Áth Cliath v Muineachán

Áth Cliath v Muineachán

Páirc an Chrócaigh 27/02/16

In ainneoin go raibh mé sáite san iomanaíocht le coicís anuas, agus go raibh sé sin iontach, caithfidh mé a rá go bhfuil sceitimíní orm go bhfuil an pheil ar ais. Tá mé mar a bheadh gasúr óg ag fanacht ar Dhaidí na Nollag! D’airigh mé uaim go mór í, ach go háirithe tar éis an tús iontach a bhí againn leis an tsraith. Tabharfaidh na Dubs aghaidh ar Mhuineachán i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn agus, cheana féin, tá mé ag súil leis an mbriseadh a thabharfaidh an cluiche seo dom ón gcomhaireamh olltoghcháin a bheidh ar siúl an lá céanna.

D Connolly

Is féidir bheith cinnte go dtabharfaidh Muineachan dúshlán maith do na Dubs. Beidh go leor fear á gcoinneáil siar acu i measc na gcúlaithe agus beidh siad ag iarraidh muid a bhualadh ar an bhfrithionsaí. Tá na Dubs in ann ag an stíl imeartha sin anois, áfach, agus beidh cur chuige foighneach acu leis an gceann is fearr a fháil ar na hUltaigh. Coinneoidh siad seilbh na liathróide agus meallfaidh siad muintir Mhuineacháin amach as na cúlaithe. A luaithe a thagann siad amach beidh spás ag tosaithe na Dubs le seansanna a chruthú. Beidh siad ag brath ar chruinneas leithéidí Diarmuid Connolly agus Cian O’ Sullivan leis na tosaithe sin a aimsiú.

Muineachán

Is ré an-mhaith é seo do pheileadóirí na Fearnmhuighe agus tá siad ar cheann de na foirne is fearr i gCúige Uladh le ceithre nó cúig de bhlianta anuas. Níl aon cheist faoi. As an 16 craobh cúige ar fad atá buaite acu, tá péire acu sin buaite le trí bliana anuas. Ó tháinig Malachy O’ Rourke isteach, ta córas agus struchtúr imeartha in úsáid acu atá éifeachtach agus níl aon amhras ann ach go dtuigeann chuile bhall den phainéal an ról atá acu. Tá siad dea-eagraithe. Níl sé éasca iad a bhriseadh síos agus is mar sin a bheidh sé don chuid is mó den chluiche Dé Sathairn.

Muineachán

I measc na n-imreoirí is fearr atá acu tá an cúl báire Rory Beggan, Dessie Mone agus Drew Wylie i measc na gcúlaithe agus Conor McManus agus Kieran Hughes sna tosaithe. Tá na himreoirí sin uilig ainmnithe ar an bpainéal don Satharn. Tá ceithre phointe saothraithe ag Muineachán go dtí seo théis a mbuanna ar Ros Comáin agus ar an Dún. Ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm dá n-éireodh leo na cluichí ceathrú ceannais den tSraith Náisiúnta a bhaint amach i mbliana.

Áth Cliath

Níl aon eolas faighte againn fós maidir leis an bpainéal ata ainmnithe ag Jim Gavin ach is féidir linn a bheith cinnte go mbeidh formhór na n-imreoirí a d’imir an chéad dá chluiche go dtí seo ag imirt arís, Dé Sathairn. Tá amhras ann maidir le Jack McCaffrey agus Paul Mannion, áfach. Gortaíodh iad nuair a bhí siad ag imirt le UCD i gCraobh Chorn Sigerson ag tús na seachtaine. Níor gortaíodh go ródhona iad ach b’fhéidir nárbh aon dochar scíth a thabhairt dóibh ar fhaitíos na bhfaitíos. D’fhéadfadh sé tarlú go bhfeicfeadh muid leithéidí Paul Flynn agus Kevin McManamon ar ais go luath ach seans go bhfuil an cluiche seo ag teacht róluath dóibh.

Cé acu a mbeidh an bua?

In ainneoin nach fios go fóill cé a bheidh ag imirt do na Dubs Dé Sathairn, tá mé ag ceapadh go mbeidh an bua ag fir na hardchathrach ar 6 chúilín nó níos mó. Beidh an chéad leath an-chrua orthu, mar sin féin. Tá ceithre phointe ag Áth Cliath sa tsraith ag an bpointe seo. Má bhuann siad an ní bheidh ag teastáil uathu ach dhá phointe eile le cinntiú go mbeidh siad sna cluichí ceathrú ceannais. Déanfaidh siad an beart.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Advertisements

2 thoughts on “Áth Cliath v Muineachán

  1. Bhí an t-adh orainn oíche Dé Sathairn. Bhí sé an -deacair ag imirt i gcoinne Muineacháin, cé chomh cosantach is a bhí siad. Is beag nár chailleamar cúl sa dara leath. Ach ar aon nós táimíd fós sa Sraith Náisiúnta, agus ní sna míonna Feabhra nó Márta atá Corn Sam Mhic Uidhir le buachaint. Tá lánchúlaí fós uainn. Is mór an trua nach mbeidh Rory O’Carroll linn sa samhradh.

    Moladh

    1. An ceart ar fad agat, a Phádraig. Tá mé faoi bhrú leis an obair faoi lathair ach ta mé ag ceapadh go mbeidh mo thuairisc féin ar an gcluiche réidh agam trathnóna. 6 phointe as 6. Tús maith!

      Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s