Cluiche Ceannais Sraithe Eile do na Dubs

Áth Cliath 1-20 Dún na nGall 0-13

Páirc an Chrócaigh, 10/04/16

Bhí bua agus taispeántas maith foirne ag foireann Jim Gavin i bPáirc an Chrócaigh, in aghaidh na gConallach, Dé Domhnaigh seo caite. In ainneoin go raibh seans fós ag na Conallaigh nuair a tháinig siad amach don dara leath, chuir Bernard Brogan deireadh leis na seansanna sin nuair a d’aimsigh sé cúl sa gcéad nóiméad den leath sin. Gabhfaidh na Dubs ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais na sraithe anois, in aghaidh Chiarraí, i gceann coicíse. Gabhfaidh Dún na nGall ar ais ag traenáil le díriú ar chluiche ceathrú ceannais Chraobh Chúige Uladh in aghaidh Fhear Manach nó Aontroma ar 12 Meitheamh.

GG 1 Téamh Suas

Beidh Gavin sásta , freisin, go raibh cluiche eile acu in aghaidh foirne a úsáideann teaicticí cosanta. Níl aon amhras ach gur mar seo a imreoidh formhór na bhfoirne in aghaidh Átha Cliath arís i mbliana. Bhí an phasáil coise iontach ó na Dubs uilig ach ní bheidh Gavin sásta le cuid mhaith de na pasanna láimhe. Chuaigh roinnt mhaith acu ar strae agus chaill na Dubs smacht ar na pasanna ag amantaí éagsúla le linn an chluiche. Tuilleadh oibre le déanamh ach ní drochrud é sin!

Beidh sé an-sásta go bhfuil seans ag a fhoireann an ceathrú cluiche ceannais sraithe i ndiaidh a chéile a bhuachan. Cúis eile sásaimh dó ná gur scóráil aon duine dhéag dá fhoireann le linn an chluiche seo.

Dún na nGall

Thaispeáin na Conallaigh dúinn go bhfuil siad fós go maith ar an bhfrithionsaí ach, mar a bhí le feiceáil sa dá chluiche sraithe idir na foirne i mbliana, níl Dún na nGall go maith ag imirt in aghaidh foirne a úsáiseann na teaicticí céanna is a úsáideann siad féin. Tagann Áth Cliath i 2011, Ciarraí i 2014 agus Muineachán i 2013 agus i 2015 chun cuimhne.

Má tá Dún na nGall ag iarraidh a bheith iomaíoch i mbliana, caithfidh siad roinnt athruithe a dhéanamh ar a gcuid teaicticí. É sin nó iad a fhorbairt. Ní leor 14 a fhágail taobh thiar den liathróid agus a bheith ag súil le damáiste a dhéanamh ar an bhrithionsaí le cluiche a bhuachan a thuilleadh. Tá foirne maithe in ann gabháil i ngleic leis na teaicticí seo anois. Tá imreoirí iontacha ag Dún na nGall ach teastaíonn cur chuige nua uathu.

An Chéad Leath

Thosaigh na Dubs go tréan sa gcluiche seo agus tar éis ocht nóiméad bhí siad trí chúilín chun tosaigh ar scór 0-04 go dtí 0-01. Tháinig na scóranna sin ó Rock, Andrews, agus ó Kilkenny. D’aimsigh McCarthy agus Mannion scóranna i nóiméid dheireanacha an chéad leath chun an bhearna a mhéadú go cúig chúilín. Bhí na Conallaigh fós sa gcluiche, áfach, a bhuíochas do scóranna ó Paddy McBreaty agus Michael Murphy. Scór leathama – Áth Cliath 0-11 Dún na nGall 0-06.

GG 4 Imirt

An Dara Leath

An scéal céanna a bhí sa dara leath. Bhreathnaigh foireann Átha Cliath an-chompordach. Bhí an cluiche thart, dáiríre, tar éis an chéad nóiméad den dara leath. Chonaic Philly McMahon gur fágadh Bernard Brogan leis féin ar imeall na cearnóige agus thug sé pas gleoite fiche slat dó. Chas Brogan agus phasáil sé an liathróid isteach san eangach faoi cholainn an chúl báire.

GG 3 Imirt

Bhí sé an-éasca go deo ag na Dubs ina dhiaidh sin, in ainneoin gur chuir Murphy ceithre nó cúig cinn de sheansanna maithe amú do na Conallaigh. Chríochnaigh na Dubs go láidir agus d’éirigh le 11 ar fad scóranna a aimsiú do na fir sna geansaithe gorma agus dubhghorma. An scór deiridh – Áth Cliath 1-20 Dún na nGall 0-13.

Slua: 31,324

Laoch na hImeartha

Thug na Dubs taispeántas iontach foirne dúinn ach caitear imirt Philly McMahonn agus Ciarán Kilkenny a lua agus a mholadh. Is breá le McMahon an stíl imeartha chosantach a bhí in úsaid ag na Dubs Dé Domhnaigh. Tugann sé deis dó a bheith ag croílár na himeartha agus bíonn an liathróid ina sheilbh aige go han-mhinic i gcluichí den chineál seo. Bíonn sé mar a bheadh stiúrthóir ceoil ann ag stiúradh ceolfhoirne. Thug sé pas álainn do chúl Brogan agus d’aimsigh sé cúilín dá chuid féin sular baineadh den pháirc é.

Bhí Kilkenny thar cionn uilig, freisin, áfach. Bhí sé iontach nuair a bhí an liathróid aige ach bhí sé níos fearr fós nuair nach raibh sí aige. Oibríonn sé go han-chrua agus clúdaíonn sé an t-uafás talaimh i gcónaí. D’aimsigh se trí chúilín iontacha sa gcéad leath ag amantaí éagsúla leis an gcluiche a choinneáil faoi smacht. Tá laoch na himeartha tuillte go maith ag fear Chaisleán Cnucha.

Amach Anseo

Ciarraí anois sa gcluiche ceannais! Dhá fhoireann atá an-mhaith ag cosaint agus atá fíormhaith ar an ionsaí, a thabharfas aghaidh ar a chéile. An dá fhoireann is fearr sa tír – cé nach n-aontódh go leor as Maigh Eo leis sin. Beidh an-chluiche go deo ann. Théis do Chiarraí dhá cheann i ndiaidh a chéile a chailleadh in aghaidh na Dubs beidh siad ag iarraidh rudaí a chur ina gceart. Beidh na Dubs ag iarraidh buille eile a thabhairt do na Ciarraígh agus cluiche ceannais eile a bhuachan ina n-éadan.

Ní thabharfaidh Craobh na Mumhan ná Craobh Laighean mórán de dhúshlán do na Dubs i mbliana. Tá siad i bhfad chun tosaigh ar na foirne eile sna cúige sin – agus Corcaigh san áireamh. Cinnte d’fhéadfaidís an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí ar aon lá ar leith ach agus chaithfeadh Ciarraí a bheith an-lag le go dtarlódh sé sin.

Beidh an teannas, an luas agus an díocas céanna a d’fheicfeá i gcluiche craoibhe le feiceáil sa gcluiche ceannais seo, mar sin. Seo an tástáil cheart dheireanach a bheidh ag an dá fhoireann seo go dtí cluichí ceathrú ceannais na Craoibhe. Mar sin, bímis ag súil le cluiche an-iomaíoch. Beidh lán an tí ann de bharr cluiche ceannais Roinn 2 a bheith ar siúl ar an lá céanna chomh maith le comóradh Chumann Lúthchleas Gael ar Éirí Amach 1916, a bheidh ar siúl théis na gcluichí ceannais. Beidh an-chluiche go deo ann. Lá iontach geallta!

Maidir leis na Dubs, beidh fadhb ag Jim Gavin an cúigear déag a ghabhfas chun páirce ag tús an chluiche a roghnú. Tá suas le fiche duine san iomaíocht don 15 áit sin agus deichniúr eile ag troid le haghaidh áiteanna ar an mbinse. Fadhb mhaith.

GG 2 Cnoc

Bímis réidh do cute hoorism mhuintir Chiarraí. Mar a déarfadh T-Rex, seo linn na Dubs abú.

Áth Cliath: S Cluxton, P McMahon (0-01), J Cooper (0-01), D Byrne, J McCarthy (0-01), C O’Sullivan, J Small (0-01), B Fenton, D Bastick, P Flynn, P Andrews (0-02), C Kilkenny (0-03), D Rock (0-05), P Mannion (0-02), B Brogan (1-02)

Ionadaithe: C Costello (0-01) do P Andrews, E Lowndes (0-01) do D Bastick, M Fitzsimons do P McMahon, SB Carthy do P Flynn, K O’Brien do J Cooper, S Carthy do C O’Sullivan

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s