Ar Aghaidh Leis na Dubs go dtí Na Cluichí Leathcheannais

Áth Cliath 1-15 An Dún 1-07

Páirc Esler, Iúr Cinn Trá, 12/03/16

Scór

Bheul, frig san aer an diabhal cairr sin atá agam! Bhris sé síos orm tar éis an chluiche in Iúr Cinn Trá, rud a chinntíonn go mbeidh cuimhne go deo agam ar mo chéad turas go Páirc Esler leis na Dubs a fheiceáil. De bharr nach dtosódh an carr, ba in éindí le seanchairde liom as Iúr Cinn Trá a chaith mé an oíche ag ceiliúradh an bhua seo. Beidh turas eile le déanamh ó thuaidh agam i rith na seachtaine leis an gcarr a bhailiú ach eachtra eile do lá eile í sin. Mo mhíle buíochas le Robbie Ó Cianáin is a mhuintir i gcontae an Dúin a thug an-aire dhom don oíche.

Mé féin is Robbie ceart

An Cluiche Féin

Maidir leis an gcluiche féin, ní raibh na Dubs ró-iontach ach rinne siad go leor, mar sin féin, lena n-áit a chinntiú i gcluichí leathcheannais na Sraithe. D’fhéadfaidís a gcluiche a ardú dá mba ghá, ach rinne siad a ndóthain len é bhuachan go réasúnta compordach. Níor sheas aoinne ar leith amach cé go raibh Mick Fitzsimons, Philly McMahon, Ciarán Kilkenny, Diarmuid Connolly agus Cormac Costello lárnach san imirt do na Dubs.

Maidir leis an Dún, níl aon rud á fhoghlaim acu i Roinn 1 i mbliana. Níl siad sách maith di agus tá a gcuid lucht leanta féin sásta é sin a admháil go fiú. Tá roinnt mhaith acu den tuairim go raibh an t-ádh orthu gabháil suas go Roinn 1 anuraidh agus aithnítear nach bhfuil siad ar chomhchaighdeán leis na foirne eile sa Roinn.

Cur amú a bheidh sa mbliain seo do mhuintir an Dúin mar thoradh ar an slad atá á dhéanamh ag na boic mhóra orthu sa tsraith. Tabharfaidh siad aghaidh ar Mhuineachán i gcéad bhabhta Chraobh Uladh gan aon mhisneach ná muinín, tar éis dóibh na cluichí sraithe seo uilig a chailleadh go dona. Tá dúshlán mór millteach roimh an mbainisteoir nua, Eamonn Burns, ord agus eagar a chur orthu agus iad a spreagadh don Chraobh. Gach rath air.

An Chéad Leath

Bhí tús maith ag an Dún leis an gcluiche. Tar éis do Dean Rock an chéad scór a aimsiú do na Dubs, scóráil siad 1-02. Ba é Dónal O Hare a d’aimsigh an cúl do fhir na mBeanna Boirche. Ba ag iarraidh an liathróid a chur thar an trasnán a bhí sé ach níor bhuail sé sách láidir í agus landáil sí giortach. In áit breith ar an liathródi go héasca, áfach, scaoil Cluxton an liathróid idir a dhá láimh agus isteach sa gcúl. Botún mór déanta ag an gcaptaen!Go gairid ina dhiaidh sin, bhí ar Kevin McKernan an pháirc a fhágáil tar éis gur thug an réiteoir, Derek O’ Mahony, cárta dubh dhó.

D’ardaigh Áth Cliath a seolta ina dhiaidh sin agus d’éirigh leo 1-07 a scóráil gan freagra ar bith ón bhfoireann baile. Ba ó chos Chormac Costello a thainig 1-03 de sin. Chuaigh na Dubs isteach ag an mbriseadh 1-08 go dtí 1-03 chun tosaigh.

An Dara Leath

Bhí an dara leath den chluiche seo comporadach go leor do fhir na hardchathrach ach d’éirigh leis an Dún an bhearna a laghdú go ceithre phointe agus gan ach ceithre nóiméad déag fagtha. Idir an dá linn, tugadh cárta dubh do Paul Flynn sa 43ú nóiméad agus go leor den tuairim go raibh cúis gearáin aige maidir le cinneadh an réiteora.

Tháinig ardú ar dhíocas na Dubs tar éis gur laghdaigh an Dún an bhearna go ceithre phointe agus d’aimsigh siad na trí scóreanna deireanacha ó Jonny Cooper, Paddy Andrews agus ó Dean Rock. Idir na scóranna sin do na Dubs bhí dhá sheans ag an Dún ar chúil ach bhuail siad an posta le hiarracht amháin acu agus bhuail an trasnán leis an iarracht eile. Bhí seans ag Eric Lowdes ar chúl, freisin, do na Dubs nuair a phléasc sé trí lánchúluithe an Dúin ach chuir sé ar fóraoil é. Scór deiridh – Áth Cliath 1-15 An Dún 1-07. Tá na Dubs tríd chuig cluiche leathcheannais eile.

Laoch na hImeartha

In ainneoin nár sheas aoinne ar leith amach bhí tábhacht ar leith ag baint le scóranna Chormac Costello arís an tseachtain seo. Mar sin, is ag Costello atá Laoch na hImeartha don dara seachtain i ndiaidh a chéile. Beidh sé ag súil le háit a fháil ar an bhfoireannn tosaigh nuair a thiocfas an samhradh.

An Tábla                                 I           B          C          CS        D          P

Áth Cliath                                5          5          0          0          21        10

Ros Comáin                             5          4          0          1          29        8

Dún na nGall                           5          3          0          2          19        6

Ciarraí                                     5          3          0          2          19        6

Muineachán                            5          2          0          3          -4         4

Corcaigh                                  5          2          0          3          -16       4

Maigh Eo                                 5          1          0          4          -16       2

An Dún                                     5          0          0          5          -52       0

Briseadh

Beidh briseadh coicíse ag na peileadóirí anois agus ba cheart go bhfeicfí ardú eile ó thaobh díoscais de ina gcuid imeartha théis an bhriseadh. Dún na nGall i bPáirc an Chrócaigh, ar 26 Márta, an chéad chluiche eile. In ainneoin go bhfuil na Dubs théis na cluichí leathcheannais a bhaint amach agus dhá chluiche fágtha acu, is féidir bheith cinnte go mbeidh siad ag iarraidh an dá chluiche dheireanacha a bhuachan chomh maith. Ní fada uainn an samhradh anois agus beidh chuile imreoir ar an bpainéal ag iarraidh gabháil i bhfeidhm ar an bhfoireann bainistíochta.

Théis an chluiche

Bhí sé deas gasúir óga a fheiceáil ag rith amach ar an bpáirc le bualadh lena gcuid laochra, nuair a bhí an cluiche thart. Is traidisiún é seo a dhéanann ár gcumann difriúil ó chumainn eile spóirt.

Ar aghaidh linn!

Áth Cliath: S Cluxton, D Byrne, M Fitzsimons, J Small, J McCarthy, P McMahon, J Cooper (0-01), B Fenton, S Carthy, P Flynn (0-02), D Connolly, C Kilkenny (0-02), C Costello (1-04), K McManamon (0-02), D Rock (0-03)

Ionadaithe: SB Carthy do P Flynn, P Andrews (0-01) do K McManamon, E Lowndes so S Carthy, D Bastick do B Fenton, T Brady do C Costello, D Daly do J Cooper

 

Advertisements

2 thoughts on “Ar Aghaidh Leis na Dubs go dtí Na Cluichí Leathcheannais

  1. Tá Costello ar leibhéal eile i mbliana. Cúpla bliain ó shin bhí na dualgaisí uilig ar Brogan! Tá rogha níos fearr againn sna tosaithe anois. Beimid ceart go leor gan Jack ach bheinn buartha gan O’Carroll amach anseo! Tá géarghá le fear níos mó mar lánchúlaí.

    Moladh

    1. Aontaím leat! Beidh Flynn, Connolly agus Kilkenny sa line leatosach agus fágfaidh sé sin rogha de Costello, Brogan, Mannion, McMenamon, Rock, Andrews agus O’ Gara sa líne lántosach. Ag an bpointe seo thógfainn Costello, Brogan agus Andrews.

      Beidh muid ag brath go mór ar Mick Fitz, Small, Daly, Byrne agus Lowndes le háit McCaffrey agus ROC a thógáil. Ag an bpointe seo, roghnóinn Mick Fitz agus Daly. Mick Fitz iontach go dtí seo i mbliana.

      Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s