Cé chomh heolach is atá tú ar chúrsaí CLG Átha Cliath? Seo chugat 20 ceist. Cuirfear na freagraí ar fáil anseo Dé Sathairn seo chugainn, 26 Márta. Ná bí ag googláil!
1. Tá ceithre chlub i mBaile Átha Cliath tar éis Corn Andy Merrigan a bhuachan. Ainmnigh iad.
2. Cé bhí mar bhainisteoir ar fhoireann iománaíochta Átha Cliath idir 2005 agus 2008?
3. Cén club lenar imir Peadar Andrews?
4. Cén contae lenar imir Vinnie Murphy iománaíocht?
5. Cá mhéad bonn uile-Éireann a bhuaigh Brian Mullins le hÁth Cliath?
6. Cén club deireanach ón taobh ó thuaidh den chathair, a bhuaigh Craobh Shinsearach Iománaíochta Átha Cliath?
7. Cé a bhí mar bhainisteoir ar Chiarraí nuair a bhuaigh Áth Cliath orthu i gcluiche ceannais na hÉireann i 2011?
8. Cén bhliain inar bhuaigh Áth Cliath cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann go deireanach?
9. Bhí tríur deartháireacha ar phainéal peile Átha Cliath nuair a bhuaigh siad cluiche ceannais na hÉireann sa mbliain 2011. Ainmnigh iad?
10. Cérbh iad an fhoireann dheireanach le buachan ar fhoireann iománaíochta Átha Cliath i bPáirc Pharnell?
11. Cé bhí ina chaptaen ar fhoireann peile Átha Cliath nuair a bhuaigh siad Sam sa mbliain 1995?
12. Cá mhéad club a bhuaigh Craobh Shinsearach Iománaíochta Átha Cliath ó 2000 i leith?
13. Ainmnigh an triúr Dubs a cuireadh den pháirc i gcluiche ceannais peile na hÉireann in aghaidh na Gaillimhe sa mbliain 1983?
14. Cá mhéad uair ar bhuaigh Áth Cliath Craobh Shinsearach Iománaíochta na hÉireann?
15. Cá mhéad a scóráil Jimmy Keaveney i gcluiche ceannais peile na hÉireann sa mbliain 1977 in aghaidh Ard Mhacha?
16. Cé bhí ina chaptaen ar fhoireann iománaíochta Átha Cliath roimh Johnny McCaffrey?
17.Cé a bhí mar chaptaen ar fhoireann peile Átha Cliath nuair a bhuaigh siad Craobh Laighean sa mbliain 2002?
18. Cé a bhí mar chaptaen ar fhoireann iománaíochta Átha Cliath nuair a bhuaigh siad an tSraith Náisiúnta sa mbliain 2011?
19. Cá mhéad gradam Ollréalta (Allstar) a bhuaigh Ciarán Whelan?
20. Ó 2000 i leith tá cúigear as Baile Áth Cliath tar éis gradaim ollréalta a bhuachan san iománaíocht. Ainmnigh iad.