Lán-Mharcanna do na Dubs

Áth Cliath 1-13 Ros Comáin 1-12

Páirc Sheáin Mhic Diarmada, Cora Droma Rúisc, 3/4/16

A mhac go deo! Ní mó ná sásta atá cuid mhaith Dubs le Bord Contae Ros Comáin – agus cúis mhaith acu. Athraíodh ionad an chluiche seo thart ar a naoi a chlog maidin Dé Domhnaigh théis do go leor Dubs traein a hocht a fháil agus iad ag triail ar Pháirc de hÍde i Ros Comáin. Chaith go leor eile an oíche roimhe in óstáin i mbaile Ros Comáin. Bhí amhras faoi cé acu an mbeadh, nó nach mbeadh, Páirc de hÍde réidh don chluiche seo le seachtain anuas. Ba cheart go mbeadh an cinneadh seo, an cluiche a bhogadh go Cora Droma Rúisc, tógtha ag lucht CLG Ros Comáin roimhe sin – Dé hAoine nó maidin Dé Sathairn ar a dheireanaí. Níl aon neart ag muintir Ros Comáin ar an aimsir ach ba cheart go dtuigfidís go raibh slua mór le bheith ann ó Bhaile Átha Cliath.

slua

Mar sin féin, tá mé cinnte gur fhág formhór mór againn Páirc Sheáin Mhic Diarmada agus muid ar mhuin na muice! Seacht gcluiche grúpa buaite againn as seacht gcinn. Níor tharla a leithéid le 24 bliain anuas, nuair a d’éirigh le Doire an t-éacht áirithe seo a dhéanamh sa mbliain 1992. Foireann speisialta is ea foireann seo na Dubs. Níl aon rud buaite acu fós i mbliana, áfach!

Áth Cliath

Rinneadh go leor athruithe ar fhoireann Átha Cliath agus tugadh sos do leithéidí Philly McMahon, James McCarthy, Jonny Cooper, Paddy Andrews, Diarmuid Connolly agus Bernard Brogan ón gcluiche seo. Rinne an fhoireann a chuaigh chun páirce an-mhaith agus is cinnte gur tugadh cúis mhacnaimh do Jim Gavin do na míonna amach romhainn. Ag tosú inné, bhí Connor McHugh, Eric Lowndes, Darren Daly, Kevin O’Brien agus Davey Byrne. Chonaic muid Eoghan O’Gara inné don chéad uair le bliain, freisin, nuair a tháinig sé isteach sa dara leath in áit Kevin McManamon. Níl fágtha le teacht ar ais, anois, ach Michael Daragh McCauley agus ní bheidh sé i bhfad eile go bhfeicfidh muid eisean is cosúil.

téamh suas 2

Ba cheart go mbeadh an bua seo níos éasca do fhir Jim Gavin ná mar a bhí, ach déarfadh muintir Ros Comáin go raibh mí-ádh orthu sa deireadh. Nuair a bhuail Senan Kilbride an liathróid thar chloigeann Michael Savage agus isteach sa gcúl do Ros Comáin, fágadh go raibh an-teannas ann idir sin agus deireadh an chluiche. Bhí na Dubs ag iarraidh an ceann seo a bhuachan agus bhí a lucht leanta an-sásta nuair a séideadh an fheadóg ag an deireadh. Éacht déanta ag an bhfoireann seo. Seacht as seacht!

Ros Comáin

Foireann dhea-eagraithe is ea foireann seo Ros Comáin. Tá ag éirí le Kevin McStay agus le Fergal O’Donnell cur leis an dul chun cinn iontach a rinne John Evans nuair a bhí sé féin ag an stiúir le blianta beaga anuas. Níor thug mórán seans dóibh fanacht i Roinn 1 ag tús na bliana – mé féin san áireamh. Ní hamháin gur éirigh leo sin a dhéanamh ach tá siad anois ag súil go mór le haghaidh a thabhairt ar Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh, i gcluiche leathcheannais na sraithe, Dé Domhnaigh seo chugainn. Cé a cheapfadh é ag tús na bliana?!

Léirigh siad spiorad inné agus ní raibh siad sásta ligean do na Dubs bua éasca a fháil orthu. Choinnigh siad go leor fear siar sa gcéad leath le stop a chur le tosaithe na Dubs ach ghéill siad do na teaicticí sin sa dara leath agus d’ionsaigh siad cúlaithe na Dubs go fíochmhar. Beidh díoma ar Donie Shine nár éirigh leis na foirne a chur cothrom le cic deireanach an chluiche.

An Chéad Leath

Bhí an-tús ag muintir Ros Comáin agus chuaigh siad dhá chúilín chun tosaigh tar éis 7 nóiméad a bhuíochas sin do scóranna ó Niall Daly agus ó Chiarán Murtagh. Rinne na Dubs scrios orthu ina dhiaidh sin, áfach, agus chuaigh siad isteach 0-09 go dtí 0-03 chun tosaigh ag an mbriseadh. Tháinig roinnt mhaith de na scóranna sin ó shaorchiceanna. Choinnigh Ros Comáin go leor fear siar ach ghéill siad go leor saorchiceanna de bharr an bhrú leanúnaigh a bhí á chur ag tosaithe Átha Cliath orthu. I measc na scórálaithe sa gcéad leath do na Dubs bhí Dean Rock le sé chúilín, Shane Carthy, Conor McHugh agus Kevin McManamon le cúilín an duine.

An Dara Leath

Cluiche an-difriúil a bhí againn sa dara leath. Tháinig tosaithe Ros Comáin amach ón líne leathchúil agus d’ionsaigh siad cúlaithe Átha Cliath. D’aimsigh Murtagh (0-02) agus Shine (0-01) an chéad trí chúilín sa dara leath agus tar éis 41 nóiméad ní raibh Ros Comáin ach trí chúilín taobh thiar. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, d’aimsigh Rock 1-03 do na Dubs taobh istigh de achar gairid agus bhí siad sé chúilín chun tosaigh arís.

Níor luigh Ros Comáin siar agus d’aimsigh Senan Kilbride cúl dóibh sa 59ú nóiméad. Choinnigh siad an brú ar na Dubs idir sin agus deireadh an chluiche agus, sa nóiméad deireanach de am cúitimh gortaithe, bhí seans ag Shine na foirne a chur cothrom ó chic saor. Chuir sé an cic ar dheis agus ar fóraoil, áfach. An scór deiridh – Áth Cliath 1-13 Ros Comáin 1-12.

Imríodh an cluiche os comhair 10,000 nó mar sin.

Laoch na hImeartha

Is ag Dean Rock atá Laoch na hImeartha an tseachtain seo. D’aimsigh sé 1-08 as an 1-13 a d’aimsigh na Dubs, agus 1-01 ón imirt. Is ball fíorthábhachtach é Rock den phainéal seo agus beidh muid ag brath air, ag amanna éagsúla agus i gcluichí éagsúla, le linn an tsamhraidh.

Amach Anseo

Tosaíonn an chraic anois! Má tá muid ag iarraidh an tSraith Náisiúnta, Corn Uí Dhúshláine agus Sam a choinneáil sa bpíomhchathair don chéad bhliain eile caithfidh muid chuile chluiche uaidh seo go deireadh na bliana a bhuachan. Dúshlán mór millteach ag tosú leis na Conallaigh Dé Domhnaigh!

téamh suas

Beidh leithéidí Connolly, McMahon, McCarthy, Andrews, Cooper agus Cluxton ar ais do na cluichí uilig amach romhainn. In ainneoin go bhfuil Rory O’Carroll agus Jack McCaffrey imithe tá O’Gara agus Mannion ar ais. Beidh muid ag brath ar leithéidí Mick Fitzsimons, Small agus ar Darren Daly sna cúlaithe don chuid eile den bhliain. Tá foireann iontach againn. Is féidir linn!!

Ar ábhar eile, caitear tréaslú leis an bhfoireann f21 a bhuaigh Craobh Laighean ag an deireadh seachtaine tar éis am breise in aghaidh Chill Dara. Tá an tallann fós ag teacht tríd! Ba é seo an chéád uair riamh ar éirigh le foireann peile faoi 21 de chuid Átha Cliath trí Chraobh Laighean i ndiaidh a chéile a bhuachan.

Na Dubs abú!

An Tábla Deiridh                    I           B          CS        C          D          P

Áth Cliath                                7          7          0          0          28        14

Ciarraí                                     7          5          0          2          32        10

Ros Comáin                             7          4          0          3          24        8

Dún na nGall                           7          3          0          4          12        6

Maigh Eo                                 7          3          0          4          -9         6

Muineachán                            7          3          0          4          -11       4

Corcaigh                                  7          3          0          4          -16       6

An Dún                                     7          0          0          6          -60       0

 

Áth Cliath: M Savage, K O’Brien, M Fitzsimons, D Daly, E Lowndes, C O’Sullivan, Davey Byrne, B Fenton, E Ó Conghaile, T Brady, D Rock (1-08), SB Carthy (0-02), P Mannion, K McManamon (0-01), C McHugh (0-01)

Ionadaithe: R McDaid do C O’Sullivan, P Flynn do T Brady, E O’Gara do K McManamon, J Small (0-01) do D Daly, C Costello do P Mannion, C Kilkenny do E Lowndes

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s