Slán agus 1,000 Beannacht ort, a Chonail

D’fhógair Conal Keaney inné go raibh sé ag éirí as painéal iománaíochta Átha Cliath. Buille mór é don chontae agus níl aon amhras ach gur caillteanas mór a bheidh ann. An-pheileadóir agus an-iománaí a bhí agus atá ann.

ConalKeaney

Chaill Conal amach ar na blianta stairiúla, 2011 go dtí 2016, le peileadóirí na Dubs. Bhí sé ag croílár na ré órga seo do iománaithe Átha Cliath, áfach. D’éirigh leis go leor a bhaint amach agus a bhuachan le linn a thréimhse leis na Dubs. Bhuaigh sé bonn uile-Éireann le foireann peile faoi 21 Átha Cliath sa mbliain 2003. Bhuaigh sé cúig Chraobh Laighean leis na peileadóirí agus ceann amháin leis na hiománaithe. Bhuaigh sé an tsraith náisiúnta leis na hiománaithe. Tháinig buaicphointe Chonail ar Lá ‘le Phádraig i mbliana nuair a bhuaigh sé bonn uile-Éireann lena chlub, Baile Buadáin Naomh Éanna.

Cheap go leor go raibh deireadh leis nuair a bhí drochthimpiste bóthair aige sa mbliain 2012. Bhris se a rúitiín agus stróic se a bhallnasc croiseach (cruciate ligament) sa timpiste. Ní mórán a thiocfadh ar ais uaidh sin ach thainig Conal.

Scéal brónach é seo do lucht leanta na Dubs go bhfuil sé ag éirí as. Chaith sé an geansaí le mórtas is le bród agus táimid buíoch de. Gach rath ort, a Chonail, agus míle buíochas. Up Carna.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s