Husá do Fhoireann seo Átha Cliath!

Déanaimis ceiliúradh ar fhoireann seo Átha Cliath. Gabhaimís amach ag tacú leo.

Gaelgory

 

Má ta sé i gceist againn An tSraith Náisiúnta, Corn Uí Dhúshláine agus Corn Shomhairle Mhig Uidhir a choinneáil cois Life don chéad bhliain eile, caithfidh muid chuile chluiche idir seo agus deireadh na bliana a bhuachan. Tosaíonn an chraic anois mar sin. Ní bheidh sé éasca ach is féidir linn an beart a dhéanamh arís i mbliana.

Seo é an fhoireann is fearr a bhí againn riamh. Bhí foireann iontach againn san seachtóidí. Tá caint ar arm Heffo go fóill. Bhí foirne maithe againn sna hochtóidí agus sna nóchaidí. Ba cheart dóibh níos mó a bhuachan.

DSCN9438

 

Ní raibh aon cheann de na foirne sin chomh maith leis an bhfoireann atá againn anois, áfach. 3 shraith i ndiaidh a chéile, 3 Chraobh uile-Éireann taobh istigh de chúig bliana agus cúig Chraobh Laighean ó 2011 i leith. Tá an fhoireann seo fós óg, freisin. Ré órga í seo don pheil i mBaile Átha Cliath agus idir lucht leanta agus lucht na meán ba cheart dúinn an t-ómós ceart a thabhairt dóibh.

Diúltachas na Meán

Rud a bhíonn ag dó na geiribe agam is ea an diúltachas a léiríonn daoine áirithe sna meáin don éacht atá déanta ag foireann seo na Dubs. In áit an fhoireann iontach seo a cheiliúradh, mar a rinneadh cheana le foirne iontacha ó Chiarraí, Ghaillimh, an Mhí srl…, bíonn daoine áirithe ag iarraidh a thabhairt le fios go bhfuil buntáistí áirithe ag na Dubs agus go bhfuil na buntáistí sin lárnach sa ré órga seo. Níl sé seo ceart.

Páirc an Chrócaigh

Luaitear Páirc an Chrócaigh go minic agus an bealach a mbíonn cluichí na Dubs ann. Seo fíric dhaoibh. Má bhuann an Mhí in aghaidh an Lú/Cheatharlach i gcluiche ceathrú ceannais Chúige Laighean, agus má bhuann siad chuile chluiche ina dhiaidh sin, beidh a gcuid cluichí uilig i bPáirc an Chrócaigh. Is mar sin a bheidh sé ag chuile fhoireann eile i gCúige Laighean, freisin. Níl aon chaint air seo.

4

Dá n-éireodh le Maigh Eo nó le Ciarraí cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan ba i bPáirc an Chrócaigh a d’imreodh siad 50% da gcuid cluichí i gcás Mhaigh Eo agus 60% i gcás Chiarraí. Cheapfá ón méid a bhíonn á rá ag ‘saineolaithe’ áirithe nach n-imríonn foireann ar bith i bPáirc an Chrócaigh seachas na Dubs.

Pointe eile agus muid ag caint ar Pháirc an Chrócaigh. Cén áit arbh fhearr le muintir Mhaigh Eo, Chill Dara, Chiarraí, Dhún na nGall, Thír Eoghain srl… an ceann is fearr a fháil ar na Dubs? I gCaisleán an Bharraigh? I nDroichead Nua? I gCill Airne? I mBealach Féich? San Ómaigh? I bPáirc an Chrócaigh déarfainn!

Dhá Fhoireann

Cloiseann muid an chraic seo maidir leis na Dubs a scoilt ina dhá leath go minic, freisin. Ní chloistear é, ach amháin, nuair a bhíonn na Dubs ag déanamh go maith, áfach. Bhuaigh Raonaithe na Croise Corn Andy Merrigan sé huaire taobh istigh de 15 bliain. Ar cheart iad sin a scoillt ina dhá leath agus gan de dhaonra sa mbaile sin ach 1,600? Sampla maith eile iad foirne buacacha, idir iománaíocht agus pheil, Uíbh Fhailí. Níl de dhaonra in Uíbh Fhailí ach 77,000 míle. Obair chrua, daoine maithe, díocas, uaillmhian agus spiorad a bhí taobh thiar dá gcuid buanna uilig – díreach mar atá fíor faoi bhuanna na Dubs.

Cruachás? Cén cruachás?

Cloistear go minic, freisin, go bhfuil cruachás againn de bharr nach bhfuil seans ach ag trí nó ceithre fhoireann Sam a bhuachan. Is mar sin a bhí sé riamh anall. Sna seascaidí bhí Gaillimh agus an Dún ann. Sna seachtóidí bhí na Dubs agus Ciarraí ann. Bhí Ciarraí ann don chéad leath de na hochtóidí agus an Mhí agus Corcaigh don dara leath. Eisceacht a bhí sna nóchaidí nuair a bhuaigh seacht bhfoireann Sam idir 1990 agus 2000. Le linn céad deich mbliana an chéid seo bhí Tír Eoghain agus Ciarraí chun tosaigh. Anois is iad Áth Cliath, Ciarraí, Maigh Eo agus Dún na nGall atá chun tosaigh. Níl aon chruachás ann. Bímis soiléir faoi sin. Ní hionann cruachás agus foireann dhamanta a bheith ag na Dubs!

GG 1

Plean Bhord an Chontae

Leag Bord Contae CLG Átha Cliath plean uafásach dúshlánach síos do na peileadóirí agus do na hiománaithe dhá bhliain ó shin. D’fhógair siad go mbeadh sé de sprioc ag na peileadóirí Craobh uile-Éireann a bhuachan gach trí bliana agus Craobh uile-Éireann san iománaíocht a bhuachan gach 5 bliana. Scantraigh sé seo daoine áirithe sna meáin ach ní gá dóibh bheith imníoch. Beidh Ciarraí ag déanamh a seacht ndíchill gan ligean dúinn an sprioc sin a bhaint amach. Tá dream óg iontach acu a bhuaigh dhá chraobh mionúir i ndiaidh a chéile. Bhuaigh peileadóirí óga Phobalscoil Chorca Dhuibhne dhá Chraobh uile-Éireann i ndiaidh a chéile, freisin.

DSCN9435

Tá Maigh Eo ann i gcónaí agus cuirfidh an dream sin a bhuaigh na mionúir sa mbliain 2013 go mór leis an bpainéal. Tá Tír Eoghain ag teacht arís agus craobh na hÉireann f21 buaite acu i 2015. D’fhéadfadh Dún na nGall agus Muineachán an ceann is fearr a fháil ar fhoireann ar bith ar an lá. Tiocfaidh Gaillimh, An Mhi, Cill Dara is Corcaigh arís. Ní gá a bheith imníoch. Ní ag na Dubs amháin a bheidh Sam sna blianta amach romhainn!

Seo Linn na Dubs Abú

Má tá aon seans againn Sam a bhuachan in athuair tá tacaíocht láidir ón lucht leanta ag teastáil uainn. Is rud fíordheacair é Craobh na hÉireann a bhuachan dhá uair i ndiaidh a chéile ach tá seans againn.

Tá Jack McCaffrey, Alan Brogan agus Rory O’ Carroll imithe. Dá gcaillfeadh foireann ar bith eile e leithéid bheadh muid ag rá go raibh siad críochnaithe. Teastaíonn spreagadh breise ón lucht leanta.

Bodhrán Players

Nuair a bhí rás na dticéad ar siúl i Mí Mheán Fómhair le roinnt blianta anuas is minic a chuala muid Dubs bochta ag caint ar an bhfeall a rinneadh orthu de bharr nach bhfuair siad ticéad Deirtear linn go raibh siad ag leanacht na Dubs ó thús na Craoibhe. Ó thús na sraithe. Bhí siad ag cúid chluiche srl… Ná creid iad!

Go dtí seo i mbliana, agus tá 11 cluiche ar fad imrithe ag na Dubs (os cionn leath an mhéid a imreofar i mbliana). Tá tuairim is 130,000 tar éis na Dubs a fheiceáil sna 11 cluiche sin. Deirtear linn go bhféadfaí 120,000 a dhíol do chluiche ceannais na hÉireann. Cá bhfuil na daoine seo a ndéantar feall orthu i mí Mheán Fómhair? Anois an t-am léimint ar an mbandwagon. Tá an tacaíocht ag teastáil. Ná fág go dtí mí Mheán Fómhair é. Níl aon chinnteacht go mbeidh muid ann.

Oompa Loompa

Caithfimid seó mór a chruthú. Bíodh sean-Mholly Malone ann. Bíodh amhráin ann. Bíodh Oompa Loompa ann. Bíodh T-Rex Ó Saurus ann. Bíodh lucht casta na mbrodhrán ann. Na bratacha. Na geansaithe difriúla de chuid Arnotts, Vodafone agus AIG. Na fireworks ar an gCnoc. Cruthaimis atmaisféar iontach. Ta sé tuillte ag a laochra.

Ag tosú Dé Domhnaigh seo chugainn in aghaidh Dhún na nGall caithfidh muidne, an lucht leanta, ár ról féin a imirt le cinntiú go gcoinníonn muid na trí choirn mhóra cois Life. Tá foireann iontach againn – ceann de na foirne is fearr riamh. Tugaimis an t-ómós ceart dóibh agus spreagaimis iad leis an mbeart a dhéanamh. Leagaimis an diúltachas ar leataobh agus déanaimis ceiliúradh ar an bhfoireann iontach seo. Seo linn na Dubs abú.

 

Advertisements

One thought on “Husá do Fhoireann seo Átha Cliath!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s