Céard a Dhéanfaimid Feasta gan Jack?

Dhearbhaigh Jim Gavin dúinn, tar éis an chluiche in aghaidh Chorcaí ag an deireadh seachtaine, nach mbeadh Jack McCaffrey ar fáil don phainéal, don chuid eile den bhliain. Scéal tubaisteach é seo do sheansanna fhoireann Bhaile Átha Cliath Sam a choinneáil san ardchathair, go háirithe agus Rory O’ Carroll tar éis imeacht ón bpainéal, freisin.

Jack Mac

Lánchúlaí Ollréata is ea O’ Carroll agus ba é Jack a ainmníodh mar Imreoir na Bliana do 2015. Bhuaigh Jack Imreoir Óg na Bliana sa mbliain 2013, freisin. Bheadh foireann ar bith eile i bponc ceart dá gcaillfidís imreoirí dá leithéidí sin. Beidh Gavin agus a fhoireann bainistíochta dóchasach go bhféadfadh le leithéidí Mick Fitzsimons, John Small, Darren Daly agus Eric Lowdes na bearnaí móra seo a líonadh, áfach.

Is mac léinn leighis é Jack agus é sa gceathrú bliain den chúrsa. Tá sé i gceist aige gabháil chun na hAifrice ar feadh cúpla mí agus obair dheonach a dhéanamh mar chuid den chúrsa agus ba mhaith leis roinnt taistil a dhéanamh ina dhiaidh sin. Dar ndóigh, thug Gavin le fios go mbeadh na doirse oscailte dó dá gcinneodh sé filleadh abhaile luath.

Tá dhá bhonn uile-Éireann, trí Chraobh Chúige Laighean agus 3 Shraith Náisiúnta buaite ag Jack go dtí seo agus gan é ach 22 bliain d’aois. Níl aon amhras ach go n-aireoidh muid uainn Jack ach tá chuile cheart aige tús áite a thabhairt dá chuid oideachais. Le cúnamh Dé, ní bheidh sé imithe i bhfad agus beidh sé in ann cur lena bhailiúchán deas bonn amach anseo. Gach rath ort, a Jack.

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s