimsiú san ochtú nóiméad le saorchic ó Rock tar éis gur chuir Diarmuid O’Connor Maigh Eo chun tosaigh sa tríú nóiméad. Ní raibh aon scór eile sa gcluiche gur chuir Diarmuid Connolly an liathróid thar an trasnán sa 20ú nóiméad. D’aimsigh Maigh Eo an chéad dá scór eile ó Regan agus Hennelly ach scóráil Denis Bastick agus Rock, ina dhiaidh sin, le muid a chur 0-04 go dtí 0-03 chun tosaigh ag an mbriseadh. Scór tábhacht a bhí i scór Rock tar éis gur chuir muid go leor seansanna amú sa gcéad leath.

In Aghaidh na Gaoithe

Scóráil Diarmuid O’ Connor céad scór an dara leath leis na foirne a chur cothrom. D’éirigh le hÁth Cliath 3 chúilín a chur idir na foirne, ina dhiaidh sin, áfach. Ba iad na scóranna sin idir an 45ú agus an 47ú nóiméad a bhuaigh an cluiche do na Dubs i ndáiríre. Tháinig an chéad agus tríú scór acu ó Rock, ó shaorchiceanna, agus d’aimsigh McCarthy an scór idir eatarthu.

Bhí na Dubs compordach, ina dhiaidh sin, agus thug siad taispeántas dúinn ar cén chaoi seilbh a choinneáil ar an liathróid. Faoi Mhaigh Eo a bhí se fir a thógáil amach as na cúluithe agus an liathróid a fháil ar ais. Bhí cuma orthu, áfach, go raibh siad drogallach a leithéid a dhéanamh agus, uaidh sin go deireadh an chluiche, d’éirigh le fir na hardchathrach an cluiche a mhoilliú síos. Bhí sé soiléir nach raibh na Dubs chun ligean do Mhaigh Eo scóráil ar an bhfrithionsaí (counter attack), ach an oiread, agus tharraing siad féin roinnt imreoirí siar. Ceacht é seo a d’fhoghlaim muid ó Dhún na nGall i 2014! D’aimsigh Emmet Ó Conghaile agus Cormac Costello, a tháinig isteach do Paul Mannion, na scóranna deireanacha do na Dubs agus Evan Regan agus Rob Hennelly do Mhaigh Eo sa gceathrú deireanach.

GG 2

Sna nóiméid dheireanacha den chluiche seo tugadh cárta dubh do Cooper agus cuireadh Boyle agus Small den pháirc tar éis go raibh siad lárnach i scliúchas i gcúl Cluxton. Bhí cárta buí ag an mbeirt acu roimh an eachtra áirithe sin agus bronnadh an dara cárta buí orthu beirt. Beidh siad ar fáil dá gcuid foirne don chéad chluiche eile.

Laoch na hImeartha

Taispeántas iontach foirne a bhí anseo. D’oibrigh chuile dhuine go han-chrua ach sheas roinnt acu amach, ach go háirithe. Thaispeáin Jonny Cooper agus Diarmuid Connolly ceannaireacht nuair a bhí ceannaireacht ag teastáil. Connolly lena scór sa gcéad leath agus a chuid pasála an oíche uilig. Is laoch é Cooper agus is féidir brath air i gcónaí. Bheadh sé sásta rud ar bith a dhéanamh ar mhaithe leis an bhfoireann. Mar sin féin, bhí James McCarthy damanta aréir agus, dá bharr sin, is do McCarthy atá Laoch na hImeartha ag gabháil an uair seo. Scórail sé cúilín cinniúnach sa 46ú nóiméad agus chlúdaigh sé go leor talaimh aréir.

Amach Anseo

Beidh Jim Gavin an-sásta leis an dá phointe seo. Tá lánphointí acu tar éis cluichí in aghaidh Chiarraí agus Mhaigh Eo – an dá fhoireann is fearr sa tír taobh amuigh de na Dubs le trí bliana anuas. Trí bhua eile as cúig chluiche agus beidh cluiche leathcheannais eile againn.

Beidh Stephen Rochford réasúnta sásta le hiarrachtaí a fhoirne aréir, freisin, tar éis gur chaill siad go héasca in aghaidh Chorcaí an tseachtain seo caite. D’oibrigh siad crua aréir. Bhí go leor imreoirí ar iarraidh acu de bharr gortuithe agus de bharr Caisleán an Bharraigh a bheith fós i gCraobhchomórtas na gCumann. Nuair a thagann siad sin ar ais beidh Maigh Eo i bhfad níos contúirtí.

Ní chuirfeadh sé pioc iontais orm dá mbeadh an dá fhoireann ag tabhairt aghaidhe ar a chéile arís ag deireadh mhí Mheán Fómhair ach tá mé cinnte go mbeadh go leor le rá ag muintir Chiarraí agus ag muintir Thír Eoghain faoi sin!

Páirc Mhic Éil

Bhí sé iontach bheith i bPáirc Mhic Éil aréir. Ní raibh mé ann ó 1992 agus cuireadh ar bhóthar na smaointe mé. Cluiche den tSraith Náisiúnta a bhí ann an t-am sin, freisin, agus d’imir muidne, foireann faoi 15 Chrócaigh Chill Mochuda, in aghaidh Mhistéalaigh Chaisleán an Bharraigh roimh an gcluiche ar pháirc eile. Turas iontach, dar ndóigh.

GG 3

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, M Fitzsimons, J Cooper, D Byrne, J McCarthy (0-01), P McMahon, J Small, D Bastick (0-01), E Ó Conghaile (0-01), T Brady, C Kilkenny, D Connolly (0-01), D Rock (0-04), P Mannion, P Andrews

Ionadaithe: J McCaffrey do P McMahon, S Carthy do D Bastick, C Reddin do T Brady, C Costello (0-01) do P Mannion, P Ryan do P Andrews, D Daly do J Cooper

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s