20 Ceist CLG Átha Cliath ort!

Cé chomh heolach is atá tú ar chúrsaí CLG Átha Cliath? Seo chugat 20 ceist. Cuirfear na freagraí ar fáil anseo Dé Sathairn seo chugainn, 26 Márta. Ná bí ag googláil!

Bliain leis na Dubs (1)

1. Tá ceithre chlub i mBaile Átha Cliath tar éis Corn Andy Merrigan a bhuachan. Ainmnigh iad.

2. Cé bhí mar bhainisteoir ar fhoireann iománaíochta Átha Cliath idir 2005 agus 2008?

3. Cén club lenar imir Peadar Andrews?

4. Cén contae lenar imir Vinnie Murphy iománaíocht?

5. Cá mhéad bonn uile-Éireann a bhuaigh Brian Mullins le hÁth Cliath?

6. Cén club deireanach ón taobh ó thuaidh den chathair, a bhuaigh Craobh Shinsearach Iománaíochta Átha Cliath?

7. Cé a bhí mar bhainisteoir ar Chiarraí nuair a bhuaigh Áth Cliath orthu i gcluiche ceannais na hÉireann i 2011?

8. Cén bhliain inar bhuaigh Áth Cliath cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann go deireanach?

9. Bhí tríur deartháireacha ar phainéal peile Átha Cliath nuair a bhuaigh siad cluiche ceannais na hÉireann sa mbliain 2011. Ainmnigh iad?

10. Cérbh iad an fhoireann dheireanach le buachan ar fhoireann iománaíochta Átha Cliath i bPáirc Pharnell?

11. Cé bhí ina chaptaen ar fhoireann peile Átha Cliath nuair a bhuaigh siad Sam sa mbliain 1995?

12. Cá mhéad club a bhuaigh Craobh Shinsearach Iománaíochta Átha Cliath ó 2000 i leith?

13. Ainmnigh an triúr Dubs a cuireadh den pháirc i gcluiche ceannais peile na hÉireann in aghaidh na Gaillimhe sa mbliain 1983?

14. Cá mhéad uair ar bhuaigh Áth Cliath Craobh Shinsearach Iománaíochta na hÉireann?

15. Cá mhéad a scóráil Jimmy Keaveney i gcluiche ceannais peile na hÉireann sa mbliain 1977 in aghaidh Ard Mhacha?

16. Cé bhí ina chaptaen ar fhoireann iománaíochta Átha Cliath roimh Johnny McCaffrey?

17.Cé a bhí mar chaptaen ar fhoireann peile Átha Cliath nuair a bhuaigh siad Craobh Laighean sa mbliain 2002?

18. Cé a bhí mar chaptaen ar fhoireann iománaíochta Átha Cliath nuair a bhuaigh siad an tSraith Náisiúnta sa mbliain 2011?

19. Cá mhéad gradam Ollréalta (Allstar) a bhuaigh Ciarán Whelan?

20. Ó 2000 i leith tá cúigear as Baile Áth Cliath tar éis gradaim ollréalta a bhuachan san iománaíocht. Ainmnigh iad.

Advertisements

3 thoughts on “20 Ceist CLG Átha Cliath ort!

  1. 1. UCD, Naomh Unseann, Na Crochaigh Kilmacuda agus Baile Buadán.
    2. Tommy Naughton
    3. Naomh Bríd
    4. Co Ciarraí.
    5. 3 Boinn.
    6. Craobh Ciarán.
    7. Jack O’Connor
    8. 1938
    9. Na Brogans: Bernard, Alan agus Paul.
    10. Loch Garman.
    11. John O’Leary
    12. 6
    13. Brian Mullins, Ciarán Duff agus Ray Hazley.
    14. 6
    15. 1.04
    16. Mc Cann?
    17. Dessie Farrell
    18. Johnny McCaffrey
    19. 2
    20. Alan Mc Crabbe, Liam Rushe, Gary McGuire, Danny Sutcliffe and Paul Kelly.

    Moladh

  2. Na Freagraí!!

    1. COBÁC, Naomh Uinsionn, Crócaigh Chill Mochuda, Baile Buadáin
    2. Tommy Naughton
    3. Cumann Naomh Bríd
    4. Ciarraí
    5. 4
    6. Craobh Chiaráin, 2006
    7. Jack O’Connor
    8.1938
    9. Paul, Alan agus Bernard Brogan.
    10. 2011 in aghaidh na Gaillimhe
    11. John O’Leary
    12. 3 cinn. Cuala, Crócaigh Chill Mochuda, Baile Buadáin Naomh Éanna
    13. Brian Mullins, Ray Hazley, Ciarán Duff
    14. 6
    15. 2-06
    16. Stephen Hiney
    17. Coman Goggins
    18. Johnny McCaffrey
    19. 2 1999 agus 2007
    20. Alan McCrabbe (2009), Liam Rushe (2011 agus 2013), Gary Maguire (2011), Peter Kelly (2013), Danny Sutcliffe (2013)

    Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s