20 Ceist ar Mick O’Keeffe

20 Ceist ar Mick O’Keeffe

Fear mór spóirt is ea Mick O’Keeffe. Chaith sé seal ag imirt le foirne sacair faoi aois na hÉireann agus le UCD agus Shamrock Rovers níos faide anonn. Nuair a dhírigh sé a aird, ina dhiaidh sin, ar chúrsaí peile d’éirigh leis áit a bhaint amach ar fhoireann shinsearach Átha Cliath. D’imir sé leis na Dubs idir 1998 agus 2002. Bhuaigh sé Craobh Átha Cliath trí huaire agus Craobh Laighean uair amháin lena chlub, Crócaigh Chill Mochuda.

Micko

Tá sé anois ina Phríomhfheidhmeannach ar an gcomhlacht caidrimh poiblí, PSG Communications, a chuir sé ar bun lena athair céile le gairid.

okmick

Is í an chuimhne is mó atá agam ar Mick ná é ag imirt le Crócaigh Chill Mochuda ar an líne lántosach in éineacht le Robbie Brennan agus le Ray Cosgrove. Bhíodh sé féin agus Ray ag cur cúlaithe foirne eile craiceálite agus iad ag athrú ó choirnéal go coirnéal go minic le linn cluiche.

 Ní bheadh mórán de chuimhne ag Mick air seo ach bhí sé de phribhléid agam imirt ar fhoirne éagsúla leis le Coláiste Chluain Caoin fadó fadó. Bhí an-díomá orm nach ndearna sé tagairt ar bith díom faoin mír ‘imreoir is fearr a d’imir leis’!!

  1. Club:

Crócaigh Chill Mochuda agus Ráth Eanaigh

  1. An mbíonn tú ag cóitseáil anois?

Ní bhíonn, ach bhí go dtí tús na bliana seo. D’éirigh mé as le díriú ar chúrsaí teaghlaigh is ar chúrsaí gnó. Airím uaim go mór í agus tá sé i gceist agam filleadh ar an gcóitseáil go gairid. Tá sé an-tábhachtach rud éicint a thabhairt ar ais don chluiche agus don chéad ghlúin eile.

  1. Club nó contae?

Ba é an club ba thábhachtaí dhomsa riamh anall ach is é an t-ardán is mó atá ar fáil do imreoir ar bith ná a bheith ag imirt ag leibhéal idirchontae.

  1. Cuimhne CLG is mó agus tú i do pháiste?

Is cuimhin liom an chéad chluiche iomaíoch a d’imir mé. D’imir mé le foireann f10 Scoil Bhríde, Áth Garbháin, is gan mé ach 5 bliana d’aois. Chaith mé an chuid is mó den chluiche ag croitheadh mo láimhe le mo mháthair. Thaithin sé an oiread sin liom a bheith ag imirt peile gur cuimhní iontacha iad na cuimhní uilig atá agam.

  1. An cluiche is fearr a d’imir tú?

Bhí nós agam imirt go maith sa gcéad chluiche a d’imir mé le foireann. D’aimsigh mé cúl i mo chéad chluiche le foireann f15 sacair na hÉireann ach is dócha gurbh é an cluiche ba thábhachtaí a d’imir mé ná cluiche ceannais Chraobh Átha Cliath nuair a d’imir mé le Crócaigh Chill Mochuda in aghaidh na Fianna. Ba é an chéad chluiche ceannais contae a d’imir mé.

  1. An cluiche is fearr ina raibh tú pairteach?

Bhí an t-ádh orm imirt ar fhoireann iontach de chuid UCD a chaill cluiche ceannais Chraobh Sigerson in aghaidh Choláiste na Ríona sa mbliain 2000. Briseadh croí a bhí ann. Bhí tionchar mór ag cúrsaí aimsire ar an gcluiche ach cluiche corraitheach a bhí ann mar sin féin. Bhí sé iontach a bheith páirteach i gcluiche den tsórt sin – in ainneoin an scór deiridh.

  1. An t-imreoir is fearr a chonaic tú ag imirt riamh?

Chonaic mé Peter Canavan ag imirt le Tír Eoghain cúpla uair agus bhí sé thar cionn. Bhí Barney Rock ina laoch agam agus mé ag fás aníos chomh maith le Larry Tompkins, nuair a d’imir sé le Cill Dara.

  1. An t-imreoir is fearr a mharcáil tú riamh?

Bhí se de mhí-ádh ‘pléisiúrtha’ agam Mike McCarthy ó Chiarraí a bheith do mo mharcáil. Thabharfadh sé drocham ceart dóibh siúd a d’imir ina aghaidh. Imreoir den chéad scoth a bhí i Cathal Daly ó Uibh Fhailí, freisin. Ó thaobh Bhaile Átha Cliath de, lánchúlaithe maithe coirnéil, a bhíodh i gcónaí greamaithe díot, a bhí i Graham Norton agus i Martin Cahill ó Chumann Naomh Bríd. Nach orthu atá an mí-ádh na hainmneacha sin a bheith acu!! Bhí sé i gcónaí deacair nuair a mharcáil lánchúlaí coirnéil, nach raibh puinn suime aige peil a imirt, thú!

  1. An t-imreoir is fearr a d’imir leat riamh?

Faoi aois, bhí Ian Robertson ó Bhaile Munna thar cionn ach bhí mí-ádh aisteach air ó thaobh gortuithe de. Le Crócaigh Chill Mochuda bhí an-tallann ag Peter Ward, Robbie Leahy agus, ar lá maith, Ray Cosgrove chomh maith le Pat Burke Snr. Le UCD, sárpheileadóirí a bhí i Derek Savage agus i Declan Meehan i measc daoine eile.

  1. An bainisteoir peile is fearr le 30 bliain anuas?

Tá ardmholadh ag gabháil do Pat Gilroy agus do Jim Gavin as an méid atá bainte amach acu le foireann Átha Cliath ach chaithfeá á rá gurb é Brian Cody an bainisteoir CLG is fearr a bhí ann riamh.

Ar bhonn pearsanta chuaigh Dave Billings agus Robbie Kelleher go mór i bhfeidhm orm féin.

  1. Buaicphointe pearsanta peile i do shaol go dtí seo:.

Is é an rud is mó atá bainte amach agam ná go bhfuil mé fós ag imirt ag 39! Ba mhór an onóir dom imirt le foireann sacair na hÉireann agus le foireann shinsearach Átha Cliath ach ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an lá a bhuaigh mé Craobh Peile Átha Cliath den chéad uair le Cill Mochuda.

  1. An bhagairt is mó do Áth Cliath i mbliana?

Iad féin. Tá an baol ann i gcónaí go mbeirfear ar Áth Cliath sna cluichí leathcheannais mara dtugtar dúshlán ceart dóibh roimhe sin. Beidh Maigh Eo agus Tír Eoghain an-dainséarach ach tá na himreoirí ag Ciarraí agus má bhíonn na teaicticí i gceart acu ní bheidh siad i bhfad uainn.

  1. Cé a bhrisfidh isteach ar an gcéad 15 i mbliana, mar a rinne Brian Fenton anuraidh?

Níor tháinig éachtaí Fenton aniar aduaidh ormsa mar bhí mé i mo bhainisteoir aige le Ráth Eanaigh agus chonaic mé é ag forbairt faoi bhainistíocht Dave Billings i UCD. Cloisim go bhfuil seans an-mhaith ag Dave Byrne ó Naomh Olaf ach tar éis dom go leor de Paul Mannion a fheiceáil mar roghnóir le Cill Mochuda feictear dhom go bhfuil rudaí móra i ndán dó.

  1. An spórt is fearr leat taobh amuigh de CLG?

Is maith liom gach cineál spóirt agus bhreathnóinn ar rud ar bith – rugbaí, sacar, galf, rud ar bith.

  1. Craobh Peile Átha Cliath i mbliana?

Níor cheap aoinne go mbuafadh Baile Buadáin anuraidh í. Tá sé ródheacair a leithéid a thuar leis an gcaoi a bhfuil Craobh Átha Cliath. Foireann ar bith idir na Crócaigh, Baile Buadáin, Naomh Uinsionn nó Baile Munna ach d’fhéadfadh leithéidí Caisleán Cnucha nó Na Fianna go fiú, teacht aniar aduaidh orainn. Beidh go leor ag brath ar an gcaoi a meascfaidh na clubanna imreoirí Átha Cliath ar ais ina gcuid foirne.

  1. Craobh Iománaíochta Átha Cliath i mbliana?

Cuala.

  1. Brolly, Ó Sé, Spillane nó O’Rourke agus cén fath?

Is breá liom Pat Spillane, agus in ainneoin go bhfuil Colm O’Rourke claonta in aghaidh Átha Cliath, bainim taitneamh as a chuid tráchtaireachta..

  1. An tSraith Náisiúnta nó Craobh Laighean?

An tSraith Náisiúnta

  1. An t-imreoir is fearr, nach Dub é, nár bhuaigh Craobh uile-Éireann?

Imreoir den chéad scoth a bhí i Tom Brewster ó Fhear Manach agus tá go leor ann ó Maigh Eo, freisin. I measc imreoirí an lae inniu tá Conor McManus thar cionn, chomh maith le Kevin Cassidy ó Dhún na nGall.

  1. An Dub is fearr nár bhuaigh Craobh uile-Éireann?

Déarfadh an formhór Ciaran Whelan ach chuirfinnse féin Paddy Christie san áireamh ansin, freisin. Ag gabháil siar na blianta bhí seanathair mo mhná céile, Denis Mahony, ina chaptaen ar na Dubs i ’55 ach chaill seisean amach ar bhua na Dubs dhá bhliain níos deireanaí i 57.

 

*Aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge ar fhreagraí Mick O’Keeffe atá sa méid thuas

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s