Ciarraí na gCute Hoors!

 

Cluiche Ceannais na Sraithe 2016

Áth Cliath v Ciarraí – an cluiche is mó spéise i gCumann Lúthchleas Gael? Tá stair agus traidisiúin láidre ag an dá chontae seo agus 62 cinn de Chraobhacha Uile-Éireann buaite acu. Sin 62 as 129 ar fad. 37 ag Ciarraí agus 25 ag na Dubs. Beidh siad in adharca a chéile arís Dé Domhnaigh seo chugainn, i gcluiche ceannais na sraithe agus tá me ag súil go mór leis.

cropped-1231260_10151665375984226_1127079083_n.jpg

Is minic a chloiseann muid daoine ag rá nach dtógtar an tsraith go dáiríre. B’fhéidir go raibh sé sin fíor deich mbliana ó shin ach níl sé fíor anois. Aithnítear go gcaithfidh tú bheith iomaíoch i Roinn 1 den tSraith Náisiúnta le seans ceart a thabhairt dhuit féin ar dhuaiseanna níos faide anonn sa mbliain. Cinnte dearfa, níl aon fhoireann ag iarraidh gabháil síos go Roinn 2.

Nuair a thabharfas Ciarraí agus na Dubs aghaidh ar a chéile De Domhnaigh, beidh an dá fhoireann ag gabháil chun páirce le buachan. Fágfar chuile rud a bhfuil le tabhairt ag imreoirí na bhfoirne amuigh ar an bpáirc. Feicfear díocas, uaillmhian agus díograis a d’fheicfí go hiondúil i gcluiche craoibhe théis mhí Iúil. Cluiche mór is ea an cluiche seo agus beidh sé chomh tábhachtach le cluiche ar bith i gcraobh cúige. Bímis cinnte den mhéid sin.

Tá muintir Chiarraí fós gortaithe tar éis gur chaill siad in aghaidh na Dubs i mí Mheán Fómhair seo caite agus ní raibh siad sásta leis an taispeántas lag a thug siad i gcéad chluiche na sraithe i bPáirc an Chrócaigh i mbliana. Ar an láimh eile, tá na Dubs ag iarraidh buille eile a thabhairt do Chiarraí roimh an samhradh – buille eile a chruthódh amhras i gcloigne na gCiarraíoch.

11 D Sam

Ó thaobh lucht leanta na bhfoirne de, ceapann cuid mhaith acu go mbuafaidh Ciarraí agus na Dubs na craobhacha cúige go héasca an samhradh seo. Má bhuann curaidh chúige Mumhan agus curaidh chúige Laighean cluichí ceathrú ceannais na hÉireann tabharfaidh siad aghaidh ar a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Mar sin, beidh go leor den lucht leanta den tuairim gurb é seo an t-aon seans atá ag an dá fhoireann seo an ceann is fearr a fháil ar a chéile i gcluiche ceannais i mbliana.

Na Cute Hoors

Cloisfidh muid go leor ó na cute hoors idir seo agus an Domhnach seo chugainn. Beidh na Ciarraígh ag inseacht dúinn uilig faoi ‘fhoireann iontach seo na Dubs’. Beidh siad ag rá linn gur muidne rogha na coitiantachta agus nach féidir linn cailleadh, tá muid rómhaith srl… Ná tugaimis aon aird orthu. Nil siad dáiríre. Ceapann agus creideann na diabhail go mbuafaidh siad féin Dé Domhnaigh.

Tréith Chiarraíoch

Is tréith í an cute hoorism seo a bhaineann go dlúth leis na Ciarraígh agus is maith linn iad dá bharr. Bíonn craic agus spraoi idir an dá lucht leanta. Nuair a théann lucht CLG Bhaile Átha Cliath ag taisteal chun na Ríochta bíonn dhá rud ar an liosta acu – cuairt a thabhairt ar Thigh Phaidí Uí Shé agus ar Thigh O’Dwyer. Tá Ciarraí sáite i stair pheil Átha Cliath agus tá muidne sáite is stair pheil Chiarraí.

Tagann cuimhne ó chluiche ceannais mionúir na hÉireann 2015 chun cuimhne dhom. Le linn an chluiche ghlac na Ciarraígh seilbh ar chuid den Chnoc agus chaith siad deich nóiméad, nó mar sin, ag casadh amhráin na Dubs le linn an chluiche. Hill 16 na na na, Molly Malone, Dublin in the Rare Auld Times srl… Ag spraoi a bhí siad, dar ndóigh, ach thaithin sé sin leis na Dubs a bhí ar an gCnoc in éindi leo.

Tar éis do mhionúir Chiarraí an dara Craobh uile-Éireann i ndiaidh a chéile a bhuachan an lá sin, rith siad síos i dtreo na gCiarraíoch ar an gCnoc le Corn Tom Markham. Sheas idir Dubs agus Ciarraígh le bualadh bos a thabhairt dóibh agus le haitheantas a thabhairt ar an éacht a bhí déanta acu. Ní dhéanfadh na Dubs ar an gCnoc a leithéid do gach foireann. Bí cinnte den mhéid sin.

Is dream maith uasal iad lucht ‘caide’ Chiarraí nuair a bhuann siad ach bíonn siad chomh fial, chomh flaithiúil agus chomh huasal céanna nuair a chailleann siad. Tagann go leor chun cuimhne nuair a deirimse é sin. Tomás Ó Sé ag bronnadh na liathróide ar Stephen Cluxton tar éis an chluiche i 2011. Donaghy ag diúltú labhairt faoin méid a thit amach idir é féin agus Philly McMahon anuraidh. An bealach ar ghlac Éamonn Fitzmaurice leis nuair a chaill a fhoireann anuraidh. Pure class, a mhac!

In ainneoin go bhfuil 37 Craobh Uile-Éireann buaite ag Ciarraí bíonn an dream neodrach fós ag iarraidh go mbuafadh siad tuilleadh. Ní tharlódh sé sin le contae ar bith eile. Is maith le daoine na cute hoors agus tá sé deacair gan mheas a bheith orthu!

An Cluiche Féin

Maidir leis an gcluiche féin, is iad Ciarraí rogha na coitiantachta. Ba cheart go mbuafaidís go héasca. Má éiríonn le Gooch fanacht amach as póca Philly an uair seo, agus má éiríonn le Marc Ó Sé agus le hAidan O’Mahony coinneáil suas le luas thosaithe Átha Cliath gan cártaí dubha a fháil, buafaidh siad ar chúig nó ar shé de chúilíní. Tá Ciarraí róláidir agus rómhaith dúinn. Is don seó Laochra, Comóradh Chumann Lúthcheals Gael ar Éirí Amach 1916, a bheidh mé féin agus na Dubs eile ag gabháil go Páirc an Chrócaigh go príomha……

Kerry Me Bollox

Muise, ní fheileann an cute hoorism seo dom!! Na Dubs le dhá chúilín. Ciarraí mo thóin. Na Dubs abú. Bainigí taitneamh as. Hup!!

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s