Spiorad na Dubs Róláidir do na Corcaígh

Áth Cliath 2-14 Corcaigh 2-10

Páirc an Chrócaigh 5/3/16

Seo é an chéad chluiche a chaill mé i mbliana. Chaill mé é de dheasca ócáide teaghlaigh i gConamara. Caillfidh mé cluichí eile idir seo agus deireadh an tsamhraidh ach níl a fhios agam an bhfeicfidh mé a leithéid de theacht aniar arís. Bhí na Dubs buailte. Níor aimsigh siad oiread is scór amháin sa gcéad 21 nóiméad ach tháinig siad amach sa dara leath agus thug greadadh do na Corcaígh. Tá spiorad aisteach ag foireann seo na Dubs agus ní bhíonn aon chluiche caillte acu go dtí go séidtear an fheadóg ag deireadh an chluiche.

Bhí James McCarthy an-mhaith. Bhí Diarmuid Connolly iontach ach bhí Cormac Costello damanta. Sheas an triúr seo suas nuair a tháinig am an ghátair, Dé Sathairn seo caite. Níl aon amhras ach go mbeadh an cluiche seo caillte ag na Dubs gan iad.

Costello

Maidir le Corcaigh, ta rudaí an-deacair orthu faoi láthair. Théis go raibh bua iontach acu ar Mhaigh Eo i gcéad chluiche na sraithe tá an chuma ar an scéal go bhfuil an tóin tite astu anois. Níor cheart dóibh an cluiche seo a chailleadh théis go ndeachaigh siad 2-07 go dtí 1-02 chun tosaigh gar do dheireadh an chéad leath. Bhí siad róbhog agus scaoil siad na Dubs ar ais sa gcluiche. Caithfidh muintir Chorcaí seans ceart a thabhairt dá mbainisteoir nua, Peadar Healy, ach má luíonn siad siar mar a rinne siad sa dara leath Dé Sathairn ,ní mhairfidh siad i bhfad sa gcraobhchomórtas. Tá mé ag ceapadh gurb iad féin agus an Dún a ghabhfaidh síos go Roinn 2 an bhliain seo chugainn.

An Chéad Leath

Thóg Corcaigh smacht iomlán ar thús an chluiche seo. A bhuíochas do Cholm O’ Neill bhí siad 1-04 go dtí 0-00 chun tosaigh théis 20 nóiméad. D’aimsigh O’ Neill 1-03 den 1-04 sin do Chorcaigh le cic éirice sa 19ú nóiméad san áireamh. Dhúisigh sé sin na Dubs, áfach, agus scóráil Diarmuid Connolly cúl do na Dubs dhá nóiméad ina dhiaidh sin. Bhí go leor fear coinnithe siar ag Corcaigh agus bhí sé deacair ar na Dubs scóranna a aimsiú. Mar sin féin, bhí siad 2-07 go dtí 1-03 chun deiridh ag leatham. D’aimsigh Connolly 1-02 do na Dubs sa leath sin agus choinnigh sé sa gcluiche iad. Ba é an lántosach, Peter Kelleher, a fuair an dara cúl do na Corcaígh sa 28ú nóiméad.

An Dara Leath

Foireann dhifriúil a bhí i bhfir na hardchathrach sa dara leat. Bhí siad dúisithe agus, ó luath sa dara leath, ba léir go raibh dúshlán roimh na Reibiliúnaithe. Bhí Cormac Costello an-chruinn lena chuid saorchiceanna sa dara leath agus tharraing sé na Dubs ar ais gcluiche. 0-09 a scóráil sé sa dara leath le cúilin deas ón imirt san áireamh. Sa 63ú nóiméad cuireadh Jonny Cooper den pháirc nuair a bhronn an réiteoir Paddy Neilan, as Ros Comáin, an dara cárta buí air.

McCarthy

Bhí na Dubs imithe chun tosaigh ag an bpointe sin, áfach, agus d’éirigh leo fanacht ann. Scóráil James McCarthy cúl in am cúitimh gortaithe le snas a chur ar chlár na scór. An-bhua a bhí anseo do na Dubs. Scór deiridh –2-14 go dtí 2-10.

Slua: 20,280

Laoch na hImeartha

Ba é Diarmuid Connolly a choinnigh foireann Jim Gavin sa gcluiche sa gcéad leath agus thug James McCarthy taispeántas iontach dúinn idir an dá líne leathchúil. Mar sin féin, ba é Cormac Costello a d’aimsigh na scóranna a tharraing thar an líne muid. Bhí sé lárnach i dteacht aniar na Dubs agus, dá bharr sin, is ag Costello atá Laoch na hImeartha an uair seo. Théis go raibh drochbhliain aige anuraidh, níl aon amhras ach go bhfeicfidh muid a thuilleadh de Costello sa samhradh. Má choinníonn sé air beidh sé an-deacair ar an mbainisteoir gan é a thosú sa líne lántosaigh.

An Chéad Chéim Eile

Théis dhom mo chéad chluiche a chailleadh i mbliana, tá mé ag súil go mór le mo chéad chuairt ar Pháirc Esler agus le bualadh le mo chuid seanchairde ó Iúr Cinn Trá. Is dócha go bhfuil ár ndóthain déanta againn cheana féin le háit a bhaint amach sna cluichí ceannais. Mar sin féin, déarfainn nach gcuirfeadh sé sin isteach nó amach ar chur chuige Jim Gavin agus é ag réiteach don chluiche seo. Bí ag súil le dhá phointe eile do na Dubs.

Le cúpla cluiche anuas tá Fenton, Flynn, McManamon agus Brogan tar éis teacht ar ais. Cá bhfios ach go bhfeicfidh muid Eoghan O ‘Gara ag pointe áirithe sa gcluiche seo, freisin. Cluichí atá ag teastáil ó na himreoirí sin anois.

Na Dubs abú. Ar aghaidh linn!

Áth Cliath: M Savage, J Cooper, P McMahon, D Byrne, J McCarthy (1-00), C O’Sullivan, E Lowndes, B Fenton, E Ó Conghaile, P Flynn, D Connolly (1-03), C Kilkenny, C Costello (0-09), P Andrews (0-02), B Brogan

Ionadaithe: J Small do E Lowdes, M Fitzsimons do B Fenton, S Carthy do E Ó Conghaile, D Rock do B Brogan, K McManamon do P Andrews SB Carthy do P Flynn

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s