Deireadh Bhóthar na Sraithe do Áth Cliath

Luimneach 1-21 Áth Cliath 1-19

Páirc Pharnell, 2/4/16

Toradh díomách a bhí anseo do na Dubs. Ní hamháin go bhfuil siad imithe ón tsraith anois ach chaill siad a gcéad chluiche i bPáirc Pharnell ó 2011 i leith. Is mór an caillteanas dóibh nach mbeidh aon chluiche eile acu go dtí 21 Bealtaine, in aghaidh Loch Garman, i gcluiche ceathrú ceannais Chúige Laighean.

Iomáint

Beidh bainistíocht Luimnigh an-sásta leis an mbua seo. Ba é seo an chéad chluiche ar ais do bhoic mhóra na bPiarsach, a bhuaigh cluiche ceannais na gcumann ar Lá ‘le Phádraig. Beidh an-áthas go deo ar TJ Ryan go mbeidh deis eile aige na himreoirí seo a fheiceáil, ag imirt le chéile i gcluiche mór.

An Chéad Leath

Bhí tús mall leis an gcluiche agus thóg sé 6 nóiméad ar David Treacy an chéad scór a aimsiú. Bhí siad gob ar ghob ina dhiaidh sin agus bhí siad cothrom 0-04 go dtí 0-04 tar éis 13 nóiméad. Fuair Luimneach an lámh in uachtar ar an gcluiche ina dhiaidh sin, áfach, agus d’éirigh leo an chéad trí scór eile a aimsiú. Choinnigh na Dubs orthu, ina ainneoin sin, agus d’éirigh leo an dochar a chloí. Chuaigh siad isteach 0-13 go dtí 0-09 taobh thiar ag an mbriseadh.

I measc na scórálaithe do na Dubs bhí Treacy le 4 cinn, Dillon le péire, McMurrow le péire agus McGib le ceann amháin. Sheas Dowling amach, ach go háirithe, do Luimneach agus tháinig cúig cinn de chúilíní Luimnigh óna chamán.

An Dara Leath

Tháinig na Dubs amach sa dara leath lán le díocas agus tar éis 48 nóiméad bhí na foirne cothrom 0-15 go dtí 0-15 a bhuíochas do chúilíní ó Treacy (0-03) agus ceann amháin an duine ó O’Callaghan, McMurrow agus ó Ó Conaill.

Ansin, athraíodh an cluiche ina iomláine agus cuireadh stop leis na Dubs, a raibh an lámh in uachtar faighte acu, sa gcéad chúpla nóiméad eile. Tar éis do Morrissey Luimneach a chur chun tosaigh arís le cúilín, tugadh poc éirice do na Dubs. Shábháil cúl báire Luimnigh, Nickie Quaid, iarracht Treacy, áfach, agus taobh istigh de dhá nóiméad eile bhí na Dubs ceithre chúilín taobh thiar arís tar éis do Kevin Downes an sliotar a bhá san eangach do Luimneach.

Laghdaigh na Dubs an bhearna arís go dhá chúilín ach bhí an dochar déanta agus chosain Luimneach an bhearna. D’aimsigh David Treacy cúl sa 73ú nóiméad a d’fhág dhá chúilín idir na foirne sa deireadh. An scór deiridh – Luimneach 1-21 Áth Cliath 1-19.

Imreoir na Sraithe

Eamonn Ryan

Bhí Eamon Dillon thar cionn do na Dubs le linn na sraithe agus chríochnaigh sé í le 2-14. Chruthaigh sé go leor eile, dar ndóigh. Imreoir fíorthábhachtach dúinn é agus cruthóidh sé go leor fadhbanna do fhoirne eile an samhradh seo chugainn. Bhí Liam Rushe agus Niall McMurrow an-mhaith dúinn, freisin. Bhí David Teacy iontach ó na saorphocanna. Is ag fear Naomh Fionnbarra, Eamon Dillon, atá Imreoir na Sraithe.

Amach Anseo

Tá seacht seachtaine saor anois againn le díriú ar Loch Garman ar 21 Bealtaine, i bPáirc an Chrócaigh. Níl muid sách maith le cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan ag an bpointe seo, ach d’fhéadfadh muid cluiche deacair a thabhairt do fhoireann ar bith ar lá ar bith. Tá muid iomaíoch agus ba cheart go ngabhfadh muid a fhaid le cluiche ceathrú ceannais na hÉireann ar a laghad.

Ní theastaíonn uainn ach triúr nó ceathrar eile ar an bpainéal. Tá iomaíocht fhíorghéar ar phainéal na bpeileadóirí don chéad 15 áit ar an bhfoireann. Níl sé sin amhlaidh, faraor, faoi phainéal na n-iománaithe. Dá gcaillfeadh muid leithéidí Liam Rushe, Johnny McCaffrey nó Niall McMurrow bheadh muid i sáinn cheart. Sin an fáth a gcaithfidh Ger Cunningham suí síos le Danny Sutcliffe agus é a mhealladh ar ais. Tá Conal Keany ag teastáil uainn, freisin. Tá an painéal imreoirí is fearr atá againn ag teastáil uainn agus tá said ag teastáil ag chuile sheisiún traenála idir seo agus deireadh na Craoibhe.

3

Bímis dóchasach. Is fada ó bhí foireann iománaíochta chomh maith sin againn. Tacaímis leo ar 21 Bealtaine. Na Dubs abú!

Áth Cliath: C Dooley, E O’Donnell, C O’Callaghan, O Gough, J Madden, L Rushe, C Crummey, D O’Connell (0-02), J McCaffrey, S McGrath, N McMurrow (0-04), D Treacy (1-08), D O’Callaghan (0-01), F McGibb (0-01), E Dillon (0-03)

Ionadaithe: D Plunkett do S McGrath, M Schutte do F McGibb, S Barrett do J Madden, B Quinn do J McCaffrey, O O’Rourke do D O’Callaghan

Advertisements

2 thoughts on “Deireadh Bhóthar na Sraithe do Áth Cliath

  1. Tá an fhiric sin faoi Pháirc Pharnell do-chreidte. 2011 ó chailleamar cluiche ann!
    Bhí an-díomá orm mar bhí mé cinnte go mbeadh an lámh in uachtar againn i gcoinne Luimneach, go háirithe sa mbaile. Freisin bhí cluiche amháin eile uainn, ar a laghad, roimh an cluiche craoibhe i ní Bealtaine.
    Maidir le himreoirí breise…..cé gur maith ann é rath na foirne peile tá an fhoireann iománaíochta ag íoc praghas áirithe. Smaoinigh, O Carroll, Connolly, Kilkenny, Costello agus neart eile. Murach an rath atá ar an bpeil, is hurlers a bheadh iontu. Just sayin loike….

    Molta ag 1 person

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s