Dhearbhaigh Jim Gavin dúinn, tar éis an chluiche in aghaidh Chorcaí ag an deireadh seachtaine, nach mbeadh Jack McCaffrey ar fáil don phainéal, don chuid eile den bhliain. Scéal tubaisteach é seo do sheansanna fhoireann Bhaile Átha Cliath Sam a choinneáil san ardchathair, go háirithe agus Rory O’ Carroll tar éis imeacht ón bpainéal, freisin.
Lánchúlaí Ollréata is ea O’ Carroll agus ba é Jack a ainmníodh mar Imreoir na Bliana do 2015. Bhuaigh Jack Imreoir Óg na Bliana sa mbliain 2013, freisin. Bheadh foireann ar bith eile i bponc ceart dá gcaillfidís imreoirí dá leithéidí sin. Beidh Gavin agus a fhoireann bainistíochta dóchasach go bhféadfadh le leithéidí Mick Fitzsimons, John Small, Darren Daly agus Eric Lowdes na bearnaí móra seo a líonadh, áfach.
Is mac léinn leighis é Jack agus é sa gceathrú bliain den chúrsa. Tá sé i gceist aige gabháil chun na hAifrice ar feadh cúpla mí agus obair dheonach a dhéanamh mar chuid den chúrsa agus ba mhaith leis roinnt taistil a dhéanamh ina dhiaidh sin. Dar ndóigh, thug Gavin le fios go mbeadh na doirse oscailte dó dá gcinneodh sé filleadh abhaile luath.
Tá dhá bhonn uile-Éireann, trí Chraobh Chúige Laighean agus 3 Shraith Náisiúnta buaite ag Jack go dtí seo agus gan é ach 22 bliain d’aois. Níl aon amhras ach go n-aireoidh muid uainn Jack ach tá chuile cheart aige tús áite a thabhairt dá chuid oideachais. Le cúnamh Dé, ní bheidh sé imithe i bhfad agus beidh sé in ann cur lena bhailiúchán deas bonn amach anseo. Gach rath ort, a Jack.