Tacaímis le Baile Buadáin Naomh Éanna

Cluiche Ceannais Peile na hÉireann

Baile Buadáin Naomh Éanna v Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh

Páirc an Chrócaigh, 17/01/16, 4.00pm

Tabharfaidh Baile Buadáin Naomh Éanna agus Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh aghaidh ar a chéile amárach, Lá ‘le Phádraig, i gcluiche ceannais peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh ar a 4. Tá éacht déanta ag fir Ráth Fearnáin díreach mar a bhí ag Baile Munna, Naomh Uinsionn agus ag Crócaigh Chill Mochuda le roinnt blianta anuas nuair a bhain siad féin cluiche ceannais na gcumann amach. Ba cheart do dhaoine ó chuile chlub i mBaile Átha Cliath gabháil chuig Páirc an Chrócaigh amárach agus tacú le Baile Buadáin agus an t-éacht seo atá déanta acu a aithint.

image

Bíonn iomaíocht fhíorghéar idir na clubanna i mBaile Átha Cliath agus is rud maith é sin. Imríonn pobal in aghaidh pobail, imríonn cara scoile in aghaidh cara scoile, imríonn an taobh ó thuaidh in aghaidh an taobh ó dheas. Bíonn níos mó i gceist ná cluiche a bhuachan. Bíonn bród sa gceantar i gceist agus an sásamh a bhaineann leis an gceann is fearr a fháil ar chlubanna móra eile nach bhfuil rófhada ar shiúl uait. Bíonn géariomaíocht, ‘naimhdeas’ agus an cead gaisce a dhéanamh, i gceist le bua freisin. Ba cheart dúinne, na Dubs, na rudaí seo uilig a leagan ar leataobh ar feadh uair go leith nó mar sin Déardaoin, áfach, agus ár dtacaíocht a thabhairt ar iasacht do fhir Ráth Fearnáin agus tacú leo mar a bheadh aon phobal mór amháin ann.

Ar an gcéad dul síos, is laochra de chuid mhuintir Bhaile Átha Cliath uile Michael Darragh MacAuley, Stephen Hiney, Conal Keaney agus David Curtain. Cén fáth nach mbeadh muid ag iarraidh go mbuafadh na Dubs uaisle seo, a thug seirbhís an-fhada ar an bpáirc imeartha dúinn sa ngeansaí gorm agus dubhghorm, bonn uile-Éireann? D’imir captaen Bhaile Buadáin, Darragh Nelseon, leis na Dubs ar feadh roinnt blianta, freisin, agus is minic a d’imir Declan O’ Mahony, atá ar fionraí don chluiche amárach, i lár na páirce do na Dubs.

1405001951-ballyboden-st-endas_300_300shar-20_s_c1_centre_centre_0_0

Ar an dara dul síos, agus mar atá luaite agam go minic cheana, d’fhéadfadh Maigh Eo bheith an-dainséarach i mbliana. Tá foireann nua bainistíochta acu agus d’éirigh le beirt ar an bhfoireann bainistíochta sin an comórtas seo a bhuachan mar bhainisteoirí. Bhuaigh Stephen Rochford le Cora Finne anuraidh agus bhuaigh a leasbhainisteoir, Tony McEntee, le Raonaithe na Croise faoi dhó é, i 2011 agus i 2012. Dá n-éireodh le foireann seo Chaisleán an Bharraigh Corn Andy Merrigan a bhuachan ar Lá ‘le Phádraig thabharfadh sé misneach agus muinín do imreoirí Mhaigh Eo ar na laethanta móra – rud a bhíonn in easnamh go mór orthu. D’fhéadfadh a leithéid de bhua do fhir an iarthair tionchar a imirt ar an áit a ngabhfas Sam i mí Mheán Fómhair!

Tá mé cinnte go mbeidh an duine neodrach ag iarraidh go mbuafadh Caisleán an Bharraigh Déardaoin de bharr an briseadh croí a d’fhulaing imreoirí Mhaigh Eo le blianta beaga anuas. Is cuma liomsa sa diabhal faoin mbriseadh croí sin, áfach, go háirithe nuair a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag bua do Chaisleán an Bharraigh ar cé aige a mbeidh Sam i mbliana!

Seasaimís le chéile mar Dubs Déardaoin. Tacaíms le fir Ráth Fearnáin don lá. Fillimís ar an ‘naimhdeas’, ar an ‘ngráin’ is ar an ngéariomaíocht arís Dé hAoine. Baile Buadáin Naomh Éanna abú. Go n-éirí leo.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s