Dillon agus Treacy Lárnach do na Dubs

Áth Cliath 0-19 Port Láirge 0-14

Páirc an Bhreathnaigh, 13/03/16

Déanta na fírinne, níor cheap mé go mbuafadh Áth Cliath an ceann seo. Ba cheart go mbeadh níos mó muiníne agam as an bhfoireann seo! Ba é seo an chéad uair ar chaill na Déise sa tSraith le 23 mí anuas agus bhí siad mar rogha na coitiantachta ag go leor don chluiche seo. Bhí na Dubs thar cionn fud fad na páirce, áfach, agus d’éirigh leo bua iontach a bhaint amach. Seachas an cluiche in aghaidh Thiobraid Árann, sa gcéad bhabhta den tSraith, bhí iománaithe Átha Cliath ar fheabhas go dtí seo i mbliana. Tá moladh mór tuillte acu.

Iomáint

Ciallaíonn an bua seo go ngabhfaidh na Dubs ar aghaidh go dtí cluichí ceathrú ceannais na Sraithe. Cinnteoidh sé seo go mbeidh, ar a laghad, cluiche amháin sa mbreis acu. Is ullmhúchán iontach é sin do thús Chraobh Laighean agus an cluiche atá rompu in aghaidh Loch Garman ar 21 Bealtaine, i bPáirc an Chrócaigh.

An Chéad Leath

Thosaigh na Déise go láidir agus d’éirigh leo gabhail trí scór chun tosaigh go luath sa gcluiche, a bhuíochas sin do Patrick Curran agus Colin Dunford. Dhúisigh sé sin na Dubs, áfach, agus d’aimsigh siad an chéad 6 scór eile, agus péire acu ó chamán Eamonn Dillon. Tháinig an fhoireann baile ar ais go láidir, ina dhiaidh sin, agus chuaigh siad isteach 0-08 go dtí 0-07 chun tosaigh ag an mbriseadh. D’aimsigh Austin Gleeson dhá cheann de na scóranna sin do Phort Láirge.

An Dara Leath

Fuair Eamonn Dillon an chéad scór sa dara leath do na Dubs agus bhí na foirne cothrom – 0-08 go dtí 0-08. Thóg na Dubs smacht ar an gcluiche ina dhiaidh sin agus chríochnaigh siad an-láidir. I measc na scórálaithe eile do na Dubs sa dara leath bhí Niall McMorrow, Johnny McCaffrey, Chris Crummey agus Darragh O’Connell. Bua iontach. Scór deiridh: Áth Cliath 0-19 Port Láirge 0-14.

Laoch na hImeartha

Eamonn Ryan

Taispeántas iontach foirne a bhí sa gcluiche seo ach is fiú taispeántais Eamonn Dillon, David Treacy, a bhí an-chruinn ó na saorphocanna an lá uilig, Liam Rushe agus Darragh O’Connell a lua. Bhí an-chluiche acu uilig. Mar sin féin, tá mé chun Laoch na hImeartha a thabhairt do Eamonn Dillon arís. Bhí a chuid scóranna ón imirt an-tábhachtach agus chruthaigh sé go leor fadhbanna agus deacrachtaí do chúlaithe Phort Láirge. Is é Dillon an t-imreoir is mó a sheas amach dhomsa go dtí seo i mbliana. An-imreoir!

Amach Anseo

Na Cait i bPáirc Uí Nualláin Dé Domhnaigh seo chugainn an chéad dúshlán eile atá roimh na hiománaithe i mbliana. Má bhuann muid ba cheart go gcríochnódh muid ag barr na Sraithe. Cé a cheapfadh go mbeadh seans againn air sin, théis an chéad chluiche in aghaidh na dTiobraideach cúpla mí ó shin?

Ag an bpointe seo den séasúr, feictear dhom gur cheart dúinn díriú ar chluiche amháin san iarraidh. Thabharfainn an tábhacht chéanna don tSraith agus a thabharfainn do Chraobh Laighean ag an bpointe seo. Bíodh sé mar sprioc gearrthéarmach againn.

Mar atá luaite agam go minic cheana, teastaíonn na himreoirí is fearr atá againn uainn má tá muid chun aghaidh cheart a thabhairt ar na comórtais mhóra atá amach romhainn. Mar sin, caithfidh Ger Cunningham Danny Sutcliffe a mhealladh ar ais. Tá imreoirí Bhaile Buadáin Naomh Éanna le filleadh go luath agus ba cheart go gcuirfeadh sé sin go mór leis an bpainéal.

Ger Cunningham

Tá dóchas agam arís don fhoireann seo. Tar éis dúinn gabháil siar píosa beag anuraidh tá mé ag ceapadh go bhfuil muid ar ais san iomaíocht agus ar ais i measc na mboc mór. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

An Tábla                                 I           B          C          CS        S          G          P

Áth Cliath                                4          3          1          0          84        76        6

Cill Chainnigh                          4          3          1          0          83        77        6

Port Láirge                              4          3          1          0          69        66        6

Tiobraid Árann                        4          1          2          1          89        81        3

Gaillimh                                  4          1          2          1          85        90        3

Corcaigh                                  4          0          4          0          92        112      0

Na Foirne

Áth Cliath: C Dooley, E O’Donnell, C O’Callaghan, O Gough, C Crummey (0-01), L Rushe, S Barrett, D O’Connell (0-01), J McCaffrey (0-01), D Plunkett, N McMurrow (0-01), D Treacy (0-09), D O’Callaghan (0-01), E Dillon (0-04), F Mac Gib

Ionadaithe: S Treacy (0-01) do F Mac Gib, S McGrath do S Barrett, C Cronic do D O’Connell

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s