6 as 6 do na Dubs

Áth Cliath 1-10 Dún na nGall 0-07

Páirc an Chrócaigh, 26/03/16

Bua maith eile ag fir Átha Cliath! Beidh Jim Gavin an-sásta le taipeántas a fhoirne. Thug sé sos do Cluxton, Connolly agus do O’Sullivan ach rinne Michael Savage, Eric Lowdes agus Kevin McManamon an beart ina n-áit. Níl aon fhadhb ag na Dubs imirt in aghaidh teaicticí cosanta a thuilleadh. Choinnigh Dún na nGall a gcuid fear siar ina leath féin, ach bhí na Dubs foighneach agus chuir siad na teaicticí céanna i bhfeidhm le gabháil i ngleic leis na Conallaigh. Oibríonn imreoirí Átha Cliath chomh crua céanna le foireann ar bith eile nuair nach bhfuil an liathróid acu. Níl aon fhadhb acu cluiche den chineál seo a bhuachan agus imirt ar bhealach cosanta nuair is gá.

Dún na nGall

Tá deireadh ag teacht le ré órga na gConallach. Is cinnte go bhfuil siad in ann an ceann is fearr a fháil ar aon fhoireann ar aon lá, mar a thaispeáin siad in aghaidh na Dubs i 2014. Níl aon bhaol go n-imeodh siad as Roinn 1 sa ngearrthéarma agus tá seans maith acu ar Chraobh Uladh i mbliana. Ní bheidh siad san iomaíocht do SAM i mí Mheán Fómhair, áfach.

GG 3 Stíl Imeartha na gConallach

Foireann mhaith dhea-eagraithe atá iontu agus iad faoi chúram Rory Gallagher, ach níl siad chomh maith is a bhí nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann thiar sa mbliain 2012. Níl aon phlean B acu agus tá siad ag brath an iomarca ar na teaicticí atá in úsáid acu le cúig bliana anuas. Tá siad ag brath an iomarca ar Michael Murphy, freisin. Tá foirne in ann gabháil i ngleic leis na teaicticí sin anois agus ní leor 15 imreoir a choinneáil taobh thiar den liathróid le cluiche a bhuachan a thuilleadh.

An Chéad Leath

Bhí sé soiléir ó thús an chluiche seo nach mbeadh mórán scóranna ann ach níor chuir sé sin iontas ar aoinne i measc an 20, 340 a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh. D’fhan an slua ar feadh 11 nóiméad leis an gcéad scór, a tháinig ó chos Michael Murphy, a fheiceáil. Bhí freagra sciobthaí ag na Dubs ar an scór sin, áfach, agus tar éis 19 nóiméad bhí na said imithe 0-03 go dtí 0-01 chun tosaigh a bhuíochas sin do dhá shaorchic ó Costello agus cúilín slachtmhar ó McManamon. Díreach ina dhiaidh sin, bhí seans ag Costello ar chúl ach chuir sé a chic ar chlé agus ar fóraoil. D’fhéadfadh an cluiche a bheith i bhfad níos éasca ar na Dubs dá dtógfadh sé an seans sin.

D’aimsigh McGee agus Kavanagh scóranna do na Conallaigh ina dhiaidh sin agus bhí na foirne cothrom ar 0-03 go dtí 0-03 tar éis 27 nóiméad. Fuair McManamon an chéad scór eile do Áth Cliath agus fuair Paddy McBrearty scór do Dhún na nGall. Ansin, díreach roimh leatham, chuir Kilkenny na Dubs chun tosaigh le cúilín deas. Scór leathama – Áth Cliath 0-05 Dún na nGall 0-04.

An Dara Leath

D’aimish na Conallaigh an chéad dá scór sa dara leath ach nuair a scóráil Dean Rock, a tháinig isteach díreach roimh an scór sin in áit Bernard Brogan sa 44ú nóiméad, bhí na foirne cothrom arís. Tharla eachtra chinniúnach an chluiche sa 51ú nóiméad nuair a cuireadh James McCarthy agus Michael Murphy den pháirc. Bhí Murphy lárnach in imirt Dhún na nGall agus caillteanas mór a bhí ann do na Conallaigh. Idir sin agus deireadh an chluiche d’éirigh le foireann Jim Gavin 1-03 a aimsiú agus níor éirigh le fir Thír Chonaill ach 0-01 a aimsiú. I measc na scórálaithe do na Dubs sa dara leath bhí Andrews, Fenton, Costello agus McManamon. Tháinig an cúl ó chos Philly McMahon sa 65ú nóiméad. An scór deiridh – Áth Cliath 1-10 Dún na nGall 0-07.

GG 3 Imirt

Laoch na hImeartha

Taispeántas maith foirne a bhí ann agus bhí ról le himirt ag gach imreoir sa mbua seo. Mar sin féin, níor mhiste Michael Savage, Kevin McMenamon, Philly McMahon, Cormac Costello, Paddy Andrews agus Ciarán Kilkenny a lua ach go háirithe. Bhí an-chluiche ag Savage idir an dá chuaille agus in ainneoin nar cuireadh mórán brú ar a chuid ciceanna amach níor chuir sé aon cheann ar strae. D’oibrigh Andrews agus Costello go han-chrua agus chlúdaigh Kilkenny agus McMahon an t-uafás talaimh idir an dá líne 45 méadair. Ina ainneoin sin uilig, is ar Kev Mac atá laoch na himeartha á bhronnadh agam an uair seo. Scóráil sé trí chúilín agus bhí sé lárnach i go leor scóranna eile do na Dubs. Chruthaigh sé neart deacrachtaí do na Conallaigh an tráthnóna uilig.

Amach Anseo

Tá cluiche amháin fágtha ag Áth Cliath in aghaidh Ros Comáin roimh na cluichí leathcheannais agus déarfainn go bhfuil Jim Gavin an-sásta leis an mbliain go dtí seo. An t-aon rud a d’fhéadfadh a bheith ag déanamh imní dhó ná gur chaill muid Jonny Cooper, Philly McMahon agus James McCarthy go luath i gcluichí áirithe i mbliana, de bharr cártaí dubha agus cártaí dearga a bheith faighte acu. Tá Jack McCaffrey agus Rory O’Carroll imithe ón bpainéal agus tá na himreoirí móra seo ag teastáil uainn, ar an bpáirc, an t-am uilig. Ta muid ag brath ar scileanna cinnireachta na n-imreoirí seo agus ní haon mhaith dho Jim Gavin iad a bheith ar an taobhlíne.

Cúis mhór bhróid dom mar Éireannach agus mar bhall gníomhach de chuid CLG ab ea an t-ómós a léirigh an lucht féachana uilig do Louise James agus a clann bhocht a cailleadh i dtragóid Bhun Cranncha le gairid. Comhartha álainn measa a bhí sa méid sin, nuair a sheas an lucht leanta uilig suas sa gcúigiú nóiméad le cuimhniú ar an gcúigear a cailleadh.

GG 5 Dún Doire

Maidir le cúrsaí club ba mhór an onóir do mhuintir mo chlub féin i gcontae na Mí, Dún Doire CLG, fáilte a chur roimh Jackie Tyrrell agus Eoin Cadogan chuig an gclub le haghaidh seisiúin agus lá mór traenála. Bhí an-lá go deo ag na gasúir óga agus ag na himreoirí.

Up the Dubs!

An Tábla                                 I           B          C          CS        D          P

Áth Cliath                                6          6          0          0          27        10

Ros Comáin                             6          4          0          2          25        8

Ciarraí                                     6          4          0          2          27        8

Dún na nGall                           6          3          0          3          13        6

Corcaigh                                  6          3          0          3          -11       6

Muineachán                            6          2          0          4          -12       4

Maigh Eo                                 6          2          0          4          -12       2

An Dún                                                6          0          0          6          -57       0

Áth Cliath: M Savage, P McMahon (1-00), J Cooper, D Byrne, J McCarthy, E Lowndes, J Small, B Fenton (0-01), D Bastick, K McManamon (0-03), P Flynn, C Kilkenny, (0-01), C Costello (0-03), P Andrews (0-01), B Brogan

Ionadaithe: D Rock (0-01) do B Brogan, E Ó Conghaile do D Bastick; SB Carthy do E Lowndes, M Fitzsimons do J Small, T Brady do C Costello, D Daly do K McManamon

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s