Bua Maith ag na Dubs sa Neller

Áth Cliath 1-17 Gaillimh 0-13

Páirc Pharnell, 20/02/16

Bua tábhachtach a bhí anseo a theastaigh go géar ó na Dubs, tar éis an drochthús a bhí acu leis an tsraith in aghaidh Thiobraid Árann, i nDurlas, an tseachtain seo caite. Bhí athrú suntasach le feiceáil i meon fhir na hardchathrach, Dé Sathairn. Bhí siad ann chun an cluiche seo a bhuachan agus ba mhór an faoiseamh dá gcuid lucht leanta é sin a fheiceáil. Ardú mór meanma a bhí sa mbua seo do fhir Ger Cunningham agus tabharfaidh sé muinín agus misneach dóibh don chéad chluiche eile in aghaidh Chorcaí.

Áth Cliath v Gaillimh

A mhalairt de scéal a bhí ann do na Gaillimhigh. Tar éis go raibh bua maith acu an tseachtain roimhe ar Chorcaigh bhí an díocas ar iarraidh óna gcuid imeartha Dé Sathairn. Sin mar a bhíonn iománaithe na Gaillimhe, faraor. An-mhaith lá amháin agus an-dona an chéad lá eile. Beidh a gcuid lucht leanta ag súil go mór go mbeidh Micheál Donoghue in ann an fhadhb sin a chur ina cheart i mbliana – mara ndéanann sé rud ar bith eile. Níl aon amhras ann ach go bhfuil imreoirí sách maith ag Gaillimh le rudaí móra a bhaint amach.

An Chéad Leath

Bhí tús réasúnta mall leis an gcluiche seo agus tar éis 7 nóiméad bhí an dá fhoireann cothrom ar scór 0-02 go dtí 0-02. D’éirigh leis na Dubs gabháil chun tosaigh ina dhiaidh sin, áfach, a bhuíochas sin do scóranna ó Niall McMurrow, Dharragh Ó Conaill agus ó David Treacy, a chríochnaigh an cluiche le 0-10. Bhí siad 0-05 go dtí 0-02 chun tosaigh tar éis 13 nóiméad. Choinnigh Joe Canning na Gaillimhigh sa gcluiche, ina ainneoin sin, agus scóráil sé 0-05 ar fad sa gcéad leath agus formhór na scóranna sin ó phocanna saora.

Ba cheart go mbeadh poc éirice ag na Dubs sa 28ú nóiméad nuair a tarraingíodh Éamonn Dillon síos chun talaimh ach ar chúis éigin níor tugadh é. Scóráil Canning an chéad trí chúilín eile ina dhiaidh sin, agus péire acu ó phocanna saora boga. D’fhéadfadh na Dubs a bheith 1-09 go dtí 0-04 chun tosaigh tar éis 28 nóiméad ach bhí siad 0-09 go dtí 0-07 chun tosaigh tar éis 34 nóiméad. Bhí mé ag éirí neirbhíseach ag an bpointe sin! D’aimsigh David Treacy cúilín ina dhiaidh sin, áfach, a chuir na Dubs 0-10 go dtí 0-07 chun tosaigh ag an mbriseadh. Bhí an cluiche fós beo.

An Dara Leath

Tar éis do na Gaillimhigh an chéad scór den dara leath a aimsiú tar éis 38 nóiméad d’éirigh leis na Dubs an cluiche a bhuachaint taobh istigh de thrí nóiméad idir an 42ú agus an 45ú nóiméad. Thaispeáin Niall McMurrow ceannaireacht agus scóráil sé dhá chúilín díreach i ndiaidh a chéile. Ansin, d’éirigh leis na Dubs buille marfach a thabhairt do na Gaillimh nuair a d’aimsigh Seán McGrath cúl ón imirt a chuir na Dubs 1-13 go dtí 0-08 chun tosaigh.

Bhí sé éasca do na Dubs ina dhiaidh sin agus bhuaigh siad go compordach sa deireadh ar scór 1-17 go dtí 0-13. Níorbh aon chabhair do na Gaillimhigh go raibh orthu Canning a bhaint den pháirc ag an mbriseadh as siocar é a bheith tinn.

Laoch na hImeartha

Bhí cluiche maith ag Niall McMurrow agus ag David Treacy. Mar sin féin, chaithfinn é a thabhairt do Liam Rushe. Bhí an-chluiche aige Dé Sathairn. Léirigh sé ceannaireacht agus bhí sé ag tús cadhnaíochta do na Dubs agus é ag iarraidh an bhagairt ó thosaithe na Gaillimhe a cheansú. De bharr an díocas agus an spiorad a thaispeáin sé dúinn tá laoch na himeartha tuillte aige. Imreoir é Rushe a imríonn le paisean agus tá muid in ann brath air in am an ghátair.

Liam Rushe

Amach Anseo

Imreoidh na hiománaithe in aghaidh Chorcaí seachtain ón Sathairn seo chugainn. Cluiche cinniúnach is ea an cluiche seo. Níl aon chluiche buaite ag Corcaigh fós agus d’fhágfadh bua muid 4 phointe chun tosaigh orthu – agus gan fágtha ach trí chluiche. Céim ar chéim…

Ar nóta eile bhí se iontach na leaids óga a fheiceáil ar an teilifís ag pocáil thart ag leatham i bPáirc Pharnell. Radharc iontach agus traidisiún iontach é seo atá bainteach go smior lenár gcuid gcluichí. Bímis bródúil as na rudaí sin.

Na Dubs abú. Go n-éirí linn!

Áth Cliath: C Dooley, E O’Donnell, C O’Callaghan, O Gough, C Crummey, L Rushe, J McCaffrey, D O’Connell (0-01), D Plunkett, S McGrath (1-00), N McMorrow (0-04), D Treacy (0-10), E Dillon, D O’Callaghan (0-01), M Schutte.

Ionadaithe: C Cronin (0-01) do S McGrath, S Treacy do D O’Callaghan, J Madden do J McCaffrey

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s