Ceacht Faighte ag na Dubs ó na Tiobraidigh

Tiobraid Árann 1-23 Áth Cliath 0-12

Staid Semple 13/02/16

De réir gach tuairisce bhí an bua seo i bhfad ró-éasca ag Tiobraid Árann. Níor thug na Dubs aon dúshlán dóibh. Ba i muinín twitter, @DubMatchTracker agus @coilinduffy ach go háirithe, a chuaigh mé féin don chluiche seo agus bhí an-díomá nár éirigh leis na Dubs cur leis an tús maith a bhí acu leis an mbliain, nó taispeántas maith ionraic a thabhairt ar a laghad. Imríodh os comhair 5,105 é, i Staid Semple, Durlas.

Ger Cunningham

Ní raibh Áth Cliath san iomaíocht sa gcluiche seo ar chor ar bith. Níor éirigh leo an díocas ná an díograis a ardú ón gcaighdeán a bhíonn ag teastáil do Chraobh Chorn an Bhreathnaigh agus an caighdeán a bhíonn ag teastáil don tSraith Náisiúnta. Thosaigh na Tiobraidigh ar luas lasrach agus ní raibh na Dubs in ann coinneáil suas leo. Tháinig díocas agus luas imeartha Thiobraid Árann aniar aduaidh ar fhoireann Ger Cunningham. Níor éirigh linn ach 12 cúilín a aimsiú sa gcluiche agus gan ach trí cinn acu siúd sa gcéad leath.

Ba é seo céad chluiche Michael Ryan mar bhaintisteoir ar fhoireann Thiobraid Árann. Níor ghlac siad páirt i Sraith Iomána na Mumhan le linn mhí Eanáir agus, mar sin, bhíothas ag ceapadh nach mbeadh siad réidh do na Dubs, a bhí tar éis cúig chluiche a imirt i gCraobh Chorn an Bhreathnaigh le mí anuas. Chuir díocas agus uaillmhian Thiobraid Árann iontas ar fhoireann Cunningham, dá bharr sin. Rinne Jason Forde agus John McGrath scrios ar na Dubs, ach go háirithe, agus ba ródheacair dúinn iad a chloí.

An Chéad Leath

Bhí na foirne cothrom 0-01 go dtí 0-01 tar éis 9 nóiméad ach nuair a d’aimsigh Forde cúl do na Toibridigh, nóiméad ina dhiaidh sin, d’éirigh leo fanacht chun tosaigh uaidh sin go dtí deireadh an chluiche. Chruthaigh Forde go leor deacrachtaí do na Dubs sa gcéad leath agus chríochnaigh sé an leath le 1-03.

Forde

Sa 27ú nóiméad d’aimsigh Noel McGrath cúilín don fhoireann baile. Ba é seo an chéad chluiche a thosaigh McGrath ó fuair sé an ceann ab fhearr ar ailse.

Chuaigh na Dubs isteach taobh thiar ag an mbriseadh ar scór 1-09 go dtí 0-03. Ba iad Ryan, O’ Callaghan agus Plunkett a d’aimsigh na scóranna do fhoireann na príomhchathrach. Bheadh díomá ar Ger Cunningham nár éirigh lena fhoireann ach trí chúilín ar fad a aimsiú sa gcéad leath agus leis na seansanna uile a cuireadh amú.

An Dara Leath

Bhí na Dubs níos fearr sa dara leath ach, mar sin féin, bhí sé fós ró-éasca ag Tiobraid Árann. Tar éis 52 nóiméad bhí Tiobraid Árann ag buachan ar scór 1-14 go dtí 0-10. Thóg na Tiobraidigh smacht ar an gcluiche in athuair, ina dhiaidh sin, áfach. D’aimsigh Forde, John McGrath agus John ‘Bubbles’ O’ Dywer, a tháinig isteach do Dan McCormack sa dara leath, formhór na scóranna sa gceathrú deireanach den chluiche agus d’éirigh leo scór mór a chur suas ar chlár na scór. I measc na scórálaithe do Áth Cliath sa dara leath bhí McMurrow, Dillon, Treacy agus Schutte. An scór deiridh – Tiobraid Árann 1-23 Áth Cliath 0-10.

Uaidh Seo Amach

Níl aon amhras ach go bhfuil brú mór orainn anois ma tá muid ag iarraidh fanacht i Roinn 1a den tsraith an bhliain seo chugainn. Ní bhíonn ach cúig chluiche sa ngrúpa agus tuigeann gach foireann an tábhacht a bhaineann leis an gcéad chluiche a bhuachan chun an brú a ídiú. Tá Gaillimh againn i bPáirc Pharnell an tseachtain seo chugainn agus bheifeá ag súil go mbeadh slua mór ann leis na Dubs a ghríosadh. Caithfidh muid é a bhuachan.

Bhí tús maith ag Gaillimh agus tuigfidh siad go mbeidh siad nach mór slán má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil orainn. Ina dhiaidh sin, beidh Corcaigh againn i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn, 5 Márta. Beidh orainn taisteal go Port Láirge ansin, ar 13 Márta, agus go Páirc Uí Nualláin don chluiche deireanach in aghaidh na gCat ar 20 Márta. D’fhéadfadh cluiche cinniúnach a bheith ansin.

Tháinig an t-athrú luais agus an t-ardú caighdeáin idir Chraobh Chorn an Bhreathnaigh agus an tSraith Náisiúnta aniar aduaidh ar Áth Cliath, Dé Sathairn. Mar sin, beidh orthu bheith réidh gabháil chun catha in aghaidh na Gaillimhe ón gcéad nóiméad.

Ar an drochuair, ní bheidh mé ag an gcluiche Dé Sathairn seo chugainn ach an oiread. Beidh mé thíos san Inbhear Mór, i gcontae Chill Mhantain, i measc mhuintir Chonamara ag béiceach ar son na Dubs. Ní raibh me ródhílis do na hiománaithe go dtí seo i mbliana ach tiocfaidh athrú air sin sna míonna amach romhainn!

Bímis dearfach. Tá muid fós ann. Ar aghaidh linn – na Dubs abú!

Áth Cliath: C Dooley, J Boland, E O’ Donnell, O Gough, C O’ Callaghan, C Crummey, S Barrett, N McMurrow (0-02), J McCaffrey, D Plunkett (0-01), E Dillon (0-01), D Treacy (0-03), D ‘O Callaghan (0-01), P Ryan (0-01), M Schutte (0-01)

Ionadaithe: C Cronin (0-01) do P Ryan, D O’ Connell (0-01) do D Plunkett, O O’ Rourke do D O’ Callaghan, F MacGibb do J Mc Caffrey

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s