Tuairiscíodh le cúpla lá anuas go ndearnadh margadh idir Bhord Contae Átha Cliath agus O’ Neills maidir le hurraíocht fheistis imeartha is traenála na Dubs, tar éis neart cuir agus cúitimh. De réir dealraimh, is fiú suas le €100,000 in aghaidh na bliana an margadh seo don Bhord Contae ag brath ar dhíoclachán geansaithe. Íocfar cnapshuim leo mar chuid den mhargadh seo, freisin, dar ndóigh.
Tugadh le fios gur dhiúltaigh an Bord Contae do thairiscint a bhí níos fearr, áfach, de thairbhe rialach, de chuid Chumann Lúthchleas Gael, a deir go gcaithfidh O’Neills, Azzurri nó Kukri feistis na bhfoirne a dhearú agus a chur ar fáil. Gnólachtaí Éireannacha iad na trí chomhlachtaí sin, dar ndóigh, agus tá sé ceart go bhfuil na coinníollacha agus na rialacha seo ann. Tá leithéidí seo ag croílár éiteas an Chumainn.