Saoirse Bhaile Átha Cliath Theas Bronnta ar Jim

Bhronn Méara Chontae Bhaile Átha Cliath Theas, Sarah Holland, ‘Saoirse Bhaile Átha Cliath Theas’ ar Jim Gavin ag ócaid fhoirmeálta aréir, 8 Feabhra, mar aitheantas ar a bhfuil bainte amach aige ina shaol spóirt le peileadóirí an chontae. Nil aon amhras ach gur duine speisialta é Jim agus go bhfuil an gradam seo tuillte go maith aige.

12717200_1707584186155435_1383220770303737118_n

Mar imreoir, bhuaigh sé Craobh Uile-Éireann leis na Dubs sa mbliain 1995, Sraith Náisiúnta sa mbliain 1993 chomh maith le 4 Craobh Laighean. Bhuaigh sé trí Chraobh Uile-Éireann mar bhainisteoir leis na Dubs ag grád faoi 21 – i 2003, 2010 agus i 2012. Ó Ceapadh ina bhainisteoir é ar an bhfoireann shinsearach ag deireadh 2012, tá dhá Chraobh uile-Éireann buaite aige, trí Shraith Náisiúnta, trí Chraobh Laighean chomh maith le Craobh Chorn Uí Bhroin anuraidh. Bliain eisceachtúil a bhí ann dó anuraidh, dar ndóigh, nuair a bhuaigh na Dubs gach uile chomórtas ina raibh siad.

Dá n-éireodh le hÁth Cliath an tríú Craobh Uile-Éireann a bhuachan faoi stiúir Jim cá bhfios ach go mbronnfaí saoirse an chontae uilig air!! Níl aon amhras ach go bhfuil Jim i measc na mbainisteoirí is fearr a bhí ann ariamh. Comhghairdeas leis.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s