Greadadh do Chorcaí san Ardchathair – Ouch!

 Áth Cliath 4-21 Corcaigh 2-17

Páirc an Chrócaigh 5/3/16

An-bhua go deo a bhí anseo do na Dubs. Ní gach lá a bhíonn bua acu ar Chill Chainnigh, ar Thiobraid Árann ná ar Chorcaigh agus, mar sin, tá sé tábhachtach a leithéid seo de bhua a cheiliúradh. Ní hamháin gur bhuaigh siad ar Chorcaigh ach rinne siad slad orthu agus ní rómhinic a tharlaíonn sé sin. Bhí fir Ger Cunningham níos fearr ná na Corcaígh i ngach áit ar an bpáirc agus bhí an bua mór seo tuillte go maith acu.

Eamonn Ryan

Maidir le Corcaigh, tá gorta mór sa gcontae faoi láthair. Ta 10 mbliana imithe ó bhuaigh siad Corn Liam Mhic Cárthaigh go deireanach agus níl an chuma ar an scéal, bunaithe ar na cluichí a d’imir siad sa tsraith go dtí seo, go mbuafaidh siad aon rud i mbliana. Níl aon chluiche buaite acu sa straith go fóill agus tá an chuma ar an scéal go mbeidh siad ag imirt i Roinn 1b an bhliain seo chugainn.

Ceithre phointe as sé phointe atá gnóite ag na Dubs go dtí seo. Níl siad sábháilte fós, áfach, agus dhá chluiche mhóra as baile le himirt acu – ceann i bPáirc an Bhreathnaigh in aghaidh Phort Láirge, Dé Domhnaigh seo chugainn, agus ceann eile i bPáirc Uí Nualláin in aghaidh na gCat seachtain ón Domhnach. Is féidir a bheith cinnte go mbeidh na Dubs lán le muinín agus le misneach théis an bhua seo, áfach. Tabharfaidh sé seo seans dóibh an pointe breise atá ag teastáil uatha a fháil, le cinntiú go bhfanfaidh siad i Roinn 1a don chéad bhliain eile.

An Chéad Leath

In ainneoin go raibh tús maith ag Corcaigh, agus iad chun tosaigh 0-04 go dtí 0-02 luath go maith sa gcluiche chuir na Dubs deireadh leis an gcath seo taobh istigh de 4 nóiméad idir 20 agus 24 nóiméad nuair a d’aimsigh siad trí chúl ó Eamonn Dillon, David Ttreacy agus ó Sheán McGrath. Ní raibh aon fhreagra ag Corcaigh ar an ionsaí seo gan trócaire, a rinne na Dubs orthu. Chuaigh siad isteach ag an mbriseadh 3-12 go dtí 0-09 chun tosaigh.

An Dara Leath

Choinnigh na Dubs smacht iomlán ar an gcluiche, don chuid is mó den dara leath, agus chinntigh Dillon na pointí dóibh leath bhealach tríd nuair a d’aimsigh sé an ceathrú cúl do fhoireann na hardchathrach. Chuir sé seo 4-14 go dtí 0-11 chun tosaigh iad. Chríochnaigh Corcaigh go láidir agus d’éirigh le Séamus Harnedy dhá chúl a scórail in am cúitimh gortaithe le cruth níos fearr a chur ar chlár na scíór. Bua an-éasca a bhí anseo do na Dubs in aghaidh na gCorcaíoch, afach.

harnedy

Laoch na hImeartha

Bhí tionchar an-mhór ag Eamonn Dillon ar an gcluiche agus is air féin atá gradam Laoch na hImeartha ag gabháil an tseachtain seo. Feicfidh muid i bhfad níos mó de fhear Naomh Fionnbarra sa samhradh, le cúnamh Dé. Chríochnaigh Eamonn an lá le 2-03. An-imreoir atá ann agus beidh deacrachtaí ag cúlaithe coinneáil suas leis an luas lasrach atá aige. Níor mhiste taispeántas David Treacy a lua freisin, áfach. Chriochnaigh se féin an lá le 1-07.

An Tábla                                 I           B          C          CS        S          G          P

Port Láirge                               3          3          0          0          55        47        6

Cill Chainnigh                          3          2          1          0          54        49        4

Áth Cliath                                3          2          1          0          65        62        4

Tiobraid Árann                        3          1          2          0          64        56        2

Gaillimh                                   3          1          2          0          60        65        2

Corcaigh                                  3          0          3          0          64        83        0

Na Déise

Ger Cunningham

Turas go Port Láirge atá sa gcéad chluiche eile. Cluiche eile nach bhfeicfidh mé, ach ní bheidh sé i bhfad eile go mbeidh mé ar an mbandwagon ceart. Na Dubs abú!

Áth Cliath: C Dooley, E O’Donnell, C O’Callaghan, O Gough, S Barrett (0-02), L Rushe (0-01), J McCaffrey (0-01), D O’Connell, D Plunkett (0-01), S McGrath (1-00), N McMorrow (0-02), D Treacy (1-07), D O’Callaghan (0-01), M Schutte (0-02), E Dillon (2-03)

Ionadaithe: C Cronin do S McGrath, J Boland do J McCaffrey, S Treacy (0-01) do D O’Callaghan, F McGibb do D Treacy, J Madden do C O’Callaghan

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s