Éacht Laochra Átha Cliath

Áth Cliath 2-18 Ciarraí 0-13

Páirc an Chrócaigh 24/04/16

GG 1 Laochra

Ólaimis sláinte fhoireann seo Átha Cliath – an fhoireann is fearr a bhí againn riamh. Cinnte, tá Craobh uile-Éireann amháin eile le buachan acu le go n-aontódh na sean-Dubs a chonaic foireann na seachtóidí is na hochtóidí liom, ach feictear dhom nach bhfuil ann ach ceist ama go mbeidh ceann eile againn. Ní bheidh sé éasca ach tá sé de chumas ag an bhfoireann seo ar a laghad ceann amháin eile a bhuachan sna blianta amach romhainn. Beidh leithéidí Maigh Eo, Ciarraí is Tír Eoghain ag luí sa bhféar fada, áfach, agus iad ag súil leis an gceann is fearr a fháil orainn.

Is Dub thar a bheith sásta mé théis an éachta seo atá déanta ag an Dubs. Ceithre shraith buaite againn i ndiaidh a chéile – 12 san iomlán! 22 cluiche i ndiaidh a chéile buaite againn, idir cluichí sraithe is cluichí craoibhe. Cé a cheapfadh é thiar i 2010? Dhéanfadh muid rud ar bith an t-am sin le Sraith Náisiúnta a bhuachan agus, dá bharr sin, caithfidh muid an t-éacht seo a aithint agus a cheiliúradh. Tá ár mbuíochas, ar dtacaíocht agus ár meas tuillte go mór ag foireann iontach seo na Dubs.

Ciarraí

Tháinig taispeántas na Dubs aniar aduaidh ar Chiarraí. Bhí siad i bPáirc an Chrócaigh leis an gcluiche a bhuachan. Beidh díomá orthu go raibh na Dubs chomh fada sin chun tosaigh orthu ag deireadh an chluiche agus beidh orthu dianmhacnamh a dhéanamh ar an gcur chuige a bheidh acu sa samhradh. Ní in aois na hóige atá Marc Ó Sé (36) ná Aidan O’Mahony (36) ag gabháil agus b’fhéidr gur cheart do Éamonn Fitzmaurice seans a thabhairt do chúlaithe óga eile le linn na sraithe. Tá Ó Sé ar dhuine de na cúlaithe is fearr a d’imir le cúig déag bliain anuas ach bhí lá uafásach deacair aige Dé Domhnaigh agus é ag iarraidh Bernard Brogan a choinneáil ciúin. Ábhar imní é seo do Fitzmaurice déarfainn.

Cuireadh O’Mahony den pháirc de bharr gur bhuail sé Jonny Cooper agus chabhraigh sé seo go mór le foireann Jim Gavin an bua a bhaint amach. Tá Ciarraí ag brath ar chinnireacht leithéidí O’Mahony ach lig sé síos iad. Ní raibh ach cúpla cúilín idir na foirne nuair a cuireadh den pháirc é. Ní raibh an cluiche caillte acu ag an bpointe sin, cé go raibh cuma ar na Dubs go raibh siad réidh le brú ar aghaidh.

Beidh díomá ar chúl báire Chiarraí, Brendan Kealy, freisin. Chuir sé roinnt dá chuid ciceanna amach amú agus scaoil sé Flynn isteach don chúl nuair a chuir sé a chic amach ar strae. Caithfidh fios a bheith ag an gcúl báire i gcónaí cá bhfuil a chuid imreoirí. Bíonn drochlaethanta ag chuile pheileadóir, áfach, agus tá mé cinnte go bhfoghlaimeoidh sé uaidh seo.

GG 2 Tactaicí

Beidh ar Chiarraí ról difriúil a aimsiú do Donaghy, freisin. Cinnte is imreoir tábhachtach é do Chiarraí ach tá cúlaithe na Dubs in ann é a láimhseáil, go háirithe nuair a théann sé isteach ar imeall na cearnóige.

Ní féidir Ciarraí a choinneáil síos, áfach. Beidh siad ar ais i gceann cúpla mí agus beidh siad dírithe go hiomlán ar dhíoltas a bhaint amach ar fhir Átha Cliath. Cá bhfios ach go mbeidh an dá fhoireann seo ag tabhairt aghaidhe ar a chéile arís ag deireadh mhí Lúnasa.

An Cluiche Féin

Bhí na Dubs réasúnta compordach sa gcluiche seo ón tús. In ainneoin go raibh na foirne gar go maith dá chéile ar chlár na scór don chéad 56 nóiméad ba iad na Dubs ba chompordaí i ndáiríre. Nuair a cuireadh O’Mahony den pháirc tháinig ardú ar dhíocas na Dubs agus ar luas an chluiche. Tháinig ionadaithe isteach do Áth Cliath a bhí ag iarraidh gabháil i bhfeidhm ar Gavin agus chríochnaigh na Dubs an cluiche go han-láidir.

An Chéad Leath

Bhí Gooch go maith do Chiarraí agus bhí sé soiléir nach raibh sé chun ligean do Philly McMahon la éasca a bheith aige, mar a bhí aige i mí Mheán Fómhair seo caite. Ar an taobh eile, áfach, thug Bernard Brogan am an-deacair do Mharc Ó Sé.

Ní raibh mórán idir na foirne sa gcéad 25 nóiméad, nó mar sin, agus bhí na foirne cothrom ar scór 0-06 go dtí 0-06. Tháinig scóranna na Dubs ó Dean Rock (0-02), Chiarán Kilkenny (0-02) agus ceann an duine ó Jonny Cooper agus ó Bernard Brogan. D’éirigh leis na Dubs an lámh in uachtar a fháil ar an gcéad leath ina dhiaidh sin, áfach. Chuaigh siad isteach dha chúilín chun tosaigh ag leatham ar scór 0-10 go dtí 0-08. D’aimsigh Bernard Brogan (0-02), Brian Fenton (0-01) agus Paul Mannion (0-01) na scóranna eile sin.

An Dara Leath

Chuir na Dubs tús spleodrach leis an dara leath agus taobh istigh de 10 soicind bhí scór eile acu, ó Dhiarmuid Connolly an uair seo. D’aimsigh Rock an chéad scór eile go gairid ina dhiaidh sin agus bhí ceithre scór idir na foirne. Bhí cúpla pas míshlachtmhar ag Áth Cliath ina dhiaidh sin, áfach, agus d’aimsigh Ciarraí roinnt scóranna dá gcuid féin. Tar éis 56 nóiméad ní raibh ach cúilín amháin idir na foirne. Bhí na Dubs chun tosaigh ar scór 0-12 go dtí 0-11.

Tháinig ardú mór ar dhíocas na Dubs ina dhiaidh sin agus nuair a cuireadh O’Mahony den phairc sa 50ú nóiméad bhí sé soiléir go mbeadh an bua ag lucht na príomhchathrach. Ní raibh Ciarraí in ann déileáil le haclaíocht fhoireann Átha Cliath agus leis an bhfear breise. Bhrúigh Áth Cliath ar aghaidh agus nuair a tugadh cic éirice dóibh sa 59ú nóimead ba cheart dóibh a bheith as radharc na gCiarraíoch. Chuir Rock an cic éirice thar an trasnán, áfach, agus bhí ar na Dubs fanacht cúpla nóiméad eile sula raibh siad compordach.

GG 3 Dubs le corn

Rinne Brendan Kealy praiseach dá chic amach sa 65ú nóiméad agus thug pas do Paul Flynn. Ní raibh le déanamh ag Flynn ach an liathróid a chur thairis Kealy agus go cúl na heangaí. Chuir Eric Lowndes, a tháinig isteach do Philly McMahon, snas ar chlár na scór nuair a d’aimsigh sé cúl dá chuid féin in am cúitimh gortaithe. I measc na n-imreoirí eile a d’aimsigh scóranna do na Dubs sa dara leath bhí Kevin McManamon agus Cormac Costello. 11 imreoirí ar fad a scóráil do na Dubs. Beidh Gavin sásta leis sin. An scór deiridh – Áth Cliath 2-18 Ciarraí 0-13.

Laoch na hImeartha

Don dara cluiche i ndiaidh a chéile is do Chiarán Kilkenny atá mé ag tabhairt Laoch na hImeartha díreach mar a rinne TG4. Tá an t-ádh orainn nár fhan sé san Astráil! Ní stopann sé ag obair is ag rith, go háirithe nuair nach bhfuil an liathróid aige. D’aimsigh sé dhá chúilín sa gcéad leath agus chruthaigh sé go leor scóranna eile. Bíonn sé ar fáil le pas a thógáil i gcónaí agus is fíorannamh a bhíonn droch-chluiche aige. Bhí Brian Fenton, James McCarthy, Bernard Brogan, Stephen Cluxton agus Cian O’Sullivan an-mhaith freisin. Tríd is tríd taispeántas maith foirne a bhí ann. Tá na hionadaithe le moladh, freisin. 1-03 a scóráil McManamon, Costello agus Lowndes.

Amach Romhainn

Beidh bearna réasúnta fada ag na Dubs go dtí an chéad chluiche eile ag tús mhí an Mheithimh. Caithfidh na himreoirí roinnt ama lena gcuid clubanna agus tús Chraobh Átha Cliath ar na bacáin. Tiocfaidh siad ar ais ansin agus tosóidh an fhíorchraic. Beidh neart muiníne agus misnigh acu théis bhua seo na sraithe.

Maidir le Craobh na hÉireann i mbliana, tá Maigh Eo i bhfolach sa bhféar fada! Beidh siad láidir arís i mbliana agus beidh Tony McEntee agus Stephen Rochford ag déanamh a seacht ndícheall an meon a athrú i measc an phainéil agus iad a chur ar bhóthar a leasa. Beidh Tír Eoghain láidir i mbliana. Ceapann siad go raibh mí-ádh orthu in aghaidh Chiarraí anuraidh. Beidh Ciarraí ar ais agus ar misean an ceann is fearr a fháil orainne. Beidh sé an-deacair Craobh na hÉireann a bhuachan arís i mbliana ach tá seans againn. Is í seo an fhoireann is fearr a bhí againn riamh.

Beidh daoine áirthe sna meáin diúltach faoi fhoireann iontach seo na Dubs. Beidh siad ag rá gur cheart dhá fhoireann a dhéanamh dínn. Beidh siad ag caint ar Bhaile an Aba, ar airgead, ar Pháirc an Chrócaigh agus ar go leor eile. Ná tugaimis aon aird orthu. Déanaimis ceiliúradh ar an bhfoireann iontach seo mar a dhéantar ar fhoirne iontachta eile. Seo linn na Dubs abú!

4

 

Laochra

Ar ábhar eile, tá Cumann Lúthchleas Gael le moladh go hard na spéire as an seó iontach a chuir siad i láthair an 82,000 a bhí ag na cluichí cennais mar Chomóradh ar Éirí Amach 1916. Cúis mhór bhróid dom a bheith i mo bhall den eagraíocht náisiúnta spóirt is fearr ar domhan.

Áth Cliath: S Cluxton, D Byrne, P McMahon, J Cooper (0-01), J Small, C O’Sullivan, J McCarthy, B Fenton (0-01), D Bastick, P Flynn (1-00), D Rock (0-05), C Kilkenny (0-02), P Mannion (0-01), D Connolly (0-01), B Brogan (0-04)

Ionadaithe: MD Macauley do D Bastick, K McManamon (0-02) do D Connolly, C Costello (0-01) do D Rock, M Fitzsimons do P McMahon, E Lowndes (1-00) do P Mannion, D Daly do J Small

Advertisements

One thought on “Éacht Laochra Átha Cliath

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s