‘Ní Leis na Dubs an tIonad Náisiúnta i mBaile an Aba’ a deir Jim Gavin

Tá míshástacht léirithe ag daoine áirithe sna meáin le roinnt míonna anuas maidir leis an úsáid atá á baint ag foirne Átha Cliath as na háiseanna náisiúnta spóirt i mBaile an Aba. Táthar á mhaíomh go bhfuil Cumann Lúthchleas Gael claonta i dtreo na Dubs agus gur buntáiste breise é seo do fhoirne na hardchathrach ar na contaetha eile.

Baile an Aba

Seans maith gurb ea ach ní ar na Dubs atá an locht. Mar a luaigh Jim Gavin in agallamh a rinne sé roimh chluiche ceannais peile na sraithe le gairid, ní leis na Dubs é. Thug sé le fios go raibh sé de aidhm ag Bord Contae Átha Cliath ionad dá gcuid féin a lorg agus a cheannach agus go raibh sé sin soiléir ón gcaoi ar thit an tóin as iarrachtaí an Bhoird Contae suíomh a cheannach ó NAMA ag an Spawell, le gairid. Dúirt Gavin go raibh siad buíoch go raibh cead acu an t-ionad a úsáid ach go raibh an cead céanna ag gach contae agus ag gach club eile sa tír é a úsáid, freisin.

Cúis mhór sásaimh dhom is ea an chaoi ár láimhseáil Gavin an cheist seo. Ní ar na Dubs an locht gur tógadh an t-ionad seo i mBaile Átha Cliath, ar an gcaoi chéana nach ar Mhaigh Eo an locht gur tógadh Ionad Barr Feabhais (Centre of Excellence) CLG Chonnacht i gcontae Maigh Eo. Caitear na hionaid seo a thógail in áit éicint agus le córas na mbóithre mar atá in Éirinn, cén fáth nach dtógfaí a leithéid i mBaile Átha Cliath? B’fhéidir gur cheart do gach Bord Cúige a leithéid a thógáil leis na contaetha is faide ó Bhaile Átha Cliath a shásamh.

Tá go leor de lucht na meán ag tuairisciú go diúltach faoi fhoireann peile na Dubs le gairid agus sampla eile is ea an t-ábhar seo den tuairisciú diúltach sin. Airíonn iriseoirí áirithe gur gá teacht ar leithscéalta agus ar chúiseanna le ré órga seo na Dubs a thuiscint. Tá na Dubs ag buachan rudaí faoi láthair de bharr gur foireann iontach iad a bhfuil scil, stíl, meon maith oibre agus díocas ag croílár na foirne. Bun agus barr an scéil!

Faraor géar, ní mhairfidh na laethanta maithe seo go deo. Tiocfaidh foirne eile agus imeoidh siad arís ach ní bheidh na meáin diúltach faoi na foirne eile sin, de réir mar a thagann siad. Ba cheart do chuid de na hiriseoirí seo taitneamh a bhaint as an bhfoireann seo agus iad a cheiliúradh. Ní gá gur drochrud é go bhfuil ag éirí go maith le peileadóirí Átha Cliath.

Na Dubs abú!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s