Laois v Áth Cliath

Páirc Uí Nualláin, 4 Meitheamh, 2016

Beidh tús á chur ag foireann Jim Gavin le Craobh Laighean agus leis an dúshlán atá amach rompu Craobh na hÉireann a bhuachan don dara bliain i ndiaidh a chéile tráthnóna amárach, 4 Meitheamh, i bPáirc Uí Nualláin, Cill Chainnigh. Dúshlán mór millteach, dar ndóigh, ach dúshlán a d’fhéadfaidís a bhaint amach. Is é an chéad uair do na Dubs imirt as baile ó thug siad aghaidh ar an Longfort i 2006 agus beidh siad ag súil go mór leis an turas go Cill Chainnigh.

cropped-1378554_10151717221964226_63471856_n3.jpg

Beidh na Dubs réitithe go maith don chluiche seo. De réir tuairiscí áirithe, tá seachtain caite acu le chéile i nDún Beag, contae an Chláir, agus d’imir siad cluiche i bPáirc Uí Nualláin i rith na seachtaine ar a seacht a chlog. Is ar a seacht a bheidh an cluiche Dé Sathairn.

Tá Paddy Andrews gortaithe agus tosóidh Kevin McManamon ina áit. Sin má thosaíonn an 15 atá ainmnithe ag Gavin, dar ndóigh. Tá Michael Darragh MacAuley istigh in áit Denis Bastick, freisin.

Beidh Mick Lillis, bainisteoir Laoise, ag súil le taispeántas níos fearr óna fhoireann ná mar a thug siad in aghaidh Chill Mhantáin sa mbabhta deiridh. Murach an 1-06 a scóráil Donie Kingston ar an lá d’fhéadfadh Laois a bheith i bponc.

Ba cheart go mbuafadh na Dubs go compordach ach beidh orthu a bheith dírithe i gceart ar an gcluiche. Buafaidh siad ar níos mó ná deich gcúilín agus beidh neart scóranna ó na hionadaithe. Beidh siad ag iarraidh gabháil i bhfeidhm ar an bhfoireann bainistíochta.

An Fhoireann

Stephen Cluxton                               CLG Parnell

Philly McMahon                                Baille Munna

Jonny Cooper                                      Na Fianna

David Byrne                                        Naomh Olaf

James McCarthy                                Baile Munna

Cian O’Sullivan                                 Crócaigh Chill Mochuda

John Small                                          Baile Munna

Brian Fenton                                      Rath Eanaigh

Michael Darragh Macauley            Baile Buadáin Naomh Éanna

Paul Flynn                                           Fine Ghalainn

Dean Rock                                           Baile Munna

Ciarán Kilkenny                                Caisleán Cnucha

Kevin McManamon                         Naomh Jude

Diarmuid Connolly                          Naomh Uinsionn

Bernard Brogan                                Naomh Oilibhéir Pluincéid Eoghan Ruadh

Advertisements

2 thoughts on “Laois v Áth Cliath

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s