6 as 6 do na Dubs sa tSraith

Áth Cliath 1-14 Muineachán 0-16

Páirc an Chrócaigh 3/3/16

Más mall is mithid! Ar an drochuair, idir an diabhal olltoghcháin agus cúrsaí oibre ní raibh deis agam mo chuid smaointe maidir leis an gcluiche iontach seo, a bhí againn Dé Sathairn seo caite, a chur ar pháipéar go dtí anois. Chuir stíl imeartha Mhuineacháin iontas orm agus, de bharr na stíle sin, bhí an-chluiche againn agus ag Conor McManus ach go háirithe. Sárimreoir is ea fear na Boithe!

IMG_0449

An-chluiche go deo a bhí sa gcluiche seo. Bhí tréimhsí maithe scórála ag an dá fhoireann ag amantaí éagsúla le linn an chluiche. De bharr an ‘anonn ‘s anall’ seo, cinntíodh deireadh neirbhíseach don 17,080 a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh. Bhí Dean Rock iontach do Áth Cliath agus choinnigh a chuid saorchiceanna sa gcluiche muid. Chuir stíl imeartha Mhuineacháin iontas orm mar a luaigh mé thuas. D’imir siad roinnt mhaith peile ‘traidisiúnta’ ach choinnigh siad fir siar ag amantaí éagsúla le linn an chluiche, freisin, nuair a bhí gá leis. Meascán maith a bhí ann. In ainneoin gur chuir Áth Cliath go leor seansanna amú d’fhéadfadh an cluiche seo a bheith buaite ag muintir na Fearnmhuighe chomh héasca céanna.

Bhí sé iontach Paul Flynn a fheiceáil ar ais arís agus tháinig Bernard Brogan agus Brian Fenton isteach sa dara leath. Tá sé iontach go bhfuil leithéidí sin ar ais, go háirithe agus scéalta ag gabháil thart nach mbeidh Jack McCaffrey ar fáil don phainéal toisc é ag gabháil ag taisteal. Má tá muid ag iarraidh an tSraith agus ‘Sam’ a choinneáil i mBaile Átha Cliath i mbliana beidh na himreoirí is fearr atá againn ag teastáil uainn ar an bpáirc imeartha. Níl aon cheist faoi sin.

An Chéad Leath

Thosaigh na Dubs go láidir sa gcluiche seo ach theip orthu go leor seansanna a thógáil. Bhí Diarmuid Connolly agus Philly McMahon ciontach as seo ach go háirithe. Ní raibh aon trua ag Muineachán dúinn, áfach, agus d’éirigh leo gabháil 0-07 go dtí 0-02 chun tosaigh orainn tar éis dúinn na seansanna sin a chur amú. Bhí Conor McManus damanta maith do na hUltaigh agus d’éirigh leis fórmhór na scóranna sin a aimsiú do Mhuineachán. Bhí sé dochreidte cruinn an oíche uilig agus chríochnaigh sé an chluiche le 0-12 agus naoi gcinn acu sin ó shaorchiceanna.

Dhúisigh na Dubs ina dhiaidh sin, áfach, agus le Dean Rock ag tús cadhnaíochta d’éirigh leis na Dubs teacht ar ais sa gcluiche. Chuaigh siad isteach ag leatham 0-10 go dtí 0-09 chun tosaigh. I measc na scórálaithe do fhir na hardchathrach bhí Rock le 0-06, Philly McMahon le 0-02, Cormac Costello le scór amháin agus Emmet Ó Conghaile le scór amháin.

An Dara Leath

Tháinig na Dubs amach sa dara leath agus bhí splanc le feiceáil ina gcuid imeartha. Taobh istigh de chúpla nóiméad bhí siad 1-11 go dtí 0-09 chun tosaigh, a bhuíochas sin do shaorchic ó Rock agus do chic éirice ó Connolly – tar éis go ndearnadh calaois ar Paul Flynn. Chreid mé ag an bpointe sin go raibh an cluiche thart agus cheap mé go gcríochnódh fir Jim Gavin go láidir agus go compordach agus go ndéanfadh siad slad ar fhir Malachy O’ Rourke. Ní raibh port fhir Mhuineacháin seinnte, áfach.

Tháinig siad ar ais sa gcluiche go láidir agus tar éis 62 nóiméad bhí na foirne cothrom arís. Bhí siad gob ar ghob agus cothrom ar scór 1-16 go dtí 0-16 tar éis 69 nóiméad. Ansin, sna nóiméid dheireanacha, d’aimsigh Bernard Brogan scór an-deas, ó ghar go maith do thaobhlíne Ardán Uí Chíosóig, do na Dubs. Scór cinniúnach a bhí sa scór seo a bhuaigh an cluiche do imreoirí Jim Gavin ar scór 1-14 go dtí 0-16.

Laoch na hImeartha

Níl aon amhras ach gurbh é Conor McManus ‘laoch na himeartha’ ach, faraor géar, is ar na Dubs amháin a bhronntar an gradam sin sa mblag seo! Mar sin, is fiú taispeántais Dean Rock, de bharr a chuid saorchiceanna ach go háirithe, Emmet Uí Chonghaile, Philly McMahon agus Cormac Costello a lua. Is do Dean Rock a thabharfaidh mé an gradam an tseachtain seo. Choinnigh a chuid saorchiceanna sa gcluiche muid. Is imreoir an-tábhachtach é Dean don phainéal seo. Níl aon amhras ach go bhfuil tionchar an-mhór aige ar chluichí na Dubs sa tSraith Náisiúnta ach go háirithe. Nár laga Dia é!

Amach Anseo

Rinne imreoiri Átha Cliath go leor botún beag sa gcluiche seo agus bhí siad míshlachtmhar in amantaí éagsúla le linn an chluiche. Chuir siad pasanna ar strae. Chuir siad seansanna éasca ar scóranna amú agus chaill siad seilbh na liathróide go ró-éasca le linn an chluiche seo. Ní drochrud é sin, áfach! Tuigfidh an fhoireann bainistíochta go bhfuil go leor le déanamh agus nach bhfuil siad gan locht.

Níl aon amhras ach go dtuigeann Jim Gavin é sin. Nuair a dhéanann an fhoireann botúin is minic a fheictear é ag caint leis féin ar an scáileán mór i bPáirc an Chrócaigh. Thabharfainn an leabhar gur le gléas taifeadta a bhíonn sé ag caint agus gurb é seo an bealach atá aige nótaí a choinneáil. Níl aon fhianaise agam de sin ach ní chuirfeadh sé pioc iontais orm dá mbeadh an ceart agam. Ag smaoineamh os ard atá mé!!

Maidir le hEmmet Ó Conghaile, ta sé tar éis leathnú amach, bail ó Dhia air, agus tá sé ag imirt go maith i lár na páirce. Tá Denis Bastick ag gabháil in aois agus d’fhéadfadh ról an-tábhachtach a bheith ag Emmet i mbliana, mar a bhí ag Brian Fenton dúinn anuraidh.

Dhá chluiche chinniúnacha atá romhainn amach i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo chugainn – na hiománaithe agus na peileadóirí in aghaidh Chorcaí. Caillfidh mé an dá chluiche, faraor, ach má éiríonn linn dá chluiche seo a bhuachan beidh seans againn ar na cluichí leathcheannais sa dá chomórtas.

An Fhoireann f21

Is maith iad an fhoireann f21 a bhuaigh ar an Mí aréir, 3 Márta, ar scór 1-12 go dtí 0-09. BHí an-chluiche ag Con O’ Callaghan agus d’imir mac ‘Chiarraígh Mhallaithe’ Mick Spillane – Darragh Spillane do na Dubs! D’imir fear Chuala go maith, freisin!

Jamie PanC

Na Dubs abú! Go n-éirí linn.

Áth Cliath: S Cluxton, P McMahon (0-02), M Fitzsimons, D Byrne, J McCarthy, C O’Sullivan, J Small, D Bastick, E Ó Conghaile (0-01), P Flynn (0-01), D Connolly (1-00), T Brady, D Rock (0-07), P Andrews, C Costello (0-02)

Ionadaithe: S Carthy do D Bastick, J Cooper do M Fitzsimons, B Brogan do T Brady, P Ryan do D Rock, B Fenton do E Ó Conghaile, S Carthy do D Connolly

Advertisements

2 thoughts on “6 as 6 do na Dubs sa tSraith

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s