Na Dubs Abú

Gavin An-Sásta Lena Phainéal

Advertisements

Thug Jim Gavin le fios an tseachtain seo go bhfuil sé an-sásta leis na himreoirí, nach dtosaíonn cluichí do Áth Cliath go hiondúil, a d’imir in aghaidh Ros Comáin Dé Domhnaigh. Bhí sé an-tógtha leis an gcaoi ar éirigh leo sníomh isteach go nádúrtha leis an stíl imeartha atá ag a fhoireann. Dúirt sé, freisin, go raibh sé an-sásta leis an spiorad is an smacht a léirigh siad ag deireadh an chluiche nuair a bhí Ros Comáin á n-ionsaí go fíochmhar.

I measc na n-imreoirí a thosaigh do na Dubs Dé Domhnaigh bhí Michael Savage, Kevin O’Brien, Davey Byrne agus Conor McHugh. Ar an mbarr sin, thosaigh Darran Daly, Emmet Ó Conghaile, Eric Lowndes, Tomás Brady agus Shane Carthy – imreoirí ata ag bualadh ar an doras le tamall de bhlianta anuas. Tháinig John Small agus Rob McDaid isteach sa dara leath.

Éacht a bhí ann gur bhuaigh siad, agus iad ag cloí le patrún agus le stíl imeartha na n-imreoirí sinsearacha. Cheapfá go raibh na himreoirí óga seo ag imirt le chéile le fada an lá. Ó thús na sraithe, tá 35 imreoirí tar éis páirt éigin a ghlacadh i gcluichí na Dubs. Ghlac 22 astu siúd páirt i níos mó ná ceithre chluiche agus níl leithéidí Bernard Brogan, Eoghan O’Gara ná Paul Mannion i measc an 22 sin! Níor imir Michael Darragh McCauley fós, d’fhág Rory O’ Carroll an painéal agus d’éirigh Alan Brogan as. Ghlac Jack McCaffrey páirt i dhá chluiche mar ionadaí sular fhág sé an painéal. Léiríonn sé seo dúinn go bhfuil muinín iomlán ag Gavin as na himreoirí uilig atá ar an bpainéal agus cúis mhaith leis!

Beidh le feiceáil an éireoidh le haon cheann de na himreoirí seo an chéad chéim eile a thógáil agus gabháil i bhfeidhm orainn mar a rinne Brian Fenton anuraidh. Beidh le feiceáil!

Advertisements