Dotsie ag súil go mór le Tús na Sraithe

OCallaghanDavid_UpClose

Thug David O’ Callaghan le fios le gairid go bhfuil iománaithe Átha Cliath ag súil go mór le tús a chur leis an tSraith Náisiúnta. Luaigh sé go raibh atmaisféar an-dearfach ag na seisiúin traenála agus go bhfuil na himreoirí ar bís tar éis dóibh Craobh Chorn an Bhreathnaigh a bhuachan. Dar ndóigh, beidh cluiche an-deacair ag na Dubs in aghaidh Thiobraid Árann i Staid Semple amárach, Dé Sathairn, 13 Feabhra.

Maidir leis na mbainisteoir, Ger Cunningham, thug fear Bhaile Buadáin Naomh Éanna le fios go raibh Cunningham níos eolaí ar chúrsaí iománaíochta i mBaile Átha Cliath tar éis a chéad bhliain a chaitheamh ag socrú isteach. Labhair se faoin bhfoireann iontach bainistíochta atá ag Cunningham, freisin, agus mhol sé go hard iad. Tháinig Liam Walsh agus Patsy Morrissey isteach do Ghearóid Ó Riain, Shay Boland agus do Ed Coughlan i mbliana.

Tá géarghá le tús maith leis an tsraith chun an brú a bhaineann léi a ídiú. Tá an tsraith an-iomaíoch agus d’fhéadfadh aon cheann de na foirne í a bhuachan agus d’fhéadfadh aon cheann acu gabháil síos go Roinn 1b.

Gach rath orainn amárach!

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s