‘Scumbags’ Abú!

Níor cheart do Thomás Ó Sé ‘scumbags’ a thabhairt ar imreoirí de chuid Bhaile Átha Cliath – bun agus barr an scéil. Tuigeann sé féin é sin.

Noel O'Leary

Bhí sé soiléir do dhuine ar bith a chuala an t-agallamh iomlán a rinne Ó Sé, áfach, nach raibh sé i gceist aige aoinne a mhaslú ach a mhalairt. Dúirt sé go mbíonn imreoirí den chineál seo ag teastáil ó gach foireann atá ag iarraidh rudaí a bhuachan. Bhí go leor Dubs ar buille faoin méid a dúirt sé ach bhí sé soiléir nach ‘scumbags’ a bhí i gceist aige. Feictear dhom féin gurbh fhearr do Thomás focal ar nós ‘gaiscígh’ a úsáid in áit ‘scumbags’!

Imreoirí a sheasann suas agus a sheasann amach in am an ghátair. Imreoirí nach mbíonn sásta géilleadh do rud ar bith riamh agus a bhíonn i gcónaí ag iarraidh buntáiste a fháil ar a chéile comhraic. Imreoirí den chineál seo a bhí i gceist ag Ó Sé nuair a d’úsáid sé an focal ‘scumbag’. Maith go leor, trasnaíonn imreoirí den chineál seo an líne ó am go chéile, ach, is ar mhaithe leis an mbua a fháil a thrasnaítear an líne sin.

noel5

Imreoirí cosúil le Tomás féin nuair a bhíodh sé ag imirt. Ryan McMenamin, Kieran Donaghy, Francie Bellew agus Noel O’Leary. Imreoirí iontacha iad seo uilig a bhí in ann imirt an bealach éasca nuair a d’fhéadfaidís agus an bealach crua nuair ba ghá dhóibh. Bíonn seans níos fearr agat i gcónaí nuair a théann imeoirí, nó ‘saighdeoirí’, den chineál seo chun páirce leat. Imreoirí le croíthe móra nach bhfuil sásta cailleadh. Gaiscígh iad uilig – ní scumbags!

mcmenamin

Seo imreoirí a thugann gach rud a bhfuil acu le tabhairt ar an bpáirc peile agus a fhágann ann é. Ceistíodh Kieran Donaghy agus Philly McMahon in agallaimh éagsúla maidir le heachtraí a tharla le linn chluiche ceannais na hÉireann anuraidh, ach dhiúltaigh an bheirt acu labhairt faoi na heachtraí sin. Rud ar bith a tharlaíonn ar an bpáirc imeartha fanann sé ann. B’in an dearcadh a bhí acu. Tá uaisleacht ag baint lena leithéid sin – cé nach gcosnóinn imirt fhealltach riamh.

Tugaimis maithiúnas do Thomás ar a chuid peacaí ach ná tugaimis aon aird ar na rudaí eile a dúirt sé san agallamh céanna a rinne sé ar RTÉ. Cheapfá ón mbealach a bhí sé ag caint gur cheart Corn Sam Maguire a thabhairt do na Dubs anois agus an Chraobh a chur ar ceal. Cute hoor Chiarraí!!

Na Dubs abú!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s