An Lá a Croitheadh Páirc an Chrócaigh

Áth Cliath 1-12 Ciarraí 1-11

Cluiche Ceannais Peile na hÉireann, Páirc an Chrócaigh, 18 Meán Fómhair, 2011

Croitheadh 1

63 nóiméad is 25 soicind imithe ar an gclog agus seilbh na liathróide ag na Ciarraígh. Bhí siad compordach ag tabhairt pasanna beaga láimhe da chéile. 1-10 go dtí 0.09 chun tosaigh agus smacht iomlán acu ar an gcluiche agus gan ach 7 nóiméad, nó mar sin, fágtha. Ní fhéadfaidís é a chailleadh anois, an bhféadfadh?

Ansin, sa gcéad ghluaiseacht eile chuir na Ciarraígh ceann de na pasanna láimhe ar strae agus d’éirigh le Cian O’Sullivan a lámh a fháil ar an liathróid. Tarraingíodh anuas é agus bhí saorchic buaite aige i lár na páirce. Céard a d’fhéadfadh na Dubs a dhéanamh leis an saorchic?

Bhreathnaigh O’Sullivan suas agus chonaic sé Alan Brogan ar an 45. Isteach leis an liathróid chuig Brogan go sciobthaí, chas sé agus chonaic Kevin McManamon a bhí ar an 21 ar thaobh na láimhe deise ón gcúl agus an liathróid uaidh go géar. Isteach leis an liathróid chuige. Chas sé i dtreo an chúil agus ghearr sé isteach ar an spás ar thaobh na láimhe clé de Declan O’Sullivan. Tá go leor ann a déarfadh gur cheart do O’Sullivan é a tharraingt anuas ag an bpointe sin, ach níor tharraing. Síos le cloigeann McManamon agus bháigh an liathróid ar chlé de Brendan Kealy go cúl na heagaí. A Mhaighdean Bheannaithe! Bhí na Dubs ar ais sa gcluiche.

GG 10 An Bhoth

Thabharfainn an leabhar gur bhog Páirc an Chrócaigh. Bhí muid ar ais sa gcluiche agus meascán de sceitmíní agus teannas ar a raibh i láthair. Bhí seans againn, anois, an beart a dhéanamh.

Cúlra

Saolaíodh mise i mí Feabhra 1977. In ainneoin go raibh mé ar an saol nuair a bhuaigh na Dubs Craobh na hÉireann níos deireanaí an bhliain sin agus arís, in 1983, ní raibh cuimhne cheart agam ach ar bhua 1995. Bhí na mílte eile Dubs i láthair i bPáirc an Chrócaigh don chluiche i 2011 ar aon ghabháil liom. Bhí na blianta caite agam ag leanacht na Dubs agus gan ach Craobh na hÉireann i 1995 mar ócáid cheart cheiliúrtha agam. Blianta de bhriseadh croí agus de fhrustrachas!

Tar éis 63 nóiméad cheap mé go raibh port na Dubs casta agus dúirt mé sin le mo dheartháir a bhí ina shuí taobh liom díreach sular aimsigh McManamon a chúl stairiúil. D’athraigh an cúl sin chuile rud. Bhí muid ar ais sa gcluiche agus dóchas againn in athuair. Bhí muid dúisithe agus bhí lucht leanta na Dubs i bPáirc an Chrócaigh imithe craiceáilte!

Croitheadh 2

Chroith Páirc an Chrócaigh arís go gairid théis do McManamon a chúl a scóráil. Bhí fuadar faoi na Dubs anois agus, nóiméad ina dhiaidh, d’aimsigh Kevin Nolan an chéad scór eile leis na foirne a chur cothrom. Ba é seo an chéad chúl a d’imsigh Nolan riamh sa gcraobh agus beidh caint ar an scór gleoite sin go deo. Bhí sé 40 méadar amach ar thaobh na láimhe clé agus thóg se an scór leis an taobh istigh dá chos dheas. Álainn. An-scór mar chéad scór! Chroith Páirc an Chrócaigh arís. Chreid mé don chéad uair le blianta fada go raibh muid sách maith le Sam a thógáil ar ais. Bhí Ciarraí i bponc ceart agus an lámh in uachtar againne.

64ú-70ú nóiméad

D’aimsigh Bernard Brogan an chéad scór eile sa 69ú nóiméad ach teannas a bhí le haireachtáil an uair seo. Bhí lucht an Chnoic éirithe neirbhíseach. D’athraigh a n-aird go clár na scór. Bhí muid cúilín amháin chun tosaigh agus bhí muid ag druidim i dtreo an nóiméid dheireanaigh de ghnátham imeartha. Séid do fheadóg, a réiteoir!

Bhí seans ag Michael Darragh MacAuley ó chic amach Chiarraí ach chuir se ar fóraoil é. Ansin, chuaigh Ciarraí suas an taobh eile agus d’aimsigh Kieran Donaghy scór álainn sa nóiméad deireanach a d’fhág go raibh na foirne cothrom in am cúitimh gortaithe. Cén bealach a ghabhfadh sé? Comhscór? Bua do Chiarraí nó bua do na Dubs? An raibh an seans caillte againn? An raibh muid chun díoltas a bhaint amach ar na Ciarraígh as an scrios a bhí déanta acu orainn le cúig nó sé dho bhlianta díreach roimhe sin?

Am Cúitimh Gortaithe

Fógraíodh go mbeadh dhá nóiméad de am cúitimh gortaithe ann. Bhronn an réiteoir saorchic ar na Dubs théis an chic amach. Tharraing Donaghy síos Ger Brennan ach chaill Ger smacht air féin agus shínigh sé amach a lámh le Donaghy a leagan. Thit Donaghy mar a bheadh leoraí tar éis é a bhualadh agus chaill na Dubs an saorchic. Bhí an liathróid le caitheamh suas. Isteach le hÉamonn Fennell agus Donaghy agus d’éirigh leis na Dubs an liathróid a fháil ar ais. Suas leis an liathróid dho Connolly a choinnigh í ar feadh seal go bhfaca sé McManamon ag déanamh ar líne 45 méadar Chiarraí. Calaois! Tarraingíodh síos McManamon. Bhí seans againn an cluiche a bhuachan – seans againn Sam a bhuachan!

Croitheadh 3 agus 4

Ghlaoigh Bernard Brogan anuas ar Cluxton leis an gcic a thógáil. Rinne sé a bhealach suas go dtí an liathróid go mall tomhaiste. Bhí an teannas thimpeall ar Pháirc an Chrócaigh le haireachtáil. Chuir sé síos an liathróid go deas cúramach leis an seans is fearr a thabhairt dó an saorchic a chur thar an trasnán. Bhí Donaghy seasta os a chomhair amach, 14 slat ón liathróid is a lámha in airde aige. Bhreathnaigh sé idir an dá chuaille agus…a mhac go deo! Bhí muid chun tosaigh. Croitheadh eile – agus croitheadh mór millteach an uair seo. Chuaigh na Dubs fiáin. Bhí sé againn.

Cluxton-2011

Bhí muid sa tríú nóiméad de am cúitimh gortaithe anois. Séid an fheadóg, a réiteoir. Séid an diabhal feadóg in ainm Dé. 10 soicind ina dhiaidh sin bhí pléascadh mór millteach i bPáirc an Chrócaigh nár airigh mé riamh roimhe sin. Chroith Páirc an Chrócaigh. Scaoileadh mór faoisimh, frustrachais is áthais. Barróg do mo dheartháir, barróg do na Dubs a bhí taobh liom, taobh thiar díom is os mo chomhair amach. Rinne muid é. Tar éis an bhriseadh croí uilig ba linne an lá. Bhí Sam ag fanacht sa bpríomhchathair agus bhí an Cnoc ag bogadh trasna uainn!

Rinne muid é agus rinne muid an bealach deacair é in aghaidh Chiarraí sa gcluiche ceannais. Beidh cuimhne agam ar an lá sin go sínfear i gcré na cille mé. Pat Gilroy thíos ar a dhá ghlúin ag deireadh an chluiche, na bratacha gorma ar an gCnoc, an deatach gorm ar an gCnoc, fir mhóra ag caoineadh, na Brogans ag ceiliúradh le Pillar Caffrey a bhí ag obair amuigh ar an bpáirc is le Dave Billings, Tomás Ó Sé ag bronnadh na liathróide ar Cluxton, Cúl Kevin Mc, cúilín Kevin Nolan, an diabhailín ar éirigh leis gabháil amach ar an bpáirc ag an deireadh agus go leor leor eile.

Pillar

Más Dub thú is fiú gabhail siar ar an deich nóiméad iontacha sin. Tá sé ar fáil ar youtube anseo: https://www.youtube.com/watch?v=FtnJPTENOKk

Na Dubs abú!

Advertisements

3 thoughts on “An Lá a Croitheadh Páirc an Chrócaigh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s