Tús Éasca ag na Dubs

Áth Cliath 2-19 Loch Garman 0-12

Páirc an Chrócaigh, 21.05.16

Bua éasca a bhí anseo do Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh os comhair 13,066 daoine sa mbáisteach tráthnóna Dé Sathairn. Thug siad faoin dúshlán seo go proifisiúnta agus rinne siad chuile rud a d’fhéadfaidís a dhéanamh chun an bua a chinntiú. Beidh Cunningham sásta leis an taispeántas agus leis an gcaoi ar imir siad sa drochaimsir. Cúis áthais dhó, freisin, gur scóráil 11 imreoir dhifriúla sa gcluiche. Tús maith leis an gCraobh.

Liam Rushe

Is beag an dúshlán a thug Loch Garman dóibh, áfach, agus níl aon amhras ann ach go mbeidh cluichí i bhfad Éireann níos deacra rompu de réir mar a théann an Chraobh ar aghaidh. Tuigeann Cunningham agus a fhoireann sin go maith.

Beidh díomá ar Liam Dunne nár thug siad dúshlan ceart do na Dubs. Tar éis a gcuid éachtaí in aghaidh an Chláir i 2014, ceapadh go forleathan go raibh na Carmanaigh ar an mbóthar ceart arís. Tá an chuma ar an scéal, áfach, gur ar gcúl atá siad ag gabháil ó shin.

Má tá Loch Garman ag iarraidh a bheith iomaíoch teastaíonn na himreoirí is fearr atá acu amuigh ar an bPáirc – agus Jack Guiney san áireamh. Bhí mí-ádh orthu nach raibh Lee Chin ar fáil don phainéal tar éis gur gortaíodh é i gcluiche dúshlánach in aghaidh Chorcaí an tseachtain seo caite.

An Chéad Leath

Thosaigh na foirne go láidir agus bhí siad gob ar ghob don chéad 15 nóiméad agus fir Loch Garman chun tosaigh ar scór 0-05 go dtí 0-04. D’aimsigh Eamonn Dillon cúl do na Dubs díreach ina dhiaidh sin a d’athraigh an cluiche, áfach. Idir an 16ú nóiméad agus an 26ú nóiméad d’aimsigh na Dubs 1-04 gan aon fhreagra ó na Carmanaigh agus nuair a d’aimsigh Darragh O’Connell an dara cúl do na Dubs, dhá nóiméad roimh an mbriseadh, bhí an cath caillte ag Loch Garman.

I measc na scórálaithe eile do Áth Cliath sa gcéad leath bhí Treacy le 0-05, McMorrow le 0-02 chomh maith le Schutte, Plunkett agus O’Callaghan le 0-01 an duine. D’aimsigh McDonald (0-4), McGovern (0-03) agus Kehoe na scóranna do Loch Garman. Scór leathama – Áth Cliath 2-10 Loch Garman 0-08.

An Dara Leath

Tháinig Loch Garman amach sa dara leath agus an chuma orthu go raibh siad chun an saol a dhéanamh deacair do na Dubs. Tar éis 50 nóiméad bhí an bhearna laghdaithe acu go dtí 6 chúilín a bhuíochas do scóranna ó McDonald (0-02), McGovern (0-01) agus ó Moore (0-01).

Tháinig deireadh leis an tréimhse maith sin do na Carmannaigh ina dhiaidh sin, áfach, agus níor éirigh leo aon scór eile a fháil uaidh sin amach. I measc na scóralaithe do na Dubs sa dara leath leath bhí Treacy agus McMorrow le péire agus ceann amháin ó McCaffrey, Plunkett, Bennett, O’Callaghan agus ó Ryan. An scór deiridh – Áth Cliath 2-19 Loch Garman 0-12.

Laoch na hImeartha

Niall McMorrow

Bhí David Treacy an-chruinn leis na saorphocanna. Bhí Rushe agus O’Donnell go maith sna cúlaithe ach bhí Niall McMorrow lárnach i go leor de scóranna na Dubs agus d’éirigh leis ceithre cinn a aimsiú ón imirt é féin. Dá bharr sin, is ag McMorrow atá laoch na himeartha don chluiche seo. Ainmníodh ceathrar de mhuintir Átha Cliath ar fhoireann na seachtaine de chuid Chumann Lúthchleas Gael – Niall McMorrow, Liam Rushe, Eoghan O’Donnell agus Johnny McCaffrey.

Na Cait

Tabharfaidh na Dubs aghaidh ar na cait i gcluiche leathcheannais Chúige Laighean anois i bPáirc Uí Mhórdha, Port Laoise, ar 11 Meitheamh. Foghlaimeoidh muid go leor faoi na Dubs sa gcluiche seo. D’fhéadfadh tionchar an-mhór a bheith ag an taispeántas a thabharfaidh siad ar an gcuid eile den bhliain.

An mbeidh siad sách maith gabháil chun catha le curaidh na hÉireann?An mbeidh díocas le feiceáil iontu? An luífidh siad siar má éiríonn le Cill Chainnigh gabháil trí nó ceithre scór chun tosaigh? Beidh le feiceáil.

Níl aoinne ag tabhairt seans dúinn i mbliana agus ní haon dochar é sin. Is é an taispeántas an rud is tábhachtaí sa gcluiche seo in aghaidh na gCat. Níor cheart go mbeadh na Dubs ag díriú ar rud ar bith eile anois seachas foireann Brian Cody. Thaispeáin an Clár dúinn sa tSraith le gairid gur féidir an ceann is fearr a fháil orthu má théann gach rud i gceart ar an lá.

RyanO'Dwyer

Na Dubs abú!

Áth Cliath: C Dooley, E O’Donnell, C O’Callaghan, O Gough, S Barrett, L Rushe, C Crummey, D O’Connell (1-00), J McCaffrey (0-01), D Plunkett (0-01), N McMorrow (0-04), D Treacy (0-08), M Schutte (0-01), D O’Callaghan (0-01), E Dillon (1-00)

Ionadaithe: R O’Dwyer (0-01) do D O’Connell, C Bennett (0-01) do M Schutte, P Schutte do J McCaffrey, O O’Rourke do D O’Callaghan, P Ryan (0-01) do E Dillon

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s