Áth Cliath v Loch Garman

Áth Cliath v Loch Garman

Páirc an Chrócaigh, 21/05/16, 7.15pm

Cuireann na Dubs tús le Craobhchomórtas Iománaíochta Chúige Laighean amárach in aghaidh Loch Garman i bPáirc an Chrócaigh ag 7.15pm. Cluiche é seo ar cheart do na Dubs a bhuachan, ach go háirithe má tá sé i gceist acu a bheith iomaíoch i mbliana, cé go bhféadfadh na Carmanaigh go leor fadhbanna a chruthú dóibh.

Iomáint

In ainneoin go mbeidh na Dubs ag imirt i Roinn 1a den tSraith Náisiúnta arís an bhliain seo chugainn ní thabharfadh móran seans dóibh sa gCraobh i mbliana. Ní bheadh na boic mhóra róimníoch fúthu ar aon nós. ‘Thuas seal, thíos seal’, an bealach is fearr le cur síos orthu go dtí seo agus d’admhaigh Ger Cunningham an méid sin, a bheag nó a mhór, le gairid. Mar sin féin, caithfidh muid bheith dearfach. Tá painéal maith ag Cunningham a d’fhéadfadh foireann ar bith a bhualadh ar lá maith.

I measc na n-imreoirí atá gortaithe agus a chaillfidh an cluiche amárach tá Paul Schutte, Colm Cronin, Peter Kelly agus Cian Boland. Ní fada go mbeidh siad ar ais, áfach.

An Fhoireann

Conor Dooley                    Baile Buadáin

Eoghan O’Donnell           Whitehall Colmcille

Cian O’Callaghan              Cuala

Oisín Gough                        Cuala

Shane Barrett                      Na Fianna

Liam Rushe                          St. Pats Palmerstown

Chris Crummey                   Sáirséalaigh Leamhcáin

Darragh O’Connell             Cuala

Johnny McCaffrey               Sáirséalaigh Leamhcáin

Daire Plunkett                      Naomh Bríd

Niall McMorrow                   Baile Buadáin

David Treacy                          Cuala

David O’Callaghan               Baile Buadáin

Eamonn Dillon                      Naomh Fionnbarra

Mark Schutte                         Cuala

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s