Corn Dhaithí Billings Bronnta don Chéad Uair

Dave Billings

Bronnadh Corn Daithí Billings don chéad uair Dé Luain seo caite, 15 Feabhra, 2016. Ba iad peileadóirí céad bhliana Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a thóg leo an corn tar éis go bhfuair siad an ceann is fearr ar Choláiste na hOllscoile, BÁC, ar scór 3-11 go dtí 3-10. Imríodh cluiche ceannais an chomórtais seo do mhic léinn chéad bhliana i bPáirc an Chrócaigh – an chéad uair ar imríodh cluiche tríú leibhéil ann le tríocha bliain.

Ainmníodh an corn seo i gcuimhne ar Dave Billings, a chaith a shaol ag plé le cúrsaí CLG i mBaile Átha Cliath – idir UCD (a chaill an cluiche ceannais inné, tráthúil go leor!) agus a chlub fein, Cumann Naomh Uinseann. Is ceart agus is cóir go bhfuil an t-aitheantas seo á thabhairt do Billings, a cailleadh i mí Aibreáin seo caite, 2015.

Chaith sé seal ina bhainsteoir ar fhoireann peile f21 na Dubs. Chaith sé roinnt mhaith blianta, ina dhiaidh sin, mar roghnóir ar fhoireann shinsearach na príomhchathrach faoi réimeas Tommy Lyons agus Paul ‘Pillar’ Caffrey. Mar imreoir, d’imir sé peil agus iománaíocht le foirne f21 na Dubs agus bhí se ina bhall de phainéal Heffo a bhuaigh Craobh uile-Éireann in aghaidh na Gaillimhe sa mbliain 1974.

Ba le Cumann Naomh Uinseann a tógadh Dave Billings agus nach tráthúil, agus nach cuí, gur ceapadh fear agus laoch eile de bhunadh Chumann Naomh Uinseann, Ger Brennan, ina oifigeach CLG san Ollscoil tar éis gur cailleadh é.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s