TJ Reid Thar Cionn do na Cait

Cill Chainnigh 0-23 Áth Cliath 1-14

Páirc Uí Nualláin, 20/03/16

Chaill fir Átha Cliath le sé chúilín théis dóibh gabháil isteach ocht gcúilín taobh thiar ag leatham. Ní hionann sin agus deireadh an domhain dóibh. Cinnte dearfa, ba dheas an rud é dhá phointe eile sraithe a fháil ach ní chuirfidh an toradh seo isteach nó amach orthu. Thuig Cunningham go raibh a fhoireann tríd chuig na cluichí ceathrú ceannais, mar a thuig Brian Cody, agus ní raibh an phráinn ná an luas céanna le feiceáil san imirt ón dá fhoireann is a bhí le feiceáil le cúpla cluiche anuas. Thug an cluiche seo deis do Cunningham breathnú ar imreoir nó dhó atá ar imeall an phainéil. Imríodh an cluiche os comhair slua de 8,871 i bPáirc Uí Nualláin.

Ábhar dóchais don bhliain amach romhainn is ea an bealach nár luigh na Dubs síos is nár lig siad don fhoireann baile scrios a dhéanamh orthu théis dóibh gabháil ocht gcúilín chun tosaigh, ag pointe amháin sa gcluiche. Tháinig siad amach sa dara leath agus sprioc acu an bhearna a laghdú agus a bheith iomaíoch sa dara leath. D’éirigh leo an méid sin a bhaint amach. Thaispeáin siad spiorad agus déarfainn go raibh Cunningham sásta leis an taispeántas a thug a fhoireann sa dara leath.

Cill Chainnigh

Céard is féidir a rá faoi na Cait. Bliain i ndiaidh bliana bíonn siad iomaíoch sa gcomórtas seo. Tá an tsraith buaite acu ocht n-uaire ó 2002 i leith agus cé a déarfadh nach mbuafadh siad arís i mbliana í. Nuair a d’éirigh le Cill Chainnigh gabháil chun tosaigh ar Chorcaigh sna nóiméid dheireanacha an tseachtain seo caite bhí paisean, uaillmhian agus díocas Cody don chluiche le feiceáil go soiléir ar an taobhlíne. Tá sé soiléir ón mbealach a rinne Cody ceiliúradh ar na scóranna cinniúnacha sin in aghaidh Chorcaí go bhfuil sé ag iarraidh an comórtas seo a bhuachan arís agus go bhfuil sé lándáiríre faoi. An bainisteoir is fearr riamh – gan cheist.

TJ Reid ceart

Bhí TJ Reid dochreidte maith do na Cait inné agus chruthaigh sé fadhbanna do na Dubs an lá uilig. Chríochnaigh sé an lá le 11 agus cúig cinn acu ón imirt – sárchúilíní ina measc.

An Chéad Leath

Bhí tús láidir ag Cill Chainnigh leis an gcluiche seo agus d’éirigh leo gabháil 0-07 go dtí 0-01 chun tosaigh tar éis 19 nóiméad. Dhúisigh na Dubs ina dhiaidh sin, áfach, agus d’aimsigh Fionntan Mac Gib cúl dóibh sa 21ú nóiméad. Chuir sé seo cuma níos fearr ar chlár na scór. D’aimsigh Niall McMorrow agus Eamonn Dillon scóranna deireanach sa gcéad leath, freisin. Chuaigh na Cait isteach 0-14 go dtí 1-03 chun tosaigh ag an mbriseadh.

An Dara Leath

D’ardaigh na Dubs a gcluiche sa dara leath agus chruthaigh Mac Gib agus Dillon roinnt fadhbanna do chúlaithe Chill Chainnigh. Bhí David Treacy go maith ó na pocanna saora, freisin. Nuair a d’aimsigh Liam Rushe cúilín do na Dubs sa 61ú nóiméad laghdaíodh an bhearna go dtí sé chúilín. Bhí seans ar chúl ag Dillon sa 70ú nóiméad ach shábháil Richie Reid an iarracht. An scór deiridh – Cill Chainnigh 0-23 Áth Cliath 1-14.

Amach Anseo

Is comhartha maith don bhliain amach romhainn nár luigh na Dubs siar tar éis do Chill Chainnigh gabháil píosa maith chun tosaigh orthu. Seasfaidh sé seo dóibh amach anseo. Tá gach cluiche idir seo agus deireadh na bliana tábhachtach dúinn anois ag tosú le Luimneach i gcluiche ceathrú ceannais na Sraithe, ar 2/3 Aibreán i bPáirc Pharnell.

Bliain leis na Dubs (1)

Beidh deis ag na Dubs coicís mhaith traenála a dhéanamh idir an dá linn agus ba cheart go dtabharfadh an briseadh ar aghaidh píosa eile iad. Ní drochrud gur in aghaidh Luimnigh a bheidh siad. B’fhearr dúshlán mór mar seo a bheith acu sa gcéad chluiche eile ná cluiche in aghaidh Loch Garman nó Uíbh Fhailí. Foghlaimeoidh siad i bhfad níos mó fúthu féin in aghaidh Luimnigh.

Tá dóchas agam don chuid eile den bhliain. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Na Cluichí Ceathrú Ceannais

Cill Chainnigh v Uíbh Fhailí

Port Láirge v Loch Garman

Áth Cliath v Luimneach

Tiobraid Árann v An Clár

Tábla

An Tábla                                 I           B          C          CS        S          G          P

Cill Chainnigh                          5          4          1          0          106      94        8

Port Láirge                              5          3          1          1          93        90        7

Áth Cliath                                5          3          2          0          101      99        6

Tiobraid Árann                        5          2          2          1          122      102      5

Gaillimh                                  5          1          2          2          109      114      4

Corcaigh                                  5          0          5          0          113      145      0

Áth Cliath: G Maguire, E O’Donnell, C O’Callaghan, O Gough, C Crummey, L Rushe (0-01), S Barrett, D O’Connell, G Whelan, C Cronin, N McMorrow (0-02), D Treacy (0-05), F Mac Gib (1-01), E Dillon (0-03), M Schutte (0-01)

Ionadaithe: J McCaffrey (0-01) do G Whelan, S McGrath do C Cronin, S Treacy do D O’Connell

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s