Scéal iontach do Ger Cunningham agus a fhoireann go bhfuil Ryan O’Dwyer ar ais ag traenáil leis an bpainéal arís tar éis beagnach sé mhí a chaitheamh ar an taobhlíne. Rinneadh ionsaí ar O’Dwyer taobh amuigh de chlub oíche i mBirmingham Shasana. Briseadh a ghiall agus bhí a inchinn ag cur fola i measc rudaí eile. Cheap go leor ag an am nach bhfeicfear ar pháirc iománaíochta arís é.
Níl aon amhras ach go gcuirfidh O Dwyer go mór leis an bhfoireann agus is cinnte go bhfuil sé féin sásta a bheith ar ais arís. Tá sé ag traenáil leis féin le roinnt seachtainí anuas, ach, tugadh an dea-scéal dó an tseachtain seo go mbeadh sé in ann gabháil ar ais ag traenáil ag leibhéal iomaíoch arís. Is cinnte go bhfeicfear i measc an chéad 15 é, arís sa samhradh. Tá sé iontach go bhfuil sé ar ais.
Dea-scéal eile ná go bhfuil Niall Corcoran, a ghortaigh a lámh, agus Paul Schutte, a ghortaigh a ghualainn, ar ais ag traenáil, freisin. Maidir le Peter Kelly, táthar ag súile lena fheiceáil ar ais go gairid théis thús na craoibhe. Ardú meanman is ea na dea-scéalta seo uilig do na Dubs.